Scéimeanna um dheontais do mhic léinn bhreisoideachais agus ardoideachais

Eolas

Tá Scéim singil um Dheontais do Mhic Léinn i bhfeidhm do chúrsaí a thosaíonn ón bhfómhair 2011 amach. Tá 4 phríomhscéim tacaíochta comhcheangailte sa scéim seo. Ba iad:

  • Scéim um Dheontais Ardoideachais
  • Scéim Scoláireachta na gCoistí Gairmoideachais,
  • Scéim um Dheontais Chothabhála Tríú Leibhéil d'Fhoghlaimeoirí,
  • Scéim um Dheontais Chothabhála do mhic léinn a dhéanann freastal ar chúrsaí Iar-Ardteistiméireachta

Foilseofar nuashonraithe na Scéime um Dheontais do Mhic Léinn i mBealtaine 2012. Féach ‘Rátaí’ thíos chun rátaí deontas 2012 a fháil.

Eolas faoi airgeadas do mhic léinn

Tá eolas mionsonraithe ar raon na ndeontas agus na gcistí do mhic léinn bhreisoideachais agus ardoideachais le fáil ar an láithreán gréasáin studentfinance.ie. Ar an láithreán gréasáin seo tá mionsonraí faoin Chiste do Mhic Léinn faoi Mhíchumas, faoin Chiste Cúnta do Mhic Léinn agus beagán scoláireachtaí tríú leibhéal.

Buiséad 2012

Áiríonn athruithe:

  • Laghdú fá 3% i ráta an deontais do mhic léinn ó Eanair 2012
  • Luach roinnt sócmhainní caipitil le cur san áireamh sa thástáil maoine ó 2013
  • Ciorrú na teidlíochta do dheontas do mhic léinn iarchéime - féach 'Deontais cothabhála' thíos
  • Laghdú 20% sa Chiste do Mhic Léinn faoi Mhíchumas
  • Scéim sparánachta singil bunaithe ar thuillteanas in áit na 5 scéim scoláireachta atá ann faoi láthair le duaiseanna €2,000 an mac léinn

Scéim um Dheontais do Mhic Léinn

Tá an Scéim um Dheontais do Mhic Léinn (pdf) agus na Rialacha Tacaíocht Mac Léinn (pdf) déanta faoin Faoin Acht um Thacaíocht do Mhic Léinn 2011 (pdf)

Tá deontais do mhic léinn roinnte ina ndá chuid – deontais cothabhála agus deontais táillí.

Deontais cothabhála

Is ranníocaíocht do chostais maireachtála an mhic léinn atá sa deontas cothabhála. Ní cháilíonn mic léinn a thosaigh nó atá ag tosú ar chúrsaí ón mbliain acadúil 2010-2011 ar aghaidh le haghaidh deontais cothabhála má tá siad ag fáil Liúntas um Filleadh ar Oideachas nó Liúntas VTOS.

Tá deontais cothabhála ar fáil do chúrsaí formheasta atá níos ísle ná leibhéal na céime in Éirinn agus stáit eile de chuid an AE agus do chúrsaí iarchéime formheasta in Éirinn agus i dTuaisceart Éirinn.

Mic léinn iarchéime: Ní íocfar aon deontais chothabhála d’iontrálaithe nua ar chúrsaí iarchéime ó bhliain acadúil 2012-13 ar aghaidh. Leanfar le deontais táillí (ar a ndéantar cur síos thíos) a íoc do na mic léinn siúd iarchéime a bheadh incháilithe cheana don ráta speisialta den deontas (féach ‘Rátaí speisialta deontas do mhic léinn faoi mhíbhuntáiste’ thíos).

Sa mhullach air sin, bunaithe ar a maoin, gheobhaidh 4,000 mac léinn iarchéime sa bhreis deontas ranníocaíochta táillí €2,000. Níor deimhníodh an tairseach ioncaim don íocaíocht seo go fóill (a bheidh níos lú ná an tairseach chaighdeánach dheontais).

Deontais táillí

Is féidir le deontais táillí aon cheann de na heilimintí seo a leanas a chlúdach:

  • Táillí teagaisc ar fad nó cuid dóibh
  • Cuid de ranníocaíocht an mhic léinn nó í ar fad
  • Na costais a bhaineann le turais páirce riachtanacha (mura gcuimsítear iad faoin Scéim um Tháillí Saor in Aisce)

Go ginearálta, má tá tú i dteideal deontais cothabhála beidh tú i dteideal gach eilimint den deontas táillí. Ach ní bhfaighidh tú an chuid teagaisc de dheontas táillí má tá tú i dteideal teagaisc shaor in aisce faoi na Scéimeanna um Tháillí Shaor in Aisce.

D’fhéadfá cáiliú do dheontas táillí, seachas do dheontas cothabhála, más mac léinn thú ar a nglaoitear ‘mac léinn teagaisc’ faoi Scéim Deontais na Mac Léinn. Is éard is mac léinn teagaisc ann duine a shásaíonn na coinníollacha uile do dheontas mac léinn seachas cónaí sa Stát, ach ar a raibh cónaí i stát den LEE nó san Eilvéis ar feadh 3 bliana de na 5 bliana dheireanacha.

Is iad ballstáit an LEE (Limistéar Eacnamaíoch Eorpach) na 27 ballstát den AE, mar aon leis an Íoslainn, an Iorua agus Lichtinstéin.

Ní fhaigheann mic léinn atá ag tabhairt faoi chúrsaí Iar-Ardteistiméireachta (PLC) deontais táillí, ach má cháilítear thú do dheontas cothabhála, beidh tú díolmhaithe ón ranníocaíocht do rannpháirtithe PLC.

Tá deontais táillí ar fáil do chúrsaí formheasta atá níos ísle ná leibhéal na céime in Éirinn agus do chúrsaí iarchéime formheasta in Éirinn agus i dTuaisceart Éirinn. Ach, ní aon deontas táillí do chúrsaí Iar-Ardteistiméireachta (PLC) nó do chúrsaí i mballstáit eile de chuid an AE.

Féach ‘Cúrsaí agus institiúidí formheasta’ thíos le haghaidh tuilleadh sonraí.

Buiséad 2012: Ón mbliain acadúil 2012-2013 ar aghaidh, ní leanfar le deontais táillí a íoc ach leis na mic léinn siúd iarchéime a bheadh incháilithe cheana don ráta speisialta den deontas (féach ‘Rátaí speisialta deontas do mhic léinn faoi mhíbhuntáiste’ thíos). Sa mhullach air sin, bunaithe ar a maoin, gheobhaidh 4,000 mac léinn iarchéime sa bhreis deontas ranníocaíochta táillí €2,000.

An chaoi a ndéantar deontais do mhic léinn a riar

Is é Tacaíocht Uilíoch do Mhac Léinn Éire (SUSI) an t-údarás singil nua a íocann deontais. Déileálfaidh sé leis an uile iarratais deontais le haghaidh 2012-2013 trí studentfinance.ie.

Leanfaidh údaráis áitiúla ar aghaidh ag déileáil le hathnuachan deontais do mhic léinn i leith na nithe seo a leanas:

  • Ollscoileanna
  • Institiúidí oideachais leagtha síos in Éirinn (cosúil le coláistí oideachais)
  • Cúrsaí fochéime formheasta in institiúidí oideachais formheasta san AE
  • Cúrsaí iarchéime formheasta in institiúidí oideachais formheasta i dTuaisceart Éireann

Déileáladh leis na deontais seo tríd an Scéim Deontais Ard-Oideachais cheana.

Leanfaidh Coistí Gairmoideachais (VECanna) ar aghaidh ag déileáil le deontais do chúrsaí formheasta sna hinstitiúidí seo a leanas:

  • Ionaid Iar-Ardteistiméireachta (PLC) formheasta
  • Institiúidí Teicneolaíochta

Déantar athbhreithniú ar dheontas do mhic léinn gach bliain. Más rud é go raibh deontas agat in bliain acadúil amháin agus má tá tú ag leanúint ar aghaidh le do chuid staidéir ar an gcúrsa sa bhliain ina dhiadh sin, déanfaidh an comhlacht a d' íoc do dheontas teagmháil leat chun athnuachan nó athmheasúnú a dhéanamh ar do dheontas do mhic léinn don bhliain eile.

D’iarratasóirí nua: bronnfar do dheontas nuair a dheimhníonn tú go nglacfaidh tú le d’áit (go déanach i Lúnasa/go luath i Meán Fómhair). Íocfaidh SUSI é isteach sa chuntas bainc Éireannach a shannfaidh tú gach mí, faoi réir deimhniú freastail.

Do mhic léinn leantacha: má tá deontas agat cheana agus má tá tú ag dul ar aghaidh chuig an gcéad bhliain eile den chúrsa céanna, íocfaidh an t-údarás cáiliúcháin thú fós – d’údarás áitiúil nó do Choiste Gairmoideachais (VEC).

Ag cáiliú do dheontas do mhac léinn

Deontas cothabhála

Chun a bheith i dteideal deontas cothabhála, ní mór duit coinníollacha na scéime a shásamh i leith:

  • Náisiúntacht agus stádas inimirce
  • Cónaí
  • Acmhainní

Ní mór duit a bheith ag freastal ar chúrsa formheasta in institiúid fhormheasta – féach ‘Cúrsaí formheasta agus institiúidí formheasta’ thíos.

Is coinníollacha cruinn iad seo maidir le leibhéal a chúrsa ar a bhfuil tú ag freastal; más rud é gur fhreastal tú ar chúrsa den leibhéal céanna cheana’ agus más rud é go seasann an cúrsa mar dhul chun cinn ón staidéar atá déanta agat cheana.

Go ginearálta, ní bhfaighidh tú deontas chun bliain a dhéanamh in athuair nó chun freastal ar chúrsa nach seasann do dhul chun cinn ón méid atá déanta agat cheana. Tá na coinníollacha seo mionsonraithe in ailt 14 go 17 den Scéim Deontais do Mhic Léinn (pdf). Ach, d’fhéadfadh ‘mic léinn dara seans’ a bheith i dteideal deontais. Is éard is ‘mac léinn dara seans’ ann ná duine atá níos sine ná 23 bliain, nár chríochnaigh cúrsa go rathúil cheana agus atá ag filleadh ar chúrsa formheasta tar éis 5 bliana ar a laghad.

Deontas táillí

Má tá tú i dteideal deontais cothabhála beidh tú i dteideal gach eilimint chuí den deontas táillí.

D’fhéadfá cáiliú do dheontais táillí, seachas deontas cothabhála, más mac léinn thú ar a nglaoitear ‘mac léinn teagaisc’ faoi Scéim Deontais na Mac Léinn.

Is éard is mac léinn teagaisc ann duine a shásaíonn na coinníollacha uile do dheontas mac léinn seachas cónaí sa Stát, ach ar a raibh cónaí i stát den LEE nó san Eilvéis ar feadh 3 bliana de na 5 bliana dheireanacha. Is iad ballstáit an LEE (an Limistéar Eacnamaíoch Eorpach) na 27 ballstát den AE, mar aon leis an Íoslainn, an Iorua agus Lichtinstéin.

Náisiúntacht agus stádas inimirce

Le cáiliú do dheontas cothabhála caithfidh tú:

  • A bheith i do shaoránach de bhallstát de chuid an AE nó an LEE; nó den Eilvéis

  • a bheith ball teaglaigh de duine mar thuas, le cead fanacht sa Stát toisc thú a bheith ball teaglaigh don duine seo faoin Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Saorghluaiseacht Daoine) 2006 agus 2008 agus cearta Conartha AE.

  • Stádas dídeanaí a bheith agat

  • Cead daonnúil a bheith deonaithe duit fanacht in Éirinn (níl náisiúnaigh choigríche a bhfuil cead fanacht deonaithe dóibh faoin scéim Scéim um Leanaí a Rugadh in Éirinn - LRÉ/05 incháilithe)

  • Cead fanacht a bheith agat i ndiaidh cinnidh nach ndéantar ordú díbeartha

  • Cead a bheith agat fanacht in Éirinn toisc thú a bheith pósta nó i bpáirtnéireact shibhialta le saoránach d'Éirinn atá ina c(h)ónaí anseo nó más leanbh le duine dá leithéid thú

Áit chónaithe

Ó bhliain acadúil 2010/2011 ní mór duit bheith i do chónaí go dleathach sa Stát ar feadh 3 bliana as na 5 bliana roimhe seo chun cáiliú le haghaidh deontais chothabhála. Áfach, má dhéanann tú staidéar ar cháilíocht aitheanta in áit eile san AE agus bhí tú i do chónaí sa Stát ar feadh 3 bliana as na 5 bliana roimh thús an chúrsa, tá an coinníoll seo sásta. Tá cur síos faoin riachtanas seo ar studentfinance.ie.

Má shásaíonn tú na critéir do dheontas cothabhála seachas don choinníoll um chónaí sa Stát, d’fhéadfaí thú a cháiliú do dheontas táillí fós féin mar ‘mhac léinn teagaisc’.

Is éard is mac léinn teagaisc ann duine a shásaíonn na coinníollacha uile do dheontas mac léinn seachas cónaí sa Stát, ach ar a raibh cónaí i stát den LEE nó san Eilvéis ar feadh 3 bliana de na 5 bliana dheireanacha. Is iad ballstáit an LEE (an Limistéar Eacnamaíoch Eorpach) na 27 ballstát den AE, mar aon leis an Íoslainn, an Iorua agus Lichtinstéin.

Ní mór go raibh gnáthchónaí ar do thuismitheoirí nó do chaomhnóirí, nó ort féin más iarrthóir neamhspléach aibí thú (féach thíos), i gceantar riaracháin an údaráis áitiúil ón 1 Deireadh Fómhair sula ndéanann tú iarratas ar an deontas.

Tástáil mhaoine

Pléitear leat mar chleithiúnach má bhí tú i do chónaí le do thuismitheoirí ó 1 Deireadh Fómhair na bliana roimh tosach an chúrsa agus meastar aon ioncaim atá agat in éineacht le ioncam do thuismitheoirí. Tá tuillimh ó fhostaíocht lasmuigh den am téarma ceadaithe suas go €3,809 faoi láthair.

Is iarrthóirí lánfhásta neamhspleácha iad na hiarrthóirí os cionn 23 bliana d'aois nach bhfuil ina gcónaí lena dtuismitheoirí ón 1 Deireadh Fómhair na bliana roimh bhliain an iarratais. Más mac léinn neamhspleách thú déantar thú a mheasúnú de réir d'ioncaim féin (agus de réir ioncaim do chéile, pháirtnéir sibhialta nó chomhchónaitheoir.

Tá an tástáil acmhainne do dheontas mic léinn i 2011/2012 bunaithe ar ioncam do theaghlaigh ón mbliain cánach iomláin roimhe (2010). Ach, más rud é gur athraigh do chúinsí nó cúinsí do theaghlach (agus más dóchúil go bhfuil sé buan) ó 31 Nollaig 2010, d’fhéadfadh do chúinsí athraithe a bheith tógtha san áireamh.

Tá íocaíocht leasa shóisialaigh áirithe eisiata ó ‘ioncam inríofa’ ar mhaithe le deontais cothabhála – féach tuilleadh eolais ar ioncam inríofa ar studentfinance.ie. Cuimsíonn ailt 18 go dtí 24 den Scéim um Dheontas do Mhic Léinn 2011 (pdf) ioncam inríofa. Déanann alt 21(4) na híocaíochtaí a eisítear a liostáil.

Buiséad 2012: Cuirfear i gcuntas sócmhainní áirithe caipitil sa tástáil mhaoine do dheontais mhic léinn ó 2013 ar aghaidh.

Teorainneacha ioncaim ar mhaithe le deontas cothabhála agus táille

Tá na teorainneacha ioncaim ar mhaithe le deontas cothabhála i 2011/2012 leagtha amach sa tábla thíos. Is féidir leat bheith cáilithe le haghaidh na teorainneacha seo ar mhaithe le deontas táille freisin (má tá tú i dteideal).

Líon na leanaí cleithiúnacha Deontas iomlán cothabhála Deontas laghdaithe cothabhála (75%) Deontas laghdaithe cothabhála (50%) Deontas laghdaithe cothabhála (25%)
Níos lú ná 4 €41,110 €42,235 €44,720 €47,205
4 go 7 €45,165 €46,415 €49,145 €51,880
8 nó níos mó €49,045 €50,400 €53,360 €56,320

Teorainneacha ioncaim do dheontas páirt-táille

Tá na teorainneacha ioncaim teaghlaigh chun a bheith i dteideal deontais páirt-táille sa bhliain 2011/2012 leagtha amach thíos.

Líon na bpáistí cleithiúnacha 50% táillí teagaisc agus 100% ranníocaíocht an mhic léinn 50% ranníocaíocht an mhic léinn amháin
Níos lú ná 4 €51,380 €55,920
4 go 7 €56,460 €61,440
8 nó níos mó €61,295 €66,700

Baill eile den teaghlach ag freastal ar choláiste

Má tá ball eile den teaglach ag freastal ar chúrsa lánáimseartha mar atá sonraithe sa Scéim um Dheontais do Mhic Léinn (pdf) agus na Rialacha Tacaíocht Mac Léinn (pdf) ar feadh bliain amháin ar a laghad, d'fhéadfaí na teorainneacha ioncaim a ardú mar a leanas.

  • Deontas iomlán cothabhála agus díolúnú ó mhuirear an mhic léinn amháin: €4,980 i gcás beirt leanaí den chineál seo, €9,960 i gcás triúr leanaí den chineál agus mar sin, ag ardú faoi €4,980.
  • Deontas laghdaithe cothabhála 75%, 50%, 25% €4,815 i gcás beirt leanaí den chineál seo, €9,630 i gcás triúr leanaí den chineál agus mar sin, ag ardú faoi €4,815

Más iarratasóir neamhspleách thú, is é an ball teaghlaigh a thógtar san áireamh ná do chéile, do pháirtí sibhialta nó do chomháiritheoir. Má tá tú ag brath ar do thuismitheoirí, is iad na baill teaghlaigh a thógtar san áireamh ná do thuismitheoir(í) agus páistí cleithiúnacha eile.

Deontais bhreise do mhic léinn faoi mhíbhuntáiste

Is féidir le mac léinn faoi mhíbhuntáiste atá in ann coinníollacha áirid a shásamh deontas breise a fháil.

Ní mór do na hiarrthóirí a bheith i dteideal an ghnáthdheontais chothabhála don bhliain acadúil 2011/2012 agus ní féidir lena n-ioncam measta don bhliain chánach Eanáir – Nollaig 2010 a bheith ós cionn €22,703 glan ar Mhéadú do Leanbh Cáilithe agus na gnáthíocaíochtaí eile a ndéantar neamhaird orthu.

Má tá mic léinn, mic léinn aibí san áireamh, measta ar ioncam a dtuismitheoirí/a gcaomhnóirí ní mór go raibh siad siúd ar an 31 Nollaig 2010 ag déanamh éilimh ar:

  • Íocaíochtaí fadtéarmacha leasa shóisialaigh, nó
  • Íocaíocht Bhreise Teaghlaigh, nó
  • Ag glacadh páirte i gcláracha ainmnithe (e.g., clár traenála FÁS).

Tá na híocaíochtaí agus cláir liostaithe sa Sceideal 2 na Scéime um Dheontais do Mhic Léinn 2011 (pdf).

Má tá mic léinn measta ar a n-ioncam féin, ní mór go raibh siad ar an 31 Nollaig 2010 ag fáil aon cheann de na híocaíochtaí leasa shóisialaigh a luaitear thuas, nó ag glacadh páirte i gclár ainmnithe.

Rataí

Tagann athruithe ar na rátaí deontas i bhfeidhm ag tús na bliana airgeadais i mí Eanáir gach bliain.

Sa Bhuiséad 2012 fógraíodh laghdú fá 3% i ráta an deontais do mhic léinn ó Eanair 2012.

Is iad seo rátaí an deontais chothabhála don bhliain 2012:

Rátaí Ráta neamh-chóngarach Ráta cóngarach
Cothabháil iomlán €3,025 €1,215
Cothabháil laghdaithe (75%) €2,270 €910
Cothabháil laghdaithe (50%) €1,515 €605
Cothabháil laghdaithe (25%) €755 €305

Rátaí cóngaracha agus neamh-chóngaracha

Íoctaí an ráta cóngarach don deontas cothabhála má bhí cónaí ar an mac léinn 45 ciliméadar nó níos lú ón gcoláiste a bhfuil sé ag freastal air. Baineann an ráta seo le mic léinn atá cónaí laistigh den achar seo orthu, mic léinn aibí (cleithiúnach nó neamh-chleithiúnach) san áireamh.

Baineann an ráta neamh-chóngarach le gach duine eile.

Conas iarratas a dhéanamh

Ó 2012-2013 is é Tacaíocht Uilíoch do Mhac Léinn Éire (SUSI) an t-údarás singil nua a íocann deontas. Déileálfaidh sé leis an uile iarratais deontais nua. Leanfaidh an t-udarás ar aghaidh ag déileáil le hathnuachan deontais reatha:

Déanfar an uile iarratas nua ar dheontas ar líne ó 2012-2013 i leith.

Is é an spriocdháta deireadh Lúnasa gach bliain, ach ba cheart duit cur isteach a luaithe is féidir a luaithe a bhíonn iarratais 2012-2013 ar oscailt.

Doiciméadú tacaíochta

Má mheastar gur incháilithe thú tar éis measúnú tosaigh a dhéanamh ar d’iarratas, gheobhaidh tú ceadú sealadach deontais sa phost mar aon le liosta pearsantaithe de na doiciméid tacaíochta is gá duit a sholáthar. Ba cheart duit na doiciméid riachtanacha (fotachóipeanna seachas bunchóipeanna) a sheoladh ar aghaidh a luaithe agus is féidir sa chlúdach litreach a chuirtear ar fáil.

Déanfaidh SUSI d’iarratas a phróiseáil ansin chuig céim an cháiliúcháin, faoi réir deimhniú go nglacfaidh tú le háit ar chúrsa ceadaithe.

Cinneadh a achomharc

Más dóigh leat gur diúltaíodh deontas duit go héagórach, is féidir leat achomharc a dhéanamh i scríbhinn chuig an eagraíocht ar chuir tú isteach orthu. Má dhiúltaítear d’achomharc, agus má bhraitheann tú nár baineadh an chiall ba cheart as na coinníollacha, is féidir leat achomharc breise a dhéanamh.

Achomhairc bhreise

Má tá cúrsa nua á thosú agat nó má tá tú ag bogadh chuig cúrsa nua ó 2011 ar aghaidh, ba cheart duit an t-achomharc breise seo a sheoladh chuig an mBord Achomharc um Dheontais do Mhic Léinn, a bunaíodh faoin Acht um Thacaíocht do Mhic Léinn, 2011. Comhlánaigh an fhoirm ‘Fógra Achomhairc leis an mBord Achomharc um Dheontais do Mhic Léinn’, atá ar fáil ó d’údarás cáiliúcháin deontais. Seol ar aghaidh í chuig an mBord Achomharc um Dheontais do Mhic Léinn, f/c na rannóige do Chothromas Rochtana ar an Ardoideachas ag an seoladh thíos.

Má tá tú ag leanúint le cúrsa a thosaigh tú roimh 2011, ba cheart duit an t-achomharc breise seo a sheoladh chuig an rannóg do Chothromas Rochtana ar an Ardoideachas den Roinn Oideachais agus Scileanna trí leas a bhaint as an bhfoirm ‘Fógra Achomhairc leis an Aire’, atá ar fáil ó údarás cáiliúcháin an deontais.

Níor cheart duit scríobh chuig an mBord Achomharc nó chuig an Roinn Oideachais agus Scileanna más mian leat toradh achomhairc thosaigh a achomharc le húdarás cáiliúcháin an deontais.

Cá háít a dhéanfaidh mé iarratas?

Cuirfidh tú isteach ar Thacaíocht Uilíoch do Mhic Léinn, Éire (SUSI), údarás nua cáiliúcháin an deontais – beidh sonraí ar fáil ó Bhealtaine 2012 ar aghaidh. Má tá tú ag cur isteach ar dheontas a athnuachan do 2012-2013, cuir iarratas isteach chuig do Choiste Gairmoideachais (VEC) nó chuig d’údarás áitiúil.

Tá deasc chabhrach SUSI ag déileáil le fiosrúcháin ríomhphoist agus ghutháin. Tar éis go seolfar an córas iarratais ar líne i mBealtaine, cuirfidh SUSI seirbhís shínte tráthnóna ar fáil.

Tacaíocht Uilíoch do Mhic Léinn, Éire (SUSI)

Teil: 0761 08 7874
R-phost: support@susi.cdvec.ie

Ard-Oideachas: Cothromas Rochtana

An Roinn Oideachais agus Scileanna
Bóthar Phort Laoise
An Tulach Mhór
Uíbh Fháilí
Éire

Teil:+353 (0)57 9325317
Facs:+353 (0)57 9325435
Láithreán Gréasáin: http://www.education.ie/

Cúrsaí agus institiúidí ceadaithe

Go ginearálta, clúdaíonn an Scéim Deontais nua do Mhic Léinn gach cúrsa formheasta agus institiúidí clúdaithe ag na 4 scéim a d’athchuir sé. Tá sonraí maidir leis an méid a chlúdaigh gach scéim ar fáil thíos. Tá na cúrsaí formheasta leagtha síos i Rialachán 4 de na Rialacháin Tacaíochta do Mhic Léinn 2011 (pdf) agus tá na hinstitiúidí formheasta liostáilte i Sceidil 1 agus 2 de na Rialacháin.

Scéim Dheontas Ardoideachais

Is iad seo a leanas na cúrsaí a raibh ceadaithe faoin Scéim Dheontas Ardoideachais (pdf) agus atá faoin Scéim um Dheontais do Mhic Léinn anois:

(a) Cúrsa lánaimseartha fochéime nach lú ná 2 bhliain nó cúrsaí lánaimseartha iarchéime nach mó ná bliain amháin i gceann de na hinstitiúidí ceadaithe.

agus

(b) Cúrsa lánaimseartha fochéime nach lú ná 2 bhliain in ollscoil phoiblí nó in institiúid tríú leibhéil i mballstát eile den AE, taobh amuigh de na cúrsaí seo a leanas

  • Cúrsaí atá curtha ar fáil i gcoláistí breishoideachais agus ardoideachais (seachas cúrsaí ag leibhéal Ard-Dioplóma Náisiúnta nó níos airde)
  • Cúrsaí atá curtha ar fáil i gcoláistí príobháideacha tráchtála tríú leibhéil sa Stát agus a fhaigheann aitheantas ón gcoláiste sin
  • Cúrsaí atá curtha ar fáil i gcoláistí atá cosúil le coláistí tráchtála in Éirinn

(c) Cúrsa fochéimithe lánaimseartha a mhaireann bliain amháin ar a laghad i gceann de na hinstitiúidí faofa arb éard atá ann céim chun cinn ó chúrsa Leibhéal 7 (Gnáthchéim Bhaitsiléara nó Dioplóma Náisiúnta) go cúrsa forlíontach Leibhéal 8 (Céim Bhaitsiléara le hOnóracha)

Scéim Scoláireachta na gCoistí Gairmoideachais

Is iad seo a leanas na cúrsaí a raibh ceadaithe faoin Scéim Scoláireachta na gCoistí Gairmoideachais agus atá faoin Scéim um Dheontais do Mhic Léinn:

(a) Cúrsaí ag coláistí Ollscoil Náisiúnta na hÉireann; Coláiste na Tríonóide, BÁC; Ollscoil Chathair Átha Cliath; Ollscoil Luimní, Ollscoil na Banríona, Béal Feirste nó Ollscoil Uladh áit a dtéann an mac léinn ar aghaidh chuig an gcúrsa ollscoile tríd cúrsa a chur i gcrích ag leibhéal 6 (Teastas Náisiúnta) nó leibhéal 7 (Dioplóma Náisiúnta).

(b) Cúrsaí lánaimseartha ceadaithe ollscoile agus iarchéime in institiúidí ceadaithe

(c) Cúrsaí BTEC Ard Dioplóma Náisiúnta i gcoláistí faoi leith oideachais leanúnaigh agus coláistí oideachais leanúnaigh agus ardoideachais i dTuaisceart Éireann.

(d) cúrsaí lánaimseartha ceadaithe fochéime in institiúidí tríú leibhéil i mballstáit an AE, ar an mbunús céanna leis an Scéim um Dheontais ArdOideachais, i gcás mac léinn a bhfuil Teastas Náisiúnta nó Dioplóma Náisiúnta bronnta cheana orthu.

An Scéim um Dheontais Chothabhála Tríú Leibhéil d'Fhoghlaimeoirí

Tá an Scéim um Dheontais Chothabhála Tríú Leibhéil d'Fhoghlaimeoirí comhchuimsithe sa Scéim um Dheontais do Mhic Léinn freisin. Is iad na cúrsaí ceadaithe den chuid seo don Scéim um Dheontais do Mhic Léinn sraith de chúrsaí bliana amháin, dhá bhliain agus trí bliana ag leibhéal 6 (Teastais Náisiúnta) agus ag leibhéal 7 (Dioplóma Náisiúnta) in Institiúidí Teicneolaíochta. Tá an chuid den scéim ar fáil d'iarrthóirí a dteastaíonn oideachas agus oiliúint ar dtús ag an ard leibhéal uathu le cur lena gcumas fostaíochta mar atá leagtha síos i liosta tosaíochtaí rannóga fostaíochta an Rialtais agus atá ag cur tús le cúrsaí ceadaithe do Theicneoirí ag Meán Leibhéal nó ArdScileanna Teicniúla Gnó don chéad uair sa bhliain acadúil atá i gceist.

Tá an cuid seo don Scéim um Dheontais do Mhic Léinn ar fáil freisin d’iarrthóirí aibí atá ag cur tús in athuair le cúrsa ar mhaithe le críoch a chur leis an gcúrsa.

An Scéim um Dheontais Chothabhála maoinithe do mhic léinn a dhéanann freastal ar chúrsaí Iar-Ardteistiméireachta

Tá an Scéim um Dheontais Chothabhála maoinithe do mhic léinn a dhéanann freastal ar chúrsaí Iar-Ardteistiméireachta comhchuimsithe sa Scéim um Dheontais do Mhic Léinn freisin. Tá an chuid seo den scéim ar fáil d’iarrthóirí atá ag cur tús le cúrsaí Iar-Ardteistiméireachta don chéad uair sa bhliain acadúil atá i gceist.

Tá deontais ar fáil do chúrsaí lánaimseartha ceadaithe Iar-Ardteistiméireachta a mhaireann ar feadh bliana ar a laghad in ionaid cheadaithe Iar-Ardteistiméireachta. Tá liosta na n-ionad ceadaithe ar fáil ón gCGO áitiúil. Tá sé ar fáil freisin i Sceideal 1, Cuid D den Rialacha Tacaíocht Mac Léinn 2011 (pdf).

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 12 April 2012

Catagóirí

Leas Sóisialach

Fostaíocht

Oideachas agus Oiliúint

Taisteal agus Áineas

Tithíocht

Ag bogadh tíre

Airgead agus Cáin

Teaghlach agus Caidrimh

Sláinte

Dlí

Gnóthaí Tomhaltóirí

Bás agus Méala

Rialtas in Éirinn

Comhshaol

Find a Citizens Information Centre

Inrochtaineacht

Príobháideachas

Téigh i dteagmháil linn

Séanadh

Faisnéis Earnála Poiblí a Athúsáid