Más mian leat tús a chur le ar nó filleadh ar oideachas tríú leibhéil agus má tá tú 23 bliana d'aois nó níos mó, tá áiteanna ag coláistí agus ollscoileanna Éireannacha ar a gcuid cúrsaí do mhic léinn lánfhásta. Beidh ort costas na dtáillí agus costas cothabhála a chur san áireamh ag brath ar cé acu a bhfuil ar intinn agat, cúrsa lánaimseartha nó páirtaimseartha. Má tá tú ag fágáil fostaíochta le staidéar lánaimseartha a dhéanamh, féadann tú a bheith i dteideal deontas do mhic léinn a fháil. Mura gcáilíonn tú le haghaidh deontais do mhic léinn agus má tá tú ag tabhairt faoi chúrsa fochéime féadann tú a bheith i dteideal táillí saor ó chostas. (Má tá tú ag déanamh iarratais ar chúrsa fochéime níl tú i dteideal deontais do mhic léinn nó táillí saor ó chostas má bhain tú fochéim amach cheana féin.)
Má tá tú ag cur isteach ar chúrsa fochéime beidh ort táillí a íoc mura bhfaigheann tú deontas cothabhála. Beidh ort táillí a íoc má tá sé ar intinn agat staidéar páirtaimseartha nó cúrsa cianfoghlamtha a dhéanamh. Más rud é go gcaithfidh tú táillí a íoc, féadann tú faoiseamh cánach ag an ráta caighdeánach a fháil.
Tá faisnéis mionsonraithe faoi dheontais agus chistí do mhic léinn san ardoideachas agus breisoideachas ar an suíomh gréasáin studentfinance.ie.
Má shásaíonn tú critéir áirithe agus má fhreastalaíonn tú ar chúrsaí atá formheasta ag an Roinn Oideachais agus Scileanna, tá sé de cheart agat cabhair a fháil leis na táillí agus leis an gcothabháil i rith tréimhse do staidéir. D'fhógraíodh Scéim um Dheontais do Mhic Léinn nua singil do chúrsaí a thosaíonn i bhfómhair 2011. Tá scéimeanna tacaíochta seo leanas comhcheangailte sa scéim nua seo:
Ó 2011 má fhaigheann mic léinn aibí deontais mhic léinn ní bheidh siad incháilithe go huathoibríoch chun an ráta deontais níos airde (neamh-chóngarach) a fháil.
Má fhaigheann tú íocaíocht dífhostaíochta, íocaíocht do theaghlach aontuismitheora nó íocaíocht do mhíchumas, tugann an Liúntas um Fhilleadh ar Oideachas (LFO) deis duit staidéar dara leibhéil nó tríú leibhéil a dhéanamh gan na sochair a chailleadh. Ní mór duit critéir áirithe a shásamh le bheith i dteideal an Liúntas um Fhilleadh ar an Oideachas a fháil.
Ó 2011 ar aghaidh, daoine atá ag fáil Liúntas um Fhilleadh ar Oideachas agus iad ar chúrsaí Iar-Ardteistiméireachta atá ag fáil liúntais SDOG ní bheidh siad i dteideal deontas tacaíochta mac léinn. Áfach, ní bheidh aon tionchar ar a dteidlíocht le haghaidh díolúine ó tháillí choláiste nó muirir tacaíochta mac léinn (an Ranníocaíocht Mic Léinn) agus ba chóir dóibh foirm iarratais ar dheontas a chomhlánú.
Ina theannta sin, tá roinnt cistí eile ar fáil le cabhrú leat agus tú ag filleadh ar an oideachas tríú leibhéil. Ina measc:
Ciste speisialta do mhic léinn faoi mhíchumas
Má tá míchumas fisiciúil ort, féadann tú a bheith i dteideal tacaíochta airgeadais. Tá ciste speisialta á riaradh ag an Roinn Oideachais agus Scileanna a thugann cabhair do mhic léinn faoi mhíchumas fisiciúil tríd a dtréimhse staidéir.
An Ciste Cúnta do Mhic Léinn
Cuidíonn an Ciste Cúnta do Mhic Léinnseo le mic léinn a dtagann cruatan airgeadais orthu tar éis dóibh tosú ar chúrsa tríú leibhéal agus ar baol dóibh dá bharr gan a bheith in ann leanúint dá gcuid staidéar tríú leibhéal. Ba cheart don mhac léinn féin an t-iarratas ar mhaoiniú a dhéanamh leis an oifigeach rochtana/míchumais ina institiúid féin. Riartar an Ciste Cúnta do Mhic Léinn ar bhonn rúnda lánroghnach.
Ag staidéar thar lear
Má tá sé ar intinn agat staidéar a dhéanamh thar lear, féadfaidh tú a bheith i dteideal an deontas cothabhála a fháil ó Rialtas na hÉireann. Tá réimse cúrsaí fochéime formheasta sa Ríocht Aontaitheagus i stáit eile san Aontas Eorpach i gceist. Tá réimse cáipéisí ag baint le Cláir Oideachais Eorpacha agus d'fhéadfaidís a bheith ina ndíol suime duit.
Faoin Scéim um Dheontas do Mhic Léinn níl aon aoisteorainn do na deontais chothabhála le staidéar i stát eile san AE ach caithfidh gurb é do chéad chúrsa fochéime.
Go ginearálta, tá oifigeach ag gach coláiste do na mic léinn lánfhásta agus is féidir leis/léi eolas a chur ar fáil faoi thacaíocht do mhic léinn lánfhásta.
Ní mór duit teagmháil a dhéanamh le Comhairleoir na Mac Léinn ag an gcoláiste a roghnaigh tú nuair a bheidh tú ag clárú.
Más saoránach den Aontas Eorpach tú, tá sé de rogha agat dul go dtí aon tír san AE le staidéar a dhéanamh. D'fhoilsigh an tAE roinnt treoirleabhair faoi mhaireachtáil, obair, staidéar agus bogadh laistigh den AE agus míneoidh sé do chearta. Ansin, is féidir leat an tairbhe is fearr a bhaint as na deiseanna atá ar fáil duit. Má tá suim agat i staidéar a dhéanamh sa Ríocht Aontaithe mar shampla, ba cheart duit dul i dteagmháil le Comhairle na Breataine (tá oifig acu i mBaile Átha Cliath) agus gheobhaidh tú eolas iomlán ar na cúrsaí atá ar fáil agus ar na nósanna imeachta iarratais do gach cúrsa.
Má tá spéis agat i staidéar a dhéanamh i dtír lasmuigh den AE, ba cheart duit teagmháil a dhéanamh leis an ambasáid/consalacht Éireannach sa tír úd chun tuilleadh eolais a fháil.
Déanann tú iarratas ar dheontas mac léinn ar an údarás áitiuil nó CGO sa cheantar ina bhfuil tu i do chónaí. Má tá tú ar intinn Institiúid Technólaíocta a fhreastal, déan iarratas ar do CGO áitiúil. Seachas déan iarratas ar d'údarás áitiúil.
Is féidir iarratas a dhéanamh ar dheontas mic léinn ag úsáid an córas iarratais ar líne nua. Mura úsáidaíonn d'údarás áitiúil nó do CGO áitiúil an córas ar líne fós, is féidir an fhoirm iarratais do dheontas mic léinn 2011/2012 (pdf) agus nótaí treoraíochta sonracha (pdf) a íoslódáil ón láithreán gréasáin studentfinance.ie
Déan iarratas ar fhoirm BTE1 (pdf) chun an Liúntas um Fhilleadh ar Oideachas nó sraitheanna eile don Chlár um Fhiileadh ar Oideachas.
Déan teagmháil le oifigeach na mac léinn lánfhásta nó leis an oifigeach iontrála ag an gcoláiste atá roghnaithe agat.
Seol d'fhoirm iarratais chomhlánaithe chuig d'údarás áitiúil nó do CGO áitiúil.
Don Chlár um Fhilleadh ar Oideachas, seol an fhoirm chuig an oifig a dhéileálann le hiarratais ó dhaoine a fhaigheann d'íocaíocht ar leith. Tá na hoifigí liostaithe ar chúl na foirme.
Don Chiste Speisialta do Dhaoine faoi Mhíchumas, is féidir iarratas a dhéanamh chuig Comhairleoir na Mac Léinn nó chuig an Oifigeach Tacaíochta Míchumais ag an gcoláiste atá roghnaithe agat.