Oibleagáidí fostóirí in Éirinn

Réamhrá

Tá roinnt cearta agus cosaintí fostaíochta dlíthiúla ag fostaithe in Éirinn. Tugtar achoimre sa cháipéis seo ar na cearta agus teidlíochtaí seo, atá á rialáil ag an reachtaíocht fostaíochta.

Is ionann fostaí agus duine atá fostaithe faoi chonradh seirbhíse. Má ta an saghas seo conartha agat, tá tú cosanta ag an réimse iomlán reachtaíocht fostaíochta.

Is gnách go n-úsáidtear conradh le haghaidh seirbhísí nuair a fhostaítear conraitheoir neamhspleách nó duine féinfhostaithe chun post a dhéanamh. Má tá an saghas seo conartha agat, b’fhéidir nach mbeidh na cearta céanna agat atá ag fostaí faoin reachtaíocht um chosaint fostaíochta. Is féidir leat teacht ar fhaisnéis bhreise inár gcáipéisí ar shaghsanna éagsúla fostaíochta, féinfhostaíocht agus conarthaí fostaíochta.

Conarthaí agus téarmaí fostaíochta

Má oibríonn d’fhostaithe do phá nó tuarastal rialta, bíonn conradh fostaíochta acu go huathoibríoch. Ní gá an conradh iomlán fostaíochta a bheith i scríbhinn. Caithfidh d’fhostaí ráiteas scríofa a fháil, áfach, ar 5 chroíthéarma fostaíochta laistigh de na chéad 5 lá i ndiaidh post a thosú.

Is iad na croíthéarmaí seo:

  1. Ainmneacha iomlána an fhostóra agus an fhostaí
  2. Seoladh an fhostóra
  3. Fad ionchasach an chonartha (nuair is conradh sealadach nó téarma sheasta an conradh)
  4. An ráta pá nó an modh a ríomhtar pá agus an tréimhse thagartha pá chun críocha an Achta um Pá Íosta Náisiúnta, 2000 (mar shampla, seachtain, coicís nó mí)
  5. An méid a mbíonn súil réasúnta agat leis a bheidh i gceist le gnáthfhad lá agus seachtain oibre an fhostaí, i ngnáthlá oibre agus i ngnáthsheachtain oibre

Caithfidh tú ráiteas a sholáthar don fhostaí ar na téarmaí eile laistigh de 2 mhí i ndiaidh dóibh obair a thosú. Is féidir leat sonraí a fháil inár gcáipéis Conradh fostaíochta.

Luaitear formhór na dtéarmaí agus coinníollacha fostaíochta i gconradh nó lámhleabhar cuideachta scríofa. D’fhéadfadh téarma fostaíochta a bheith i gceist le gnás agus cleachtas san ionad oibre, áfach, (mar shampla, sos 10 nóiméad lár na maidine).

Más mian leat téarma nó coinníoll fostaíochta a athrú, caithfidh tú comhaontú leis an athrú seo leis an bhfostaí. Faoin dlí conarthaí, caithfidh an fostóir agus an fostaí toiliú d’athruithe ar théarmaí conartha. Is féidir leat níos mó a léamh faoi chonarthaí inár gcáipéis: Conradh fostaíochta.

Pá íosta

Is é an pá íosta náisiúnta d’fhostaí fásta taithíoch €11.30 san uair. D’fhéadfadh ráta níos ísle san uair baint le roinnt daoine atá níos óige nó nach bhfuil an taithí chéanna acu, mar shampla, d’fhéadfadh go n-íocfaí suim níos lú ná an pá íosta náisiúnta le duine atá faoi bhun aois 20 mbliana. Is féidir leat níos mó a léamh inár gcáipéis ar Rátaí íosta pá.

Leagtar amach roinnt rátaí íosta pá do thionscail nó earnálacha ar leith in Orduithe Rialaithe Fostaíochta, Comhaontuithe Fostaíochta Cláraithe agus Orduithe Fostaíochta Earnála. Is féidir leat níos mó a léamh inár gcáipéis ar Chomhaontuithe agus orduithe fostaíochta.

Seachtain uasta oibre

Go ginearálta, ní féidir le do mheánseachtain oibre 48 uair an chloig a shárú. Ní chiallaíonn seo nach féidir le do sheachtain oibre 48 uair an chloig a shárú riamh; ach níor cheart do na meánuaireanta seachtainiúla i gcaitheamh tréimhse 4 mhí 48 uair an chloig a shárú. Tá roinnt eisceachtaí ann leis seo, ar féidir leat iad a léamh inár gcáipéis ar an tseachtain oibre.

Ráiteas ar théarmaí aguscoinníollacha

Má oibríonn tú d’fhostóir agus má íoctar pá nó tuarastal rialta leat, bíonn conradh fostaíochta agat go huathoibríoch. Caithfear ráiteas scríofa de do théarmaí fostaíochta a thabhairt duit laistigh de 2 mhí i ndiaidh duit tosú ag oibriú. Is féidir leat níos mó a léamh faoi cén téarmaí ar cheart a chur san áireamh i gconradh fostaíochta.

Ráiteas ar phá

Caithfear ráiteas scríofa pá nó duillín pá a thabhairt duit gach uair a íoctar pá leat. Taispeánfar ar dhuillín pá d’ollphá agus sonraí faoi na hasbhaintí go léir. Ní féidir le d’fhostóir asbhaintí a dhéanamh ó do phá gan cead a bheith tugtha agat, murach go n-údaraítear na hasbhaintí seo faoin dlí, mar shampla, ÍMAT, ÁSPC agus MSU. Is féidir leat níos mó a léamh inár gcáipéis ar dhuillíní pá.

Sosanna i rith uaireanta oibre

Tá tú i dteideal sosanna a ghlacadh fad a bhíonn tú ag an obair agus tréimhsí scíthe a bheith agat idir laethanta nó oícheanta oibre. Tá tá i dteideal tréimhse laethúil scíthe 11 uair an i ndiaidh a chéile a fháil in aghaidh gach tréimhse 24 uair an chloig agus tréimhse scíthe amháin 24 uair an chloig a fháil in aghaidh na seachtaine, i ndiaidh na tréimhse laethúla 11 uair an chloig.

Go ginearálta, tá tú i dteideal sos 15 nóiméad a ghlacadh nuair atá tú tar éis oibriú ar feadh 4 ½ uair an chloig. Má oibríonn tú breis agus 6 huaire an chloig, tá tú i dteideal sos 30 nóiméad a ghlacadh, ar féidir leis an chéad sos 15 nóiméad a áireamh. Ní gá thú a íoc do na sosanna seo agus ní mheastar gurb ionann iad agus am oibre.

Baineann rialacha speisialta le fostaithe siopa a oibríonn breis agus 6 huaire an chloig agus a n-áirítear an tréimhse idir 11.30am agus 2.30pm lena n-uaireanta oibre. Tá na fostaithe seo i dteideal sos uair an chloig i ndiaidh a chéile a ghlacadh, nach mór a ghlacadh idir 11.30am agus 2.30pm. Is féidir leat níos mó a léamh inár gcáipéis ar thréimhsí agus sosanna scíthe.

Saoire ón obair

Saoire bhliantúil

Tá an chuid is mó d’fhostaithe i dteideal saoire bhliantúil íoctha 4 seachtaine a fháil sa bhliain. B’fhéidir go mbronntar níos mó saoire bhliantúil i do chonradh fostaíochta ná an teidlíocht reachtúil, áfach. Is féidir do shaoire bhliantúil a ríomh ar roinnt bealaí éagsúla. Is féidir leat níos mó a léamh inár gcáipéis ar shaoire bhliantúil agus inár gcás-staidéar ar shaoire bhliantúil a ríomh.

Saoirí poiblí

Tá gach fostaí lánaimseartha i dteideal 9 saoire phoiblí a ghlacadh. Chun cáiliú do pháirtaimseartha, caithfidh fostaithe oibriú ar a laghad 40 uair an chloig i gcaitheamh na 5 seachtaine dar críoch an lá roimh an tsaoire phoiblí.

Más gá duit oibriú ar shaoire phoiblí, tá tú i dteideal ceann amháin den mhéid seo a leanas a fháil mar chúiteamh air (faoi mar a chinneann d’fhostóir):

  • Lá saor íoctha ar an tsaoire
  • Lá saor íoctha laistigh de mhí
  • Lá saoire bhliantúla breise
  • Pá lá breise

Má thagann an tsaoire phoiblí aníos ar lá nach gnách duit oibriú, tá tú i dteideal an cúigiú cuid de do ghnáthphá seachtainiúil a fháil don lá.

Tá tú i dteideal saoire áirithe reachtúil chosanta a fháil, chomh maith, ar nós saoire mháithreachais, saoire atharthachta, saoire thuismitheoireachta, saoire uchtaíoch, agus saoire chúramóra.

Baineann rialacha ar leith le gach teidlíocht do shaoire agus caithfidh tú cloí leis na tréimhsí riachtanacha fógra, féach thíos.

  • Saoire mháithreachais: Má éiríonn tú torrach fad a bhíonn tú fostaithe, tá tú i dteideal saoire mháithreachais 26 seachtain a ghlacadh. Luafar i do chonradh fostaíochta má íocfaidh d’fhostóir thú fad a bhíonn tú ar saoire mháithreachais (ní riachtanas é seo). Féadfaidh tú a bheith i dteideal Sochar Máithreachais a fháil, arb íocaíocht leasa shóisialaigh é. Tá tú i dteideal, chomh maith, glacadh lena mhéid le 16 seachtaine de shaoire mháithreachais neamhíoctha; níl an tréimhse seo cumhdaithe ag Sochar Máithreachais.
  • Saoire atharthachta: Tá tuismitheoirí nua (seachas máthair an linbh) i dteideal saoire atharthachta 2 sheachtain a ghlacadh ón bhfostaíocht nó ón bhféinfhostaíocht i ndiaidh breith nó uchtáil linbh. Luafar i do chonradh fostaíochta má íocfaidh d’fhostóir thú fad a bhíonn tú ar saoire atharthachta (ní riachtanas é seo). Féadfaidh tú a bheith i dteideal Sochar Atharthachta a fháil, arb íocaíocht leasa shóisialaigh é.
  • Saoire thuismitheoireachta: Tá gach tuismitheoir i dteideal saoire thuismitheoireachta 18 seachtaine neamhíoctha a ghlacadh. Caithfidh tú glacadh le saoire thuismitheoireachta sula mbaineann an leanbh 8 mbliana d’aois amach, nó 16 bliana d’aois amach, má tá an leanbh faoi mhíchumas. Go ginearálta, caithfidh go raibh tú ag oibriú do d’fhostóir ar feadh ar a laghad 12 mhí chun saoire thuismitheoireachta a fháil.
  • Saoire uchtaíoch: Tá máthair uchtála nó fear aonair uchtála i dteideal saoire uchtaíoch 24 seachtain a ghlacadh, ag tosú ar an lá a fhágtar an leanbh leo. Níl aon oibleagáid ar fhostóirí fostaí a íoc as saoire uchtaíoch. Féadfaidh tú a bheith i dteideal Sochar Uchtaíoch a fháil, arb íocaíocht leasa shóisialaigh é. Tá tú i dteideal, chomh maith, glacadh lena mhéid le 16 seachtaine de shaoire uchtaíoch bhreise, ach níl an tréimhse seo cumhdaithe ag Sochar Uchtaíoch.
  • Saoire chúramóra: Ceadaítear duit saoire neamhíoctha a ghlacadh chun cúram agus aird lánaimseartha a sholáthar do dhuine óna dteastaíonn cúram. Is é an teidlíocht íosta reachtúil 13 seachtaine ach tá fostaí i dteideal 104 seachtain a ghlacadh, ar a mhéid. Go ginearálta, beidh ort bheith ag oibriú do d’fhostóir ar feadh tréimhse leanúnach 12 mhí chun saoire chúramóra a fháil. Féadfaidh tú a bheith incháilithe do Shochar Cúramóra má tá dóthain ranníocaíochtaí ÁSPC íoctha agat. Mura gcáilíonn tú do Shochar Cúramóra, féadfaidh tú cáiliú do Liúntas Cúramóra, arb íocaíocht é ar a ndéantar tástáil mhaoine.

Caitheamh cothrom san ionad oibre

Comhionannas san ionad oibre Tá an ceart agat go gcaithfear leat go cothrom gan aird ar inscne, stádas sibhialta, stádas teaghlaigh, gnéaschlaonadh, aois, míchumas, cineál, creideamh reiligiúnach nó ballraíocht den Lucht Siúil. Tá idirdhealú ar aon chinn de na 9 bhforas ar leith seo i rith an phróisis earcaíochta nó san ionad oibre in aghaidh an dlí. Is féidir leat níos mó a léamh inár gcáipéis ar chomhionannas san ionad oibre.

Sábháilteacht san ionad oibre

Tá d’fhostóir freagrach, a mhéid agus is indéanta go réasúnta, as a chinntiú go bhfuil ionad oibre sábháilte agat. Áirítear leis seo cosaint ó chiapadh, bulaíocht agus foréigean ag an obair.

Príobháideachas agus cosaint sonraí

Tá cearta barrfheabhsaithe príobháideachais agat faoin reachtaíocht um chosaint sonraí. Tá oibleagáidí áirithe ar fhostóirí maidir le conas a dhéanann siad do shonraí pearsanta a bhailiú, a úsáid agus a chosaint. Is féidir leat níos mó a léamh inár gcáipéis ar chosaint sonraí san ionad oibre. Má úsáideann d’fhostóir CCTV san ionad oibre nó má dhéanann sé/sí monatóireacht ar an úsáid a bhaineann tú as ríomhphost, an t-idirlíon nó an guthán, féadfaidh tú teacht ar fhaisnéis faoi seo inár gcáipéis ar fhaireachas san ionad oibre.

Fostaithe páirtaimseartha, conarthaí náiduaireanta agus ceadanna fostaíochta

Má tá tú ag oibriú go páirtaimseartha, má tá conradh náid uaireanta agat, nó má tá tú ag oibriú le cead fostaíochta, tá cearta fostaíochta áirithe agat.

Fostaithe páirtaimseartha

Is ionann fostaí páirtaimseartha agus duine a oibríonn líon níos lú uaireanta ná mar a oibríonn fostaí lánaimseartha inchomparáide a dhéanann an saghas céanna oibre. Ní féidir caitheamh le fostaí páirtaimseartha ar bhealach nach bhfuil chomh fabhrach céanna leis an mbealach a chaitear le fostaí lánaimseartha inchomparáide, murach go bhfuil údar leis an gcaitheamh nach bhfuil chomh fabhrach céanna ar fhorais oibiachtúla, ar nós teidlíochtaí pinsin. Is féidir leat níos mó a léamh inár gcáipéis ar chearta oibrithe páirtaimseartha.

Má tá tú i bhfostaíocht lánaimseartha, níl ceart reachtúil agat chun athrú chuig fostaíocht pháirtaimseartha nó chuig oibriú solúbtha eile. Ba cheart do d’fhostóir machnamh a dhéanamh ar d’iarraidh ar oibriú páirtaimseartha, áfach.

Conarthaí náid uaireanta

Saghas conradh fostaíochta atá i gconradh náid uaireanta ina mbíonn an fostaí ar fáil le haghaidh oibre ach nach mbíonn uaireanta oibre sonraithe aige/aici. Is féidir níos mó a léamh faoi chonarthaí náid uaireanta agus na hathruithe a bheartaítear ar na saghsanna seo conartha inár gcáipéis ar chonarthaí náid uaireanta.

Ceadanna fostaíochta

Tá náisiúnaigh choigríche a oibríonn go dleathach in Éirinn i dteideal an réimse céanna cosaintí fostaíochta reachtúla a fháil a bhíonn ag fostaithe Éireannacha. Caithfidh cead fostaíochta a bheith ag formhór na náisiúnach neamh-LEE chun oibriú in Éirinn.

Tréimhsí fógra íosta

chailleann tú do phost tá roinnt teidlíochtaí agat maidir le tréimhsí fógra agus pá as saoire bhliantúil atá tuillte agat ach nár ghlac tú.

Má tá do phost á athrú agat agus má thugann tú d’fhógra, ba cheart duit a sheiceáil cén riachtanais tréimhse fógra atá i do chonradh fostaíochta. Caithfidh tú cloí leis an tréimhse fógra i do chonradh fostaíochta. Mura bhfuil aon fhoráil ann do thréimhse fógra i do chonradh, caithfidh tú téarmaí na nAchtanna um Fhógra Íosta agus Téarmaí Fostaíochta, 1973–2005 a leanúint. Braithfidh riachtanas na tréimhse fógra seo ar cé chomh fada a bhí tú ag oibriú do d’fhostóir.

Iomarcaíocht agus dífhostú

Tá teidlíochtaí áirithe ag fostaithe a ndéantar iomarcach iad óna bpoist, chomh maith. Is gnách go ndéantar fostaí iomarcach nuair a chuirtear deireadh le post fostaí. Caithfidh gur sholáthair tú seirbhís leanúnach 2 bhliain agus caithfidh tú critéir eile a shásamh chun cáiliú do íocaíocht iomarcaíochta. Déantar duine a dhífhostú nuair a chailleann tú do phost ach nuair a bhíonn an post ar oscailt go fóill agus nuair a d’fhéadfadh duine eile é a líonadh. Is féidir leis na cúiseanna a bhíonn le dífhostú a bheith cothrom nó éagórach. De ghnáth, caithfidh gur sholáthair tú seirbhís leanúnach ar a laghad 12 mhí do d’fhostóir chun éileamh a dhéanamh ar dhífhostú éagórach.

Conas gearán a dhéanamh

Déileálann an Coimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre (an CCÁO) le díospóidí fostaíochta in Éirinn. Ba cheart duit do ghearán a dhéanamh leis an CCÁO laistigh de 6 mhí i ndiaidh gur tharla an teagmhas a líomhnaítear. Is féidir síneadh 6 mhí bhreise a chur leis an teorainn ama seo má bhí cúis réasúnta leis an moill.

Is féidir déileáil le do ghearáin trí idirghabháil nó breithniú. Má chomhaontaíonn an dá pháirtí le hidirghabháil, cabhróidh idirghabhálaí leat comhaontú a bhaint amach a mbíonn an dá pháirtí sásta leis. Cuireann an modh seo cosc go minic ar ghearáin ó phróiseas foirmiúil a bhaint amach. I gcás breithniú, cuirtear éisteacht phríobháideach ar bun, agus déanfaidh Oifigeach Breithnithe breithiúnas foirmiúil ar cheist a gcuirtear ina haghaidh.

Mura bhfuil tú sásta le cinneadh an CCÁO, is féidir leat é a achomharc leis an gCúirt Oibreachais. Go ginearálta, ba cheart achomhairc a dhéanamh laistigh de 42 lá, ach is féidir é seo a shíneadh más cúinsí eisceachtúla ba chúis leis an moill.

Chun gearán a dhéanamh leis an CCÁO, ba cheart duit úsáid a bhaint as an bhfoirm ghearáin ar líne ag workplacerelations.ie.

Breis faisnéise

  • Seirbhís Faisnéise agus Chustaiméirí an Choimisiúin um Chaidreamh san Áit Oibre – agus féach a threoir d’fhostóirí, Míniú ar an Dlí Fostaíochta, agus an treoir ghinearálta maidir leis an dlí fostaíochta
  • Féach an tSeirbhís Faisnéise faoi Mhíchumas d’Fhostóiríe chun teacht ar fhaisnéis agus comhairle faoi fhoireann atá faoi mhíchumas a fhostú
  • CGFÉ (Cónaidhm Ghnólachtaí agus Fhostóirí na hÉireann)
  • CGBMÉ (Comhlachas Ghnóthas Beag agus Meánmhéide na hÉireann)
  • Comhlachas na nGnólachtaí Beaga
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 3 Eanáir 2023