Luathoideachais don óige

Eolas

Ciallaíonn luathoideachas don óige, go ginearálta, an t-oideachas a fhaigheann leanaí sula gcuirtear tús le scolaíocht fhoirmiúil nó roimh an aois a bhíonn ar leanaí freastal ar scoil, go ginearálta. Cumhdaíonn sé an tréimhse ó bhreith an linbh go dtí aois 6 bliana. Ceanglaíonn an reachtaíocht maidir le freastal ar scoil go bhfreastalaíonn leanaí ar scoil (nó go gcuirtear oideachas orthu) ó aois 6 bliana ar aghaidh. I gcleachtas, tarlaíonn go bhfreastalaíonn nach mór gach leanbh 5 bliana d’aois agus leath na leanaí 4 bliana d’aois ar bhunscoileanna.

Áirítear le seirbhísí luathoideachais don óige ranganna naíonáin i mbunscoileanna agus réimse de sheirbhísí cúram leanaí agus réamhscoile. Déanann an Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach seirbhísí cúram leanaí réamhscoile a rialáil.

An Scéim um Chúram agus Oideachas na Luath-Óige (COLO)

Cuireann an Scéim um Chúram agus Oideachas na Luath-Óige (ECCE) cúram agus oideachas luath-óige ar fáil do leanaí in aois réamhscoile. Go ginearálta, is ionann an soláthar agus 3 uair an chloig in aghaidh an lae, 5 lá sa tseachtain thar líon áirithe seachtainí do pháistí atá cláraithe i naíonraí rannpháirteacha.

Riarann an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige Scéim COLO.

Ról na Roinne Oideachais sa luathoideachas

Tá rannpháirtíocht na Roinne Oideachais in oideachas na luath-óige dírithe go príomha ar idirghabhálacha do leanaí atá faoi mhíbhuntáiste nó a bhfuil riachtanais speisialta acu. Oibríonn an tAonad Beartais um Oideachas sna Luathbhlianta de chuid na Roinne Oideachais agus an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige ar shaincheisteanna beartais a mbíonn tionchar acu ar chúram agus oideachas na luath-óige.

Ranganna Naíonán sna bunscoileanna

Tá deontas speisialta ceadaithe do scoileanna náisiúnta le treallamh agus ábhair a cheannach do ranganna naíonán.

Clár an Túis Luaith

Tá sé mar aidhm ag Clár an Túis Luaith dul i ngleic le míbhuntáiste oideachais trí dhíriú ar leanaí atá an baol ann nach mbainfidh siad a gcumas amach laistigh den chóras oideachais. Is scéim idirghabhála coisctheach bliana í a thairgtear do leanaí réamhscoile (3 go 4 bliana d’aois) i roinnt scoileanna i gceantair faoi mhíbhuntáiste.

Leanaí faoi 4 bliana d’aois a bhfuil riachtanais speisialta acu

Soláthraíonn Oifigí Sláinte Áitiúla agus/nó comhlachtaí deonacha seirbhísí do leanaí óga atá faoi mhíchumas trom nó doimhin.

Níl ceart ar leith ag leanaí réamhscoile ar oideachas. Mar sin féin, tá siad i dteideal seirbhísí sláinte áirithe a bhaineann leis an oideachas. Tá Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte freagrach as seirbhísí síceolaíochta agus teiripe urlabhra agus teanga a sholáthar do leanaí réamhscoile faoi mhíchumas a mheastar go bhfuil na seirbhísí seo de dhíth orthu. Déantar measúnachtaí ar leanaí faoi bhun 5 bliana d’aois faoi fhorálacha um measúnú mhíchumas arna leagan amach san Acht um Míchumas 2005.

Soláthraíonn Seirbhís na Múinteoirí Cuartaíochta den Roinn Oideachais seirbhís do leanaí óga a bhfuil lagú amhairc agus/nó éisteachta orthu, ó 2 bhliain d’aois ar aghaidh.

Tá líon beag aonad speisialta ranga réamhscoile ann do leanaí a bhfuil neamhoird ar speictream an uathachais orthu. Tá na haonaid seo ceangailte le bunscoileanna.

Tacaíochtaí chun rochtain a fháil ar COLÓ

Tugadh isteach an tSamhail nua um Rochtain agus Cuimsiú (AIM) do leanaí a bhfuil riachtanais speisialta acu atá ag tosú ar an Scéim um Chúram agus Oideachas na Luath-Óige (COLÓ)

Nuair a bheidh réamhscoil roghnaithe agat do do leanbh, déanfaidh do sholáthraí seirbhíse, i gcomhairle leatsa, ar na tacaíochtaí a d’fhéadfadh a bheith ag teastáil chun rannpháirtíocht do linbh sa réamhscoil a chinntiú.

Sa chás go meastar go bhfuil tacaíocht bhreise de dhíth ar do leanbh, is féidir le do sholáthraí seirbhíse réamhscoile iarratas a dhéanamh, i gcomhpháirtíocht leatsa, ar thacaíochtaí spriocdhírithe faoi AIM

Tá eolas do thuismitheoirí agus Ceisteanna Coitianta ar fáil ar shuíomh gréasáin AIM maidir leis na tacaíochtaí atá ar fáil. Beidh do Choiste Cúram Leanaí Cathrach nó Contae áitiúil in ann eolas agus treoir a thabhairt duit maidir le AIM freisin.

Polasaí an Rialtais maidir le forbairtluathoideachais

Baineann an Páipéar Bán ar Oideachas na Luath-Óige ‘Ready to Learn’ le leanaí ó am a mbreithe go 6 bliana d’aois. Leagtar amach ann croíchuspóir an oideachais luath-óige mar 'tacú le forbairt agus gnóthachtáil oideachais leanaí trí luathoideachas ardchaighdeáin, le fócas ar leith ar spriocghrúpaí na ndaoine atá faoi mhíbhuntáiste agus iad siúd a bhfuil riachtanais speisialta acu'.
Leagtar roinnt treoirphrionsabal amach ann:

  • Beidh ardchaighdeán mar bhonn agus mar thaca ag gach gné de sholáthar an luathoideachais.
  • Cuirfidh an Stát leis an soláthar reatha agus úsáidfidh sé an creat rialúcháin atá ann cheana, nuair is féidir.
  • Tabharfar faoin gcur chun feidhme ar bhonn céimneach diaidh ar ndiaidh chun ligean do rannpháirtithe uile an chórais ullmhú i gceart do na dúshláin atá romhainn.
  • Déanfar dul chun cinn trí phróiseas comhairliúcháin, comhphlé agus comhpháirtíochta.

Molann an Páipéar Bán tacaíocht luath a thabhairt do theaghlaigh leanaí a bhfuil riachtanais speisialta acu; ba cheart go mbeadh teacht ag na tuismitheoirí sin ar shaineolaí luathoideachais, amhail comhairleoir do thuismitheoirí ar dtús, agus ansin múinteoir.

Foilsíodh Síolta: an Creat Náisiúnta um Cháilíocht in Oideachas na Luath-Óige i 2006. DéanannAn tAonad Beartas um Oideachas sna Luathbhlianta den Roinn Oideachais cur i bhfeidhm Síolta a bhainistiú.

D’fhorbair an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta Aistear: Creatchuraclam na Luath-Óige (pdf), do leanaí ó bhreith go 6 bliana d’aois. Déanann an creat seo, a foilsíodh in 2009, cur síos ar na cineálacha foghlama atá tábhachtach do leanaí den aoisghrúpa seo agus leagann sé amach spriocanna foghlama leathana do gach leanbh.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 20 Meán Fómhair 2023