Rochtain ar airgead i ndiaidh an bháis

Réamhrá

Nuair a fhaigheann duine bás, aistrítear a mhaoin chuig a ionadaí pearsanta. De ghnáth is duine dá dhaoine muinteartha é seo. Dáileann an t-ionadaí pearsanta ansin sócmhainní an duine nach maireann (airgead, sealúchais agus maoin) de réir an dlí, an uacht - má tá ceann ann - nó na dlíthe díthiomnachta mura bhfuil uacht ann. Cuirtear síos ar na sócmhainní seo mar eastát an duine nach maireann.

D’fhéadfadh go mbeadh rochtain ag teastáil uait ar chuid d’airgead an duine nach maireann chun íoc as costais na sochraide. Bíonn socruithe i bhfeidhm ag go leor banc chun cabhrú le híoc as costais sochraide ó chuntas an duine nach maireann (ba cheart duit teagmháil a dhéanamh leis an mbanc chun teacht ar níos mó eolais).

D’fhéadfadh go mbeadh ort freisin rochtain a fháil ar an airgead chun costais mhaireachtála a íoc, go dtí go mbronnfar íocaíocht leasa shóisialaigh ar a laghad. Tá roinnt íocaíochtaí ar fáil ón Roinn Coimirce Sóisialaí (RCS) chun cabhrú le teaghlaigh le linn na tréimhse deacra seo.

Airgead i gcuntais bhainc

Má bhíonn airgead coinnithe in ainm an duine nach maireann amháin, ní féidir le baill den teaglach rochtain a fháil go dtí go ndeonaítear probháid don ionadaí pearsanta. Nuair a bhíonn méid beag airgid i gceist, is féidir leis an mbanc an t-airgead seo a scaoileadh chuig an ionadaí pearsanta nó chuig an neasghaol.

Cuntais bhainc i gcomhainmneacha

Má tá an cuntas bainc i gcomhainmneacha do dhuine muinteartha agus a chéile nó a pháirtí sibhialta, is féidir an t-airgead a aistriú go hiondúil go dtí ainm an chéile nó an pháirtí sibhialta marthanaigh. Beidh an deimhniú báis uait chun é seo a dhéanamh.

Má tá an cuntas bainc i gcomhainmneacha an duine nach maireann agus duine eile, agus gur tugadh treoracha don bhanc nuair a osclaíodh an cuntas go raibh an duine eile chun an t-airgead a fháil ar bhás an duine nach maireann, is féidir an t-airgead a aistriú isteach in ainm an mharthanóra.

Má tá cuntas ina bhfuil níos mó ná €50,000, beidh litir imréitigh uait freisin ó na Coimisinéirí Ioncaim a cheadaíonn an t-airgead a aistriú chuig an sealbhóir cuntais marthanach, ar feitheamh imscrúduithe maidir le Cáin Fháltas Caipitiúil (CAT). Is cineál cánach oidhreachta é CAT. Níl céilí ná páirtithe sibhialta faoi dhliteanas CAT ar oidhreachtaí óna chéile.

Má cheapann tú go bhféadfadh go raibh cuntas bainc díomhaoin ag an duine nach maireann, ba cheart duit teagmháil a dhéanamh leis an institiúid airgeadais inar osclaíodh an cuntas. Mura bhfuil an institiúid airgeadais fós ann agus más mian leat faisnéis a fháil ar conas d’fhiosrúchán nó d’éileamh a chur isteach, ba cheart duit teagmháil a dhéanamh le Cónaidhm Baincéireachta agus Íocaíochtaí na hÉireann (BPFI).

Coigiltis in Oifig an Phoist agus coigiltis stáit

Le haghaidh cuntais oifig an phoist, seol foirm Fógra báis (pdf) chomhlánaithe, mar aon leis an deimhniú báis bunaidh, chuig An Post Money (féach ‘Cá háit le hiarratas a dhéanamh’ thíos).

Coigiltis stáit agus duaisbhannaí

Más rud é go raibh duaisbhannaí agus gan aon táirgí Coigiltis Stáit eile ag an duine nach maireann, ba chóir duit litir ag cur in iúl bás an tsealbhóra agus na doiciméid a liostaítear thíos a sheoladh chuig: Coigiltis Stáit, Duaisbhannaí, Ionad Fexco, Cill Orglan, SAORPHOST, Co. Chiarraí, V93 WN9T.

Má bhí coigiltis stáit eile acu, ba cheart duit Foirm Fógra Báis (pdf) a chomhlánú. Seol an fhoirm seo in éineacht leis na doiciméid a liostaítear thíos chuig: Coigiltis Stáit, Ard-Oifig an Phoist, SAORPHOST, Baile Átha Cliath 1, D01 F5P2.

  • Cóip bhunaidh nó dheimhnithe den Deimhniú Báis nó de dheimhniú an Chróinéara
  • Cóip bhunaidh nó dheimhnithe d’uacht an duine nach maireann (má bhaineann) chun a fhíorú cé hé seiceadóir an eastáit
  • Deimhnithe Duaisbhannaí, doiciméid infheistíochta nó faisnéis chuntais
  • Bunchóip nó cóip dheimhnithe den Deonú Ionadaíochta má tá sé ar fáil
  • Sampla de shíniú an duine nach maireann (ó Phas nó Ceadúnas Tiomána más féidir)
  • Sonraí maidir le haon athrú ar sheoladh nó athrú ainm ó ceannaíodh na táirgí

Cuntais chomhar creidmheasa

Má bhí cuntas chomhar creidmheasa ag an duine nach maireann agus má líonadh foirm ainmniúcháin bailí ar oscailt an chuntais, gabhann an t-airgead sa chuntas, suas go €27,000, chuig an duine nó chuig na daoine atá ainmnithe.

Is cuid d’eastát an duine nach maireann aon iarmhéid atá fágtha agus déantar é a dháileadh de réir uacht an duine nó de réir dlí chomharbais.

Polasaithe árachais

Má léirítear d’ainm mar thairbhí ar pholasaí árachais, is féidir leat an t-airgead a fháil go díreach ón gcomhlacht árachais. Teastaíonn deimhniú báis uait. Mura léirítear tairbhí san uacht, déanfar an t-airgead seo a dháileadh amach leis na sócmhainní eile a thagann faoi eastát an duine nach maireann. Faigh tuilleadh eolais faoi na cineálacha éagsúla árachais anseo.

Pinsin cheirde agus phearsanta

Braitheann na rialacha a rialaíonn pinsin cheirde agus pinsin phearsanta ar théarmaí an phinsin. I gcás go raibh páirt á ghlacadh ag an duine nach maireann i scéim phinsin, ba cheart duit teagmháil a dhéanamh le riarthóirí na scéime chun a fháil amach an bhfuil pinsean ar fáil do chéile, páirtí sibhialta agus/nó do na leanaí. Bíonn pinsin ag daoine féinfhostaithe ó am go ham a dhéanann roinnt dá infheistíochtaí a dháileadh amach mar chuid d’eastát an duine nach maireann.

Is féidir le daoine scartha agus iad siúd a bhfuil a bpáirtnéireacht shibhialta díscaoilte acu rochtain a fháil ar chuid éigin den scéim phinsin ag brath ar cibé an ndearnadh ordú coigeartaithe pinsin tráth an cholscartha nó an scaoilte.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

An Aonad Náisiúnta Faisnéise CAT do Cháiníocóirí

Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim
An tAonad um Cháin Fháltas Caipitiúil
9/15 Sráid Uí Chonaill Uachtair
Baile Átha Cliath 1
D01 YT32.

Teil: 01 738 3673
Láithreán Gréasáin: https://www.revenue.ie

Baincéireachta agus Íocaíochtaí Cónaidhm na hÉireann

Urlár 3
1 Sráid Molesworth
Baile Átha Cliath 2
D02 RF29
Éire

Teil: (01) 671 5311
Láithreán Gréasáin: http://www.bpfi.ie
R-phost: info@bpfi.ie

An Roinn Sheirbhísí Custaiméara

Ard-Oifig an Phoist
SAORPHOIST
O'Connell Street
Dublin 1
Ireland

Teil: (01) 705 7600
Lóghlao: Callsave 1850 575 859
Facs: (01) 809 0900
Láithreán Gréasáin: http://www.anpost.ie

An tÚdarás Pinsean

Teach Verschoyle
28/30 Sráid an Mhóta Íocht
Baile Átha Cliath 2
Éire

Teil: +353 (0)1 613 1900
Lóghlao: 1890 656 565
Facs: +353 (0)1 631 8602
Láithreán Gréasáin: https://www.pensionsauthority.ie/
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 28 Feabhra 2024