Traenáil Phrintíseach Reachtúil

Eolas

Má tá d'oideachas meánscoile críochnaithe agat, b'fhéidir go mbeadh suim agat páirt a ghlacadh i bprintíseach reachtúil, a thabhairfaidh seans duit traenáil ar an obair agus sa seomra scoile. Tá printíseachtaí ar fáil i gceirdeanna ar nós, innealltóireacht, foirgníocht, mótarach, leictreach,clódóireacht agus troscán. Tá eolas faoi phrintíseachaí agus na gcéirdeanna sa scéim ar an suíomh gréasáin FÁS nó is féidir leat dul i dteagmháil le d'oifig FÁS áitiúil le eolas suas chun dáta a fháil.

Beidh do phrintíseacht ag athrú gach ré seachtain idir traenáil ag an obair agus traenáil lasmuigh den obair ag ionad oibre an fhostóra. Maireann printíseacht thart ar cheithre bliana. Sna cheithre bliana sin caitheann tú 3 thréimhse difriúla ag traenáil lasmuigh den obair, 40 seachtain uile ina iomlán. Beidh an traenáil seo ar siúl in Ionad Traenála FÁS nó i gcoláiste oideachais.

Déanfar na scileanna a d'fhoghlaim tú a mheas trí teisteanna inniúlachta ag an obair chomh maith le measúnú athraitheach lasmuigh den obair agus scrúduithe, má chríochnaíonn tú na measúcháin go rathúil, bronnfar Ard-Teastas CDBO ort.

SOLAS

Táthar chun údarás nua oideachais leanúnaigh agus oiliúna a bhunú. SOLAS (Seirbhísí Oideachais Leanúnaigh agus Scileanna) an t-ainm a bheidh ar an údarás nua seo. Tabharfar FÁS chun críche. Ní chuirfidh na hathruithe seo isteach ar dhaoine atá ag freastal ar chursaí FÁS nó ar chursaí oideachais leanúnaigh faoi láthair.

Printísigh iomarcacha

Má rinneadh iomarcach tú toisc nach bhfuil go leor oibre ar fáil chun d'fhostaíocht mar phrintíseach a choimeád, ba choir duit dul i dteagmháil le do Sheirbhísí FÁS don Lucht Gnó atá liostaithe sa eolas do phrintísigh iomarcacha ar an suíomh gréasáin FÁS. Faoin Scéim Socrúcháin um Phrintísigh Iomarcacha 2011 (pdf) is féidir le FÁS printísigh áirithe a chur le fostóirí agus cabhrú leis na fostóirí costais fostaíochta na bprintíseach a íoc. Feidhmíonn an scéim maidir le printísigh sna ceirdeanna seo leanas:

  • Foirgníocht
  • Leictreach
  • Innealtóireacht
  • Mótarach
  • Clódóireacht agus páipéar
Athruithe i 2011

méadú tagtha ar an Scéim Socrúcháin um Phrintísigh Iomarcacha i 2011 chun oiliúnt ar an láthair oibre a chur ar fáil le haghaidh suas le 1,000 printíseach. Fógraíodh freisin go mbeadh 700 áit ar fáil sna Institiúid Teicneolaíochta le haghaidh printísigh agus ceardaithe atá iomarcach.

Rialacha

Le a bheith i dteideal bheith id phrintíseach, caithfidh tú a bheith 16 bliain d'aois agus bheifí ag súil go mbeadh ar a laghad 5 grád D agat i gcúig ábhar sa Teastas Shoiséarach nó a mhacsamhail de scrudú.

Muna bhfuil na cailíochtaí sin agat, áfach, is féidir leat fós clarú mar phrintíseach le fostóir má:

  • Chríochnaíonn tú cúrsa ullmhúcháin traenála ceadaithe agus agallamh measúcháin ina dhiaidh. Tá cúrsa traenála ullmhúcháin speisialta ann do dhaoine atá faoi mhíchumas
  • Tá tú ós cionn 18 bliain d'aois agus 3 bliana ar a laghad taithí oibre ábharach agat, sa gcás sin beidh ort agallamh mheasúcháin a dhéanamh

Iarrfar ort scrudú amharc-dhathach a fháil atá ceadaithe ag FÁS le cuid de na printíseachtaí a dhéanamh.

Rátaí

An fhad is atá tú ag traenáil ar an láthair oibre, íocfaidh d'fhostóir pá mholta phrintíseach leat.

An fhad is atá tú ag traenáil lasmuigh den láthair oibre, íocfaidh FÁS liúntas seachtainiúil leat atá cothrom leis an bpá in aon cheann de na rannóga seo.

  • Foirgníocht
  • Motarach
  • Clódóireacht agus páipéar
  • Innealtóireacht
  • Leictreach

Gheobhaidh tú cúnamh freisin le haghaidh aon taisteal agus lóistín a theastaíonn uait i rith na tréimhse traenála lasmuigh den láthair oibre.

I ngach rannóg tionsclaíochta eile, sé cúram an fhostóra pá lasmuigh den láthair oibre a íoc leat, cé go dtugann FÁS cúnamh in aghaidh costaisí riachtanacha taistil agus lóistín.

Conas iarratas a dhéanamh

Téigh i dteagmháil leis an oifig FÁS áitiúil le níos mó eolais a fháil agus tabhair isteach d'iarratas.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

Téigh i dteagmháil leis an oifig FÁS áitiúil
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 4 August 2011

Catagóirí

Leas Sóisialach

Fostaíocht

Oideachas agus Oiliúint

Taisteal agus Áineas

Tithíocht

Ag bogadh tíre

Airgead agus Cáin

Teaghlach agus Caidrimh

Sláinte

Dlí

Gnóthaí Tomhaltóirí

Bás agus Méala

Rialtas in Éirinn

Comhshaol

Find a Citizens Information Centre

Inrochtaineacht

Príobháideachas

Téigh i dteagmháil linn

Séanadh

Faisnéis Earnála Poiblí a Athúsáid