Sé an tAcht Oideachais (Leas) 2000 a rialaíonn tinreamh scoile in Éirinn. Ardaíodh an íosaois fágála scoile san Acht go 16 bliana (15 cheana), nó críochnú trí bliana oideachais iar-bhunscoile, pé ceann is deireanaí.
Ní mór do thuismitheoirí a chinntiú go bhfreastalóidh a gcuid gasúr ar scoil aitheanta ó aois a 6 go 16, é sin nó go bhfaighidh siad íosleibhéal áirithe oideachais. Níl aon oibligeáid chinnte de réir dlí ar ghasúir freastal ar scoil ná ar a dtuismitheoirí iad a chur ar scoil.
Aithníonn Alt a 42 de Bhunreacht na hÉireann gur leis an teaghlach ó nádúr oideachas a chur ar ghasúr agus géilleann sé do cheart agus do dhualgas na dtuismitheoirí oideachas creidimh agus morálta a sholáthar dá gclann, de réir a n-acmhainní, chomh maith le h-oideachas intleachtúil, corpartha agus sóisialta. Tá cead ag tuismitheoirí an t-oideachas seo a chur ar fáil sa bhaile nó i scoileanna atá bunaithe nó aitheanta ag an Stát.
Is áisínteacht náisiúnta í an Bord Náisiúnta Leasa Oideachais (BNLO) a bunaíodh le deimhin a dhéanamh de go bhfreastalóidh gach gasúr ar scoil go rialta nó go bhfaighidh sé nó sí íosleibhéal sásúil oideachais ar bhealach éigin eile. Chomh maith leis sin cuireann sé comhairle ar an Rialtas faoi thinreamh scoile agus soláthar oideachais. Is mó an bhéim a leagann an Bord ar chúnamh a thabhairt do scoileanna, do theaghlaigh agus do ghasúir, ná ar phionós a ghearradh de bharr neamhthinreamh scoile. Tá oifigigh leasa oideachais fostaithe go háitiúil ar fud na tíre le cúnamh agus comhairle a thabhairt do thuismitheoirí is scoileanna agus le neamhthinreamh scoile a fhiosrú. Chomh maith leis sin cuidíonn siad le beartais faoi thinreamh scoile agus leas oideachais a chomhordú. Ó Meán Fómhair 2009 beidh an BNLO freagrach as clár Tacaíochta Scoile comhordanáidithe amháin lena mbaineann An Scéim Teagmhála Baile Scoile agus an Phobail (STBSP), an Clár um Chríochnú Scoile (CCS) agus an tSeirbhís Múinteoir Cuairte ann don Lucht Siúil (SMCLS).
Déanann an Bord freisin:
D'fhoilsigh an Bord Náisiúnta Leasa Oideachais ainilís ar thinreamh i mbunscoileanna agus iar-bhunscoileanna a léiríonn gur 6% an neamhfhreastal náisiúnta a bhí i mbunscoileanna nó neamhláithreacht de 12 lá in aghaidh an dalta. 8% an neamhfhreastal a bhí ag scoileanna iar-bhunoideachais nó neamhláithreach de 13 lá in aghaidh an dalta.
Caithfidh scoileanna clárliosta tinrimh dá gcuid daltaí a choinneáil. Caithfidh siad clárliostaí tinrimh dá gcuid daltaí uilig a choinneáil agus má bhíonn dalta níos mó ná 20 lá as láthair é sin a chur in iúl don BNLO
Má cheapann an príomhoide go bhfuil fadhb tinrimh ag dalta caithfidh sé/sí é sin a chur in iúl don BNLO. Bheadh cás mar seo i gceist mura mbeadh dalta ag freastal nó dá mbeadh sé ar fionraí. Is féidir leat tuilleadh a léamh faoi smacht scoile anseo. Tá eolas faoi fhilleachán tinrimh a sheoladh ar an idirlíon.
Straitéis Thinreamh Scoile
Ní mór don Bhord Bainistíochta i ngach scoil straitéis thinreamh scoile a réiteach agus a chur faoi bhráid an BNLO.
Cothóidh an straitéis seo, ar bhealach dearfach, freastal rialta ar scoil agus meas ar an bhfoghlaim inti agus cuideoidh sí le:
Cur i bhfeidhm
Le cead ó na thuismitheoirí féadfaidh an BNLO gasúr a chur lena fhorbairt intleachtúil, mhothúchánach nó chorpartha a mheas. Má dhiúltaíonn an tuismitheoir an cead seo a thabhairt, féadfaidh an BNLO iarraidh ar an gCúirt Chuarda an scrúdú seo a ordú. Féadfaidh an Chúirt Chuarda an t-ordú cuí a dhéanamh má cheapann an breitheamh go dteastaíonn an scrúdú mar gheall ar iompar an ghasúir, a easpa dul chun cinn go hoideachasúil nó a asláithreacht rialta ón scoil gan údar maith.
De réir an Acht Leasa Oideachais 2000 caithfidh tuismitheoirí a chur in iúl roimh ré don scoil má bhíonn gasúr leo le bheith ón scoil lá scoile agus údar na hasláithreachta a lua, mar shampla, tinneas. Moltar é seo a dhéanamh i scríbhinn. Cuireann an BNLO comhairle do thuismitheoirí nach rud maith é laethanta saoire a thógáíl i rith an tearma scoile.
Tá dualgas reachtúil ar thuismitheoirí agus ar chaomhnóirí a chinntiú go ngabhfaidh a ngasúir ar scoil nó go gcuirtear oideachas orthu ar bhealach eile. Má cheapann an BNLO go bhfuil ag teip ar thuismitheoir an dualgas seo a chomhlíonadh caithfidh sé Fógra Tinreamh Scoile a chur chuig an tuismitheoir go mbeidh cás cúirte ann mura bhfreastalaíonn an gasúr ar scoil go rialta. Ba chóir dó chuile iarracht réasúnta a dhéanamh roimh ré le labhairt leis na tuismitheoirí agus leis an ngasúr. Mura dtugann tuismitheoir aird ar chomhairle is féidir an dlí a chur air. Má chiontaítear an tuismitheoir d'fhéadfaí fíneáil 634.87 euro agus/nó mí i bpríosún a ghearradh air agus fíneáil 253.95 euro in aghaidh gach lá ina dhiaidh sin nach gcuirtear an gasúr ar scoil. Má mhaíonn an tuismitheoir go bhfuil oideachas feiliúnach eile á fháil is leis/léi é sin a chruthú. Má léiríonn na tuismitheoirí go ndearna siad chuile iarracht réasúnta leis an ngasúr a chur ar scoil glacfar leis sin mar leithscéal, agus i gcás mar seo ní mór tuairisc a chur ag an bhFeidhmeanneacht Seirbhíse Sláinte (FSS) .
Tá an bileog Ná bíodh do leanbhsa thíos leis (pdf) ar fáil ón BNLO i 18 dteangacha.
Féadfaidh an tAire íoschaighdeáin oideachais a shocrú dóibh sin a fhaigheann oideachas lasmuigh den chóras aitheanta scolaíochta.
Ní mór don BNLO clárliosta a choinneáil de na gasúir atá ag fáil oideachais ach nach bhfreastalaíonn ar scoil aitheanta. Séard a bhéas sa liosta seo ná ainmneacha gasúr atá ag fáil a gcuid oideachais sa mbaile nó i scoil nach scoil aitheanta í - ní liosta luathfhágáilithe é.
Tuismitheoirí nach gcuireann a gclann ar scoil aitheanta, caithfidh siad iad a chlárú leis an BNLO. Le cead ón tuismitheoir, scrúdóidh an BNLO na socraithe oideachais a rinneadh don ghasúr lena dheimhniú go bhfuil sé ag fáil an íosmhéid scolaíochta atá ordaithe. Má bhíonn an BNLO sásta is féidir ainm an ghasúir a chur ar an liosta.
Mura mbíonn an BNLO sásta, féadfaidh sé
Tá coinníollacha leagtha síos freisin le ainm gasúir a bhaint den chlárliosta.
Níl ar thuismitheoirí a ngasúir a chur ar scoil aitheanta más rud é:
Má dhiúltaíonn an BNLO gasúr a chlárú, nó má éilíonn sé gealltanas ar thuismitheoir, nó má bhaineann sé gasúr den chlárliosta, féadfaidh an tuismitheoir achomharc a dhéanamh leis an Aire. Ceapfaidh an tAire coiste achomhairc. Féadfaidh an coiste an gasúr a chlárú, nó gan é a chlárú nó gealltanas a éileamh.
Mura ndéantar achomharc, caithfidh an BNLO chuile iarracht a dhéanamh an gasúr a chur ar rolla scoil éigin eile. Mura n-éiríonn leis, caithfidh an BNLO a chinntiú go bhfaighidh an gasúr an t-íosmhéid oideachais atá ordaithe.
Tuismitheoirí a bhfuil deacrachtaí acu ag iarraidh a gclann a chur ar scoil, féadfaidh siad teagmháil le oifigeach leasa oideachais de chuid an BNLO le comhairle agus cúnamh a fháil. Seo liosta de na hoifigigh leasa oideachais.
Chomh maith leis sin féadfaidh tú glaoch ar Líne chabhrach Oideachais an BNLO le comhairle agus eolas a fháil.
16-22 Sráid Glas
Baile Átha Cliath 7
Éire
Teil:+353 (0)1 8738700
Lóghlao:1890 363666
Facs:+353 (0)1 8738798
Láithreán Gréasáin: http://www.newb.ie/
R-phost: info@newb.ie