Seicliosta chun iarratas a dhéanamh ar shaoire cúramóra

Réamhrá

Tá nósanna imeachta éagsúla ann chun iarratas a dhéanamh ar shaoire cúramóra agus tá sé tábhachtach go leanfaí i gceart iad.

1. A bheith incháilithe do shaoire cúramóra
Seo a leanas na ceanglais incháilithe do shaoire cúramóra:

  • Ní foláir nó go raibh tú ag obair do d’fhostóir ar feadh tréimhse leanúnaí 12 mhí agus
  • Caithfidh an Roinn Coimirce Sóisialaí cinneadh a dhéanamh go bhfuil cúram agus aird lánaimseartha ag teastáil ón duine a bhfuil sé ar intinn agat aire a thabhairt dó nó di - féach 2 thíos.

2. Iarratas a dhéanamh chuig RCS go ndéanfaí cinneadh go bhfuil cúram lánaimseartha ag teastáil ón duine
Más rud é go bhfuil an duine a bhfuil sé ar intinn agat cúram a thabhairt dó nó di os cionn 16 bliana d’aois, caithfidh a d(h)ochtúir ginearálta cuid den Foirm iarratais do Shochar Cúramóra (pdf) a chomhlánú. Ní gá é sin a dhéanamh i gcás duine atá faoi bhun 16 bliana d’aois a bhfuil Liúntas Cúram Baile á íoc ina leith. Caithfidh d’fhostóir cuid den fhoirm seo a chomhlánú freisin agus sonraí faoi d’fhostaíocht a thabhairt. Ba chóir duit an fhoirm comhlánaithe a sheoladh chuig RCS, a dhéanfaidh cinneadh ansin cibé an bhfuil cúram agus aird lánaimseartha ag teastáil ón duine seo nó nach bhfuil. Scrúdóidh RCS an scéal freisin ag féachaint an bhfuil tú incháilithe chun Sochar Cúramóra a fháil.

3. Conas an méid saoire cúramóra a áireamh
Tá tú i dteideal faoin Acht um Shaoire Cúramóra 2001 ar a laghad 13 sheachtain saoire cúramóra a bheith agat agus suas le 104 seachtain ar a mhéad. Féadfaidh tú iarratas a dhéanamh í a ghlacadh in aon tréimhse leanúnach amháin nó i dtréimhsí éagsúla ar feadh 104 seachtain san iomlán. Ní mór spás 6 seachtaine ar a laghad a bheith idir na tréimhsí de shaoire cúramóra.

Féadfaidh tú tréimhsí saoire níos lú a ghlacadh má cheadaíonn d’fhostóir é sin. Féadfaidh d’fhostóir diúltú (ar chúiseanna réasúnta) cead a thabhairt duit saoire cúramóra a ghlacadh ar feadh tréimhsí níos lú ná 13 sheachtain agus caithfidh sé nó sí na fáthanna a thabhairt i scríbhinn duit.

4. Fógra a thabhairt do d’fhostóir
Ní mór duit fógra 6 seachtaine ar a laghad a thabhairt do d’fhostóir go bhfuil sé ar intinn agat saoire cúramóra a ghlacadh. Ba chóir duit iarratas a dhéanamh i scríbhinn ag insint cathain agus conas atá sé ar intinn agat saoire cúramóra a ghlacadh agus an nglacfaidh tú í in aon thréimhse amháin nó i dtréimhsí éagsúla. Ba chóir duit a rá gur chuir tú iarratas isteach chuig RCS le go ndéanfaí cinneadh faoin duine a bhfuil sé ar intinn agat cúram a thabhairt dó nó dí. Is féidir leat foirm fógra intinne a fháil sa bhfoscríbhinn A i leabhrán mínithe i dtaobh an Achta um Shaoire Cúramóra 2001 (pdf). I gcás éigeandála nuair nach mbeadh sé praiticiúil fógra 6 seachtaine a thabhairt ba chóir duit fógra a thabhairt a luaithe agus a bheadh sé réasúnta é sin a dhéanamh.

5. Dearbhú maidir le saoire cúramóra
Ní mór duit agus d’fhostóir doiciméad a shíniú ag dearbhú an tsocraithe sin coicís ar a laghad sula dtosaíonn tú do shaoire cúramóra. Ba chóir a thabhairt le fios sa doiciméad sin dáta tosaithe do shaoire agus conas a ghlacfaidh tú í. Is féidir leat doiciméad dearbhaithe shampla a fháil sa bhfoscríbhinn B i leabhrán mínithe i dtaobh an Achta um Shaoire Cúramóra 2001 (pdf). Coinneoidh d’fhostóir an doiciméad sínithe sin agus tabharfaidh sé nó sí cóip duit.

Doiciméad inathraithe a bheidh ann sa mhéid is go bhféadfaidh tú leasú a dhéanamh ar na socruithe maidir le saoire cúramóra a ghlacadh. Fiú má tá tús curtha agat cheana féin le do shaoire cúramóra (nó le cuid di) féadfaidh tú do shaoire a chur siar, nó athrú a dhéanamh ar conas a ghlacfaidh tú í, ach tú féin agus d’fhostóir a bheith ar aon intinn faoin scéal. Ba chóir don bheirt agaibh araon an dearbhú maidir le saoire cúramóra a leasú agus a shíniú. Ba chóir do d’fhostóir an comhaontú leasaithe a choinneáil agus cóip de a thabhairt duitse.

Tuilleadh Eolais
Is féidir leat tuilleadh a fháil amach faoi saoire cúramóra. Féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh leis an tSeirbhís Fhaisnéise agus Custaiméara an Choimisiúin um Chaidreamh san Áit Oibre chun faisnéis a fháil faoi shaoire cúramóra.

Téigh i dteagmháil leis an oifig leasa shóisialaigh áitiúil nó ionad Intreo chun faisnéis a fháil faoi Shochar Cúramóra.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 11 Eanáir 2023