Ag staidéar lasmuigh d'Éirinn
Eolas
Clúdaíonn an cháipéis seo na roghanna atá ar fáil duit má tá suim agat i staidéar a dhéanamh i mballstát den Aontas Eorpach, i dtír Eorpach eile nó i dtír lasmuigh den Eoraip. Tá eolas ar staidéar san RA, Tuaisceart Éireann san áireamh le fáil in áit eile ar an láithreán gréasáin seo.
Roghnaíonn daoine staidéar a dhéanamh thar lear ar roinnt cúiseanna. D'fhéadfadh na riachtanais iontrála a bheith níos éasca, d'fhéadfadh go mbeadh rochtain agat ar chúrsaí nach bhfuil ar fáil in Éirinn nó d'fhéadfadh go dteastaíonn uait taithí a fháil ar staidéar lasmuigh d'Éirinn. Tá sé tábhachtach go mbeadh na difríochtaí idir staidéar in Éirinn agus staidéar thar lear ar eolas agat. Ba chóir modhanna iarratais, fad na gcúrsaí, táillí agus costais mhaireachtála a thabhairt faoi deara sula ndéanann tú cinneadh faoi chúrsa staidéir thar lear a bheith oiriúnach duitse.
Níos mó a fháil amach faoi chúrsaí agus staidéar thar lear
Más mac léinn tríú leibhéal in Éirinn tú d'fhéadfadh go mbeadh eolas ag d'ollscoil nó choláiste faoi dheiseanna chun staidéar a dhéanamh lasmuigh d'Éirinn. Is féidir leat eolas a fháil chomh maith trí iarraidh go díreach ar institiúid tríú leibhéal réamheolaire a sheoladh chugat. Mura bhfuil cúrsa nó institiúid ar leith ar intinn agat, tá roinnt foinsí eolais ar staidéar thar lear:
- Tá faisnéis faoi na hinstitúidí ard-leibhéil i 32 dtíortha Eorpacha ar an láithreán gréasáin Study in Europe. Tá treoracha anseo maidir le cúrsa a róghnú, iarratas a dhéanamh agus conaí san Eoraip.
- Is foinse eolais do dhaoine óga é an European Youth Portal faoi staidéar san Eoraip, san Aontas Eorpach agus i dtíortha neamh-AE araon. Tá eolas ann faoi raon leathan ábhar do dhaoine óga lena n-áirítear oibriú, taisteal, agus oibriú go deonach san Eoraip.
- Táirgeann UNESCO treoir idirnáisiúnta ar staidéar thar lear. Áiríonn sé bunachar sonraí ar féidir a chuardach de dheiseanna staidéir ardoideachais agus de na scoláireachtaí arna dtairiscint ag institiúidí ardoideachais agus eagraíochtaí idirnáisiúnta i mbreis agus tír. Soláthraíonn sé sonraí teagmhála agus eolas ar riachtanais iontrála, spriocdhátaí iarratais, cúnamh airgeadais, táillí, costais mhaireachtála agus eolas ábhartha eile do na cúrsaí go léir chomh maith.
- Is foinse eolais ar chúrsaí, sheirbhísí do mhic léinn agus eolas praiticiúil ar thíortha ar fud an domhain é WorldWide Classroom. Is féidir leat leas a bhaint as an aimsitheoir cláir idirnáisiúnta chun cuardach a dhéanamh ar chúrsa i do rogha de thír agus theanga.
Cláir mhalairte mac léinn
Tairgeann mórán institiúidí tríú leibhéal in Éirinn deis dá mic léinn taisteal trína gcúrsaí staidéir. Baintear é seo amach go minic trí leas a bhaint as cláir mhalairte mac léinn. Bunaíonn institiúidí Éireannacha conradh tosaigh le hinstitiúidí thar lear agus coimeádann siad caidreamh leanúnach leo. Bogann mic léinn idir an dá institiúid ar shocrúcháin staidéir agus oibre agus tairgtear seirbhísí dóibh ar nós ionduchtú do mhic léinn, oiliúint teanga, agus seirbhísí lóistín. Téigh i dteagmháil le do choláiste chun eolas a fháil faoi aon chláir mhalairte mac léinn a d'fhéadfadh a bheith acu.
Ag staidéar san AE
Cuireann Erasmus+
deiseanna ar fáil do rannpháirtithe lena n-áirítear mic léinn agus
foireann oideachais, chun staidéar a dhéanamh, oiliúint a fháil, taithí
oibre a ghnóthú agus oibriú go deonach thar lear. De bhreis ar dheontais a
chur ar fáil do dhaoine aonair, tacaíonn Erasmus+ le comhpháirtíochtaí
trasnáisiúnta i measc institiúidí agus eagraíochtaí oideachais, oiliúna
agus óige. Chomh maith leis sin, tacaíonn sé le hiarrachtaí náisiúnta
córais oideachais, oiliúna agus óige a nuachóiriú. Cuireann sé tacaíocht
ar fáil freisin do thionscnaimh spóirt.
Maoiniú
Soláthraíonn láithreán gréasáin International Education Financial Aid (IEFA) bunachar sonraí d'eolas ar chúnamh airgeadais do mhic léinn gur mian leo staidéar i dtír eachtrach. Cuimsíonn an láithreán gréasáin liosta cuimsitheach de dheontais, scoláireachtaí, chláir iasachta agus eolas eile a d'fhéadfadh a bheith ina chabhair dóibh siúd a bhfuil suim acu i staidéar thar lear.
Deontais AE
Tugann an clár Erasmus+ deontas soghluaisteachta do mhic léinn.
Deontais chothabhála Éireannacha
In Éirinn tá deontais chothabhála faoin Scéim singil um Dheontais do Mhic Léinn le fáil do chúrsaí fochéime atá 2 bhliain ar a laghad i bhfad in institiúid tríú leibhéal a fhaigheann maoiniú poiblí i mballstát AE eile. Ag brath ar d'ioncam d'fhéadfá a bheith incháilithe do dheontas cothabhála chomh fada is a chomhlíonann tú na coinníollacha maidir le cónaí, aois, éachtaí acadúla agus náisiúntacht. Tá faisnéis mionsonraithe faoi dheontais agus chistí do mhic léinn san ardoideachas agus breisoideachas ar an suíomh gréasáin www.studentfinance.ie.
Maoiniú do staidéar iarchéime
Tá foinsí éagsúla de mhaoiniú do mhic léinn iarchéime. Fógraítear
roinnt cúrsaí sna nuachtáin agus bíonn maoiniú san áireamh. Bíonn
tacaíocht airgeadais ar fáil uaireanta ón ollscoil a ritheann an cúrsa
iarchéime; uaireanta bíonn ort iarratas a chur chuig comhlacht seachtrach.
Tá dámhachtainí le fáil do raon ábhar, do chúrsaí múinte agus chláir
thaighde araon. Bíonn siad éagsúil ó thaobh méide, faid agus cibé an
gclúdaíonn siad táillí amháin nó an gcuimsíonn siad cothabháil de chomh
maith. Tá rialacha incháilitheachta diana ann agus spriocdhátaí
d'iarratais. Chomh maith leis sin, tá roinnt mhaith iarchéimithe in
iomaíocht do mhaoiniú teoranta.
Scoláireachtaí staidéir/taighde iarchéime: Deonaíonn
rialachais eachtracha roinnt scoláireachtaí chun staidéar thar lear gach
bliain do mhic léinn Éireannacha atá i mbun chúrsa oideachais tríú
leibhéal, nó a bhfuil sé curtha i gcrích acu. Scaiptear sonraí na
scoláireachtai seo chuig ollscoileanna agus institiúidí oideachais tríú
leibhéal ábhartha eile agus foilsítear
ar láithreán gréasáin na Roinne Oideachais iad. Má tá suim agat
iarratas a chur isteach ar na scoláireachtaí seo, ba chóir duit dul i
dteagmháil leis an Rannóg Idirnáisiúnta den Roinn Oideachais Scileanna agus
iarraidh orthu tú a chur ar liosta poist do na tairiscintí scoláireachta.
Seolfar foirmeacha iarratais agus sonraí ábhartha chugat ansin nuair a bheidh
na tairiscintí oscailte chun iarratais a fháil.
Faoiseamh cánach ar tháillí teagaisc
Mura bhfuil tú incháilithe do dheontas cothabhála d'fhéadfá, nó d'fhéadfadh do thuismitheoir, faoiseamh cánach ar tháillí tríú leibhéal a éileamh mar seo a leanas:
Cúrsaí fochéime Tá faoiseamh cánach le fáil do theagasc íoctha ar chúrsaí formheasta fochéime lánaimseartha/páirtaimseartha i gcoláistí tríú leibhéal arna maoiniú go poiblí agus go príobháideach araon i mballstát ar bith den AE. Tá sé le fáil chomh maith ar chúrsaí fochéime lánaimseartha/páirtaimseartha arna reáchtáil ag coláistí mballstát ar bith den AE a sholáthraíonn cianoideachas sa Stát.
Cúrsaí iarchéime: Is féidir leat faoiseamh cánach a éileamh ar tháillí tríú leibhéal do chúrsaí iarchéime in ollscoil nó i gcoláiste a fhaigheann maoiniú poiblí nó i mballstát AE eile, lena n-áirítear coláistí a sholáthraíonn cianoideachas sa stát. Tá faoiseamh cánach le fáil do chúrsaí iarchéime in ollscoil nó i gcoláiste tríú leibhéal a fhaigheann maoiniú poiblí i dtíortha lasmuigh den AE chomh maith.
Conas iarratas a dhéanamh
Tá foirmeacha iarratais ar dheontais do mhic léinn ar fáil ó Thacaíocht Uilíoch do Mhic Léinn, Éire (SUSI).
Is féidir leat foirm iarratais ar fhaoiseamh cánach ar tháillí teagaisc a
fháil ó d'oifig chánach
áitiúil.
Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas