Deontais do fhostóirí chun fostaithe faoi mhíchumas a choinneáil

Réamhrá

Is scéim í an Scéim Deontais um Fhostaí a Choinneáil a bhfuil sé mar aidhm aici cabhrú le fostóirí fostaithe a dtagann tinneas nó lagú orthu a mbíonn tionchar aige ar a gcumas a gcuid oibre a dhéanamh a choinneáil. Tá an scéim cuid den Chiste Freastal Réasúnta na Roinne Coimirce Sóisialaí. Tá sé mar aidhm ag an scéim d'fhostaíocht a bhuanú trí mhaoiniú a chuir ar fáil chun:

  • Tú a choinneáil ionas go mbeidh tú in ann post eile a thógáil suas taobh istigh den chomhlacht
  • Áis a aithint agus/nó oiliúint chun go mbeadh ar do chumas fanacht i do phost reatha.

Rialacha

Tá an scéim oscailte do gach comhlacht san earnáil phríobháideach. Tá aon fhostaí atá ann roimhe seo (ag obair ar aon leibhéal don eagraíocht) agus a thagann tinneas, riocht nó míchumas air/uirthi a chuireann isteach ar a p(h)ost, clúdaigh faoin scéim.

Níl fostóirí san earnáil phoiblí incháilithe chun iarratas a dhéanamh ar na deontais seo. Tá oibleagáid ar fhostóirí san earnáil phoiblí dearcadh dearfach i leith an mhíchumais a chur chun cinn agus a chinntiú go gcuirfidh siad na socruithe go léir in áit le go mbeadh an fhoireann faoi mhíchumas iomlán páirteach i bhfostaíocht.

Tá maoiniú faoin scéim seo curtha ar fáil i ndá chéim:

Céim a 1: Cabhrú le fostóirí trí cheadú dóibh scileanna saineolaí a "cheannach isteach" ón taobh amuigh den chomhlacht chun forbairt a dhéanamh ar straitéis choinneála faoi leith scríofa d’aon fhostaí a dtagann míchumas air/uirthi. Is féidir leis an straitéis choinneála céimeanna a leagan amach chun áisiú a dhéanamh agus más gá na fostaithe a oiliúint chun fanacht sa ról atá acu. Ar bhealach eile is féidir leis an straitéis choinneála a leagan amach an áit gur féidir an fostaí a ath-lonnú sa chomhlacht agus na háiseanna/ath-oiliúint atá riachtanach chun é sin a dhéanamh.

Céim a 2: Cuirtear cabhair airgeadais (cabhair deontais) ar fáil don fhostóir leis an straitéis choinneála a chur i gcrích. Áirítear anseo cabhair deontais don ath-oiliúint, do thraenáil phoist agus/nó comh-ordaitheoir seachtrach a fhostú chun maoirseacht a dhéanamh ar an mbealach a bhfuil an straitéis choinneála dá chur i bhfeidhm don duine aonair.

Níl na gníomhaíochtaí seo a leanas incháilithe do mhaoiniú faoin Scéim Deontais um Fhostaíocht a Choinneáil:

  • Freastal ar cheardlanna agus seimineáir
  • Caiteachas caipitil a bhaineann le oiliúint
  • Measúnuithe bainistíochta ar mhíchumas sa chomhlacht ina iomlán nó
  • Forbairt ar pholasaithe bainistíochta maidir le míchuma nó fostaithe a bheith as láthair.

Forbairt a dhéanamh ar an Straitéis Choinneála

Déanann an fostóir teagmháil le speisialtóir (m.sh., teiripeach saothair) a dhéanann measúnacht ar chumas saothair an fhostaí agus measúnú ar an bpost/láthair oibre. Déanann an speisialtóir ansin forbairt ar an Straitéis Choinneála i gcomhair leis an bhfostóir, an fostaí agus má tá sé cuí, abhcóide/ionadaí (m.sh., ionadaí ceardchumainn) agus bainisteoir-líne. Caithfidh an Straitéis Choinneála a bheith in éineacht leis an iarratas do mhaoiniú Céim a 1 agus caithfidh sé a bheith faighte sula ndéantar iarratas ar mhaoiniú Céim a 2.

Rataí

Céim a 1: Íoctar 90% de chostais an chláir (go dtí uasmhéid de €2,500 do gach fostaí chun a chuir ar chumas an fhostóra speisialtóir(í) a fhostú chun measúnacht a dhéanamh ar chumas saothair an fhostaí, chun measúnú a dhéanamh ar an láthair oibre/post agus chun straitéis choinneála a fhorbairt.

Céim a 2: Íoctar 90% de na costais incháilithe suas go huasmhéid de €12,500 chun cabhrú le:

  • Oiliúint a chuir ar an bhfostaí i gcomhair a p(h)ost reatha nó ath-oiliúint a chur air nó uirthi do phost eile taobh istigh den chomhlacht
  • Traenálaí Poist a fhostú chun tacaíocht a chur ar fáil don fhostaí agus idirghabháil a dhéanamh leis an mbainisteoir líne ar feadh uasmhéid de 300 uaire agus/nó
  • Speisialtóir a fhostú chun an straitéis choinneála a bhainistiú ar bhonn leanúnach go dtí go bhfuil ath-mheascadh an fhostaí críochnaithe ar feadh tréimhse uasmhéid de 60 uaire an chloig.

Ní féidir le fostóir iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú faoi Chéim 2 gan chabhair ó straitéis choinneála scríofa don duine aonair. Tá suas le huasmhéid de €15,000 iníoctha le fostóir ar mhaithe le aon fhostaí amháin a choinneáil, is é sin an t-uasmhéid airgid atá ar fáil do chéim a 1 agus do chéim a 2.

Conas iarratas a dhéanamh

Iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú Céim a 1

Caithfidh an fostóir an fhoirm iarratais Céim a 1 (pdf) atá le fáil ar líne agus go háitiúil ó oifig seirbhísí fostaíochta áitiúil a líonadh agus a sheoladh ar ais.

Caithfidh na nithe seo a leanas a bheith in éineacht leis an bhfoirm iarratais:

Caithfidh an fhoirm iarratais a bheith sínithe ag an bhfostaí, ag an bhfostóir (nó ainmní), ag bainisteoir-líne an fhostaí (más cuí), ag ionadaí an fhostaí (nuair is cuí) agus ag an speisialtóir.

Éileamh a dhéanamh ar mhaoiniú Céim a 1

Caithfidh an fostóir na páirteanna den fhoirm éilimh chaighdeánaigh (pdf) a bhaineann le Céim a 1 a líonadh. Caithfidh na nithe seo a leanas a bheith in éineacht leis an bhfoirm éilimh:

  • Sonraisc shonracha agus admhálacha
  • Cóip den Straitéis Choinneála scríofa
  • Cóip de Dheimhniú Imréitigh Chánach nó Uimhir Rochtana Imréitigh Cánach leictreonach an fhostóra muna bhfuil sé seo curtha isteach
  • Cóip de Dheimhniú Imréitigh Chánach nó Uimhir Rochtana Imréitigh Cánach leictreonach an speisialtóra nó a f(h)ostóra

Caithfidh an fhoirm éilimh a bheith sínithe ag an bhfostóir (nó ainmní).

Iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú Céim a 2

Is féidir le fostóirí iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú do Chéim a 2 chomh luath agus atá Céim a 1 críochnaithe. Caithfidh iarratais ar mhaoiniú Céim a 2 a bheith ceadaithe ag an Roinn Coimirce Sóisialaí sula gcuirtear an Straitéis Choinneála i gcrích. Caithfidh na nithe seo a leanas a bheith in éineacht leis an bhfoirm iarratais Céim a 2 (pdf):

  • Teastais maidir leis an speisialtóir nó Traenálaí Poist ó 2 chomhlacht a raibh sé nó sí fostaithe acu roimhe seo agus cóipeanna de cháilíochtaí an speisialtóra agus más cuí, ballraíochtaí proifisiúnta
  • Deimhniú Imréitigh Chánach reatha nó Uimhir Rochtana Imréitigh Cánach leictreonach do gach páirtí seachtrach atá bainteach le cur i gcrích na straitéise coinneála muna bhfuil na teastais curtha ar aghaidh roimhe seo
  • Deimhniú Imréitigh Chánach reatha nó Uimhir Rochtana Imréitigh Cánach leictreonach an fhostóra muna bhfuil sé curtha ar aghaidh roimhe seo

Caithfidh an fhoirm iarratais a bheith sínithe ag an bhfostaí, ag an bhfostóir (nó ainmní), ag bainisteoir-líne an fhostaí (más cuí), ag ionadaí an fhostaí agus ag an speisialtóir nó Traenálaí Poist.

Má tá luach an iarratais níos mó ná €5.000 agus go gcuireann soláthraí amháin seirbhísí ar fáil, caithfidh an fostóir trí mheastachán neamhspleách a fháil agus iad a chur i láthair an Roinn. Muna nglactar leis an meastachán is ísle, caithfidh an fostóir na cúiseanna leis an roghnú a mhíniú.

Éileamh a dhéanamh ar mhaoiniú Céim a 2

Caithfidh an fostóir na páirteanna den fhoirm éilimh chaighdeánaigh Éileamh-ERG a bhaineann le Céim a 2 a líonadh. Caithfidh na nithe seo a leanas a bheith in éineacht leis an bhfoirm éilimh:

  • Sonraisc shonracha agus admhálacha
  • Cóip de Dheimhniú Imréitigh Chánach reatha nó Uimhir Rochtana Imréitigh Cánach leictreonach an fhostóra muna bhfuil sé seo curtha ar aghaidh roimhe seo
  • Cóip de Dheimhniú Imréitigh Chánach reatha nó Uimhir Rochtana Imréitigh Cánach leictreonach an speisialtóra agus/nó a f(h)ostóra muna bhfuil sé seo curtha ar aghaidh roimhe seo.

Caithfidh an fhoirm éilimh a bheith sínithe ag an bhfostóir (nó ainmní).

Cuirfidh oifig seirbhísí fostaíochta áitiúilionad Intreo ar aghaidh cóip de na coinníollacha ginearálta a rialaíonn an scéim. Tá breis eolais agus foirmeacha iarratais faoin scéim ar fáil anseo. Beidh an fhoireann in oifig seirbhísí fostaíochta áitiúil go háitiúil sásta freisin aon cheisteanna atá agat a fhreagairt agus aon chabhair a theastaíonn uait a chuir ar fáil.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 5 Nollaig 2016