Túsluath

Cad é an Clár Túsluath?

Scéim sheachanta idirghabhála bliana a chuirtear ar fáil i scoileanna faoi leith atá i gceantair aitheanta faoi mhíbhuntáiste é an Clár Píolótach Túsluath Réamhscoile. Tá sé mar aidhm ag an gclár, atá á bhainistiú, á mhaoiniú agus á mheas ag an Roinn Oideachais , dul i ngleic le míbhuntáiste san oideachas tré dhíriú isteach ar pháistí a bhfuil baol ann nach mbainfidh siad amach a gcumas taobh istigh den chóras scoile.

Caithfidh leanaí bheith os cionn 3 bliain, 2 mhí agus faoi bhun 4 bhliain 7 mí ar an 1ú lá Meán Fómhair na bliana sin a mbeidh siad cláraithe.

D’fhéadhfadh leanaí clárú le haghaidh Túsluath nó an Scéim Cúraim agus Oideachais Luath-Óige. Ní cháilíonn leanaí clárú le haghaidh an dá scéim ag an am céanna.

Cuireadh an Clár Túsluath Réamhscoile i bhfeidhm i mí Dheireadh Fómhair 1994. Tá liosta scoil i gClár Túsluath Réamhscoile ar láithreáin gréasáin den Roinn Oideachais .

Tá sé mar aidhm ag Túsluath:

  • Clár oideachais a chuir i bhfeidhm a chuirfidh le forbairt iomlán na bpáistí óga agus a dhéanfaidh teip ag an scoil a sheachaint
  • Bac a chur ar thionchair an mhíbhuntáiste shóisialta.

Mar thoradh ar Thúsluath tá súil:

  • Go mbeidh muinín ina gcumas foghlama féin ag na páistí a ghlacann páirt sa chlár
  • Go ndéanfar forbairt ar stíleanna foghlama na bpáistí a ghlacann páirt sa chlár, stíleanna atá treoraithe ag iompar spreagtha, eagraithe agus neamhspléach cuí
  • Go ndéanfar forbairt ar theanga, fios agus scíleanna sóisialta/pearsanta na bpáistí a ghlacann páirt sa chlár sa chaoi go mbeidh siad in ann titim isteach go héasca leis an saol scoile sa todhchaí
  • Go mbainfidh na páistí a ghlacann páirt tairbhe agus taithneamh as an gcur chuige "foghlaim tríd an spraoi" a chuirtear i bhfeidhm sa Chlár
  • Go mbeidh páirt ghníomhach ag tuismitheoirí na bpáistí atá rannpháirteach sa chlár in oideachas a bpáistí.

An modh oibre atá ag Túsluath

Déantar cóiríocht a sholáthar do bhunscoileanna an Túis Luaith i seomraí ranga folmha i mbunscoileanna. Comhaltaí foirne iad na múinteoirí agus na hoibrithe cúram leanaí i gclár an Túis Luaith agus bíonn siad faoi mhaoirsiú ginearálta an Bhoird Bhainistíochta agus an phríomhoide. Caitear leis an Tús Luath mar chuid lárnach de bhunscoil agus baineann sé tairbhí ó sheirbhís bainistíochta agus riaracháin na scoile.

Bíonn gach lánionad ag freastal le 60 páiste agus bíonn gach leathionad ag freastal ar 30 páiste. Tá gach múinteoir agus oibrí cáilithe i gcúram páistí ag freastal le grúpa 15 leanbh ó 9.00 go dtí 11.30 rn agus ag freastal le grúpa 15 leanbh eile ó 12.00 go dtí 2.30 i ngach lá. Tá gach ionad Túsluath dhá riaradh ag beirt mhúinteoir cáilithe bunscoile a bhfuil saineolas léirithe acu i dteagasc na naíonán agus beirt oibrí cáilithe i gcúram páistí. Tá leathionad dhá riaradh ag aon mhúinteoir cáilithe amháin agus aon oibrí cáilithe i gcúram páistí agus tuismitheoirí deonacha.Tá na hoibrithe cúram páistí ceaptha ag Bord Bainistíochta na scoile ina bhfuil Túsluath bunaithe agus sannann príomhoide na scoile múinteoirí chun oibriú i Túsluath.

Is cuid mhór den togra Túsluath é rannpháirtíocht na dtuismitheoirí i mbainistíocht laethúil agus i reachtáil na n-imeachtaí. Oibríonn foireann Túsluath i gcomhair le Comhorndóir na scoile don teagmháil Bhaile leis an Scoil agus leis an bPobal chun tuismitheoirí a spreagadh le páirt a ghlacadh in imeachtaí an ionaid. Déantar sceideal a réiteach agus caitheann na tuismitheoirí seal gach seachtain san ionad.

Leagtar béim i gcuraclam an chláir ar ceithre phríomh réimse - is iad sin teanga, fios, forbairt shóisialta agus forbairt phearsanta. Déantar an páiste a chur ag plé le himeachtaí spraoi comhdhéanta atá dírithe ar fhorbairt an pháiste sna príomh réimsí sin. Leagann múinteoirí síos aidhmeanna faoi leith foghlama do gach páiste taobh istigh de na himeachtaí spraoi seo. Is iad an spraoi agus idirghníomhaíocht dearfach idir an duine fásta agus an páiste bunchlocha na n-imeachtaí Túsluath.

Nuair atá an clár Túsluath curtha i gcrích ag na páistí téann siad ar aghaidh chuig rang na Naíonán Sóisearach ina mbunscoil.

Cáilíochtaí

Múinteoirí láncháilithe bunscoile iad na múinteoirí.

Is í an cháilíocht íosta le haghaidh oibrithe cúram leanaí i gclár an Túis Luaith cáilíocht Leibhéal 5 Dhearbhú Cáilíochta agus Cáilíochtaí Éireann (QQI) i gCúram Leanaí, Cúram Réamhscoile nó Cúram Sóisialta nó a chomhionann.

Deontais ar fáil faoin gclár Túsluath

Cuireann an Roinn Oideachais na deontais seo a leanas ar fáil do scoileanna gur mian leo páirt a ghlacadh sa scéim Túsluath:

  • €2,539.48 (iomlán) €1,523.69 (leath) don ionad sa bhliain le ábhar/trealamh a cheannach
  • €1,904.60 (iomlán) €952.30 (leath) don ionad sa bhliain le forbairt a dhéanamh ar rannpháirtíocht na dtuismitheoirí

Ina theannta sin, íoctar deontas caipitíochta bliantúil de €95.23 in aghaidh an dalta le Bord Bainistíochta na scoile, atá le húsáid mar thacaíocht maoinithe do chostais reatha an ionaid.

Cá háit a ndéanfaidh méiarratas?

Ionchuimsitheacht Shóisialta

An Roinn Oideachais
Cor na Madadh
Baile Átha Luain
Co na hIarmhí
Éire

Teil: (090) 648 3600
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 6 Deireadh Fómhair 2021