Eolas
Má tá tú imithe ón lucht oibre le roinnt ama, beidh ort tú féin a chur
ar an eolas maidir leis na hathruithe atá tagtha ar cheisteanna a bhaineann le
cosaint fhostaíochta. Tá go leor athruithe móra tagtha i bhfeidhm le deich
mbliana anuas agus beidh sé níos éasca duit an chuid is fearr a bhaint as do
chearta má chuireann tú eolas ar na forbairtí seo.
Forbairtí um chosaint fhostaíochta 1993-2007
Is é seo a leanas achoimre ar an reachtaíocht a bhaineann le cosaint
fhostaíochta a tháinig i bhfeidhm sa tréimhse seo
- An
tAcht um Chaomhnú Fostaíochta (Comhiomarcaíochtaí Eisceachtúla agus
Nithe Gaolmhara) 2007: Bunaíonn an reachtaíocht seo Panéal
Iomarcaíochta chun comhiomarcaíochtaí áirithe a plé. Tógann an tAcht
an uasteorainn aoise chun teidlíocht ar íocaíoct iomarcaíochta a
fháil.
- An
tAcht um Cheadanna Fostaíochta 2006 - Tugann an tAcht seo suas chun
dáta an tAcht
um Cheadanna Fostaíochta 2003. Cuireann sé i gcás an cead Carta Glas
agus athchóiríonn sé an reachtaíocht faoi ceadanna oibre agus ceadanna
céile.
- An
tAcht um Fhostaithe (Faisnéis agus Comhchomhairle a Sholáthar) 2006 -
Déanann an reachtaíocht seo socrú maidir le bunú socruithe chun
faisnéis a sholáthar d’fhostaithe agus dul i gcomhairle leo i
ngnóthais. Ó 23 Márta baineann sé le fostóra atá 50 fostaithe nó
níos mó acu.
- Leasaíonn an tAcht
um Shaoire do Thuismitheoirí (Leasú) 2006 an tAcht um Shaoire
Tuismitheoirí 1998 a leagann síos gur féidir le tuismitheoirí tréimhse
saoire a thógáil gan phá le cúram a chur ar fáil dá leanaí chomh
maith leis an gceart saoire teoranta a thógáil le pá má bhíonn
mórthinneas clainne ann (Force Majeure).
- Nuair a cuireadh an tAcht
um Shábháilteacht, Sláinte agus agus Leas ag Obair 2005 i bhfeidhm
ar an 1 Meán Fómhair 2005, cuireadh a fhorálacha sin i bhfeidhm in áit
forálacha an Achta um Shábháilteacht, Sláinte agus Leas ag an Obair,
1989. Comhdhlúthaíonn agus leasaíonn sé an dlí sláinte agus
sábháilteachta reatha.
- Leasaíonn an tAcht
um Shaoire Uchtála 2005 an tAcht
um Shaoire Uchtála 1995 a soláthraíonn saoire ón bhfostaíocht
don mháthair uchtála go háirid agus a ceart filleadh ar an obair tar
éis na saoire sin.
- An
tAcht um Chosaint Mháithreachais (Leasú) 2004 - Áiríonn sé
forálacha nua maidir le ranganna
réamhbhreithe, saoire bhreise
mháithreachais, beathú
cíche, agus cuireann sé feabhas mór ar an Acht
um Chosaint Mháithreachais 1994 a bhaineann le saoire mháithreachais,
an ceart filleadh ar an obair tar éis na saoire sin agus
sláinte/sábháilteacht i rith agus i ndiaidh an toirchis.
- An
tAcht Comhionannais 2004. Déanann an reachtaíocht seo leasaithe
suntasacha ar an Acht um Chomhionannas
Fostaíochta 1998 a chuireann cosc ar leatrom i réimse ceisteanna a
bhaineann leis an bhfostaíocht. Tá cosc ar leatrom a bhaineann le gnéas,
stádas pósta, stádas clainne, aois, cine, creideamh, míchumas, claonadh
gnéasach agus ballraíocht sa Lucht Taistil. Cuireann an tAcht cosc
freisin ar chiapadh gnéasach agus ciapadh eile. Déanann an tAcht
Comhionannas 2004 an tAcht um Chomhchéime a leasú chun an sainmhíniú ar
chiapadh gnéis a leathnú agus bogann sé dualgas an chruthúnais ón
ghearánaí agus fágann faoin bhfreagróir é.
- Rialacháin um
Chosaint Fhostaithe ar Aistriú Gnóthas 2003 - Baineann an
reachtaíocht seo le haon aistriú
gnóthais, gnó nó cuid de ghnó ó fhostóir amháin chuig fostóir
eile a éiríonn as aistriú dlíthiúil (sannadh nó díobhadh léasa san
áireamh) nó cumasc. Déantar cearta fostaithe agus a dteidlíochtaí a
chosaint i rith an aistrithe seo.
- An
tAcht um Chosaint Fostaithe (Obair Téarma Shocraithe) 2003. Cosnaíonn
an reachtaíocht seo fostaithe ar théarmaí oibre socraithe trína
chinntiú nach féidir caitheamh leo puinn níos measa ná le fostaithe
buana eile atá inchurtha leo, agus nach féidir le fostóirí a bheith ag
síorathnuachan conarthaí
ar théarmaí oibre socraithe. Faoin Acht seo ní féidir le fostaithe
oibriú go leanúnach ar feadh tréimhse níos faide ná ceithre bliana
agus conradh nó conarthaí le téarma(í) socraithe acu. Glactar leis go
bhfuil conradh de théarma éiginnte ag an bhfostaí ina dhiaidh seo (mar
shampla, conradh buan).
- Rialacháin um
Eagrú Ama Oibre (Taifid) (Foirm Ordaithe agus Díolúintí) 2001 - Tá
an rialachán Eorpach seo ann go bunúsach le iachall a chur ar fhostóirí
taifead a choinneáil den mhéid uaireanta a oibríonn fostaithe go
laethúil agus go seachtainiúil, taifid a choinneáil ar shaoire a thugtar
do fhostaithe gach seachtain mar chuid den saoire bhliantúil nó mar
shaoire phoiblí agus sonraí maidir le híocaíochtaí i leith na saoire
sin. Ní mór d’fhostóirí freisin taifid seachtainiúla a choinneáil
ar na hamanna a thosnaíonn agus a chríochnaíonn na fostaithe a gcuid
oibre.
- An
tAcht um Chosaint Fhostaithe (Obair Pháirtaimseartha) 2001 - tháinig
an tAcht seo i bhfeidhm in áit an Achta um Chosaint Oibrí (Fostaithe
Páirtaimseartha Rialta), 1991. Tá soláthar ann faoin Acht le fáil
réidh le leatrom maidir le hoibrithe páirtaimseartha más ann dó. Tá
sé mar aidhm aige freisin caighdeán na
hoibre páirtaimsire a fheabhsú, forbairt a dhéanamh ar an obair
pháirtaimseartha ar bhonn deonach agus cur le eagrú solúbtha ama oibre
ar bhealach a chuireann riachtanais na bhfostóirí agus na n-oibrithe san
áireamh. Deimhníonn an tAcht nach féidir caitheamh le hoibrithe
páirtaimseartha ar bhealach nach bhfuil ar chomhchéim leis an mbealach a
chaitear le hoibrithe lánaimseartha.
- An
tAcht um Shaoire Cúramóra 2001 - cuireann an tAcht seo tréimhse
shealadach saoire gan
phá ar fáil don chúramaí le deis a thabhairt dó/dí cúram
pearsanta a chur ar fáil do dhaoine a dteastaíonn cúram agus aire
lánaimseartha uathu.
- An
tAcht um Pá Íosta Náisiúnta 2000 - tá íosphá náisiúnta
gur féidir a éileamh leagtha síos san Acht seo.
- An
tAcht um Chomhionannas Fostaíochta 1998 - cuireann sé cosc ar leatrom
i réimse ceisteanna a bhaineann leis an bhfostaíocht. Tá cosc ar leatrom
a bhaineann le gnéas, stádas pósta, stádas clainne, aois, cine,
creideamh, míchumas, claonadh gnéasach agus ballraíocht sa Lucht
Taistil. Cuireann an tAcht cosc freisin ar chiapadh gnéasach agus ciapadh
eile.
- An
tAcht um Eagrú Ama Oibre 1997 - rialaíonn sé réimse coinníollacha
fostaíochta ina measc uasteorainn uaireanta oibre, obair
oíche, saoire bhliantúil agus poiblí.
- An
tAcht um Chosaint Daoine Óga (Fostaíocht) 1996 - tagann sé in áit
reachtaíochta a bhí ann ón mbliain 1977 agus rialaíonn sé fostaíocht
agus coinníollacha oibre leanaí agus daoine óga.
- An
tAcht um Théarmaí Fostaíochta (Eolas) 1994 déanann sé
reachtaíocht a bhí ann roimhe a thabhairt suas chun dáta agus a
bhaineann le soláthar eolais ó fhostóirí dá bhfostaithe maidir le cur
síos ar an bpost, ráta pá agus uaireanta oibre.
- An
tAcht um Dhífhostú Éagórach 1993 déanann sé reachtaíocht a bhí
ann roimhe a thabhairt suas chun dáta agus déanann sé leasú ar
reachtaíocht a bhí ann ón mbliain 1977.
Rialacha
Gearáin/sárú cearta
Tá cosaint láidir ar fáil ón dlí fhostaíochta in Éirinn do fhostaithe
a cheapann go bhfuil sárú déanta ar a gcearta. Tugtar éisteacht do
ghearáin, easaontas agus casaoidí ós comhair Coimisinéara um
Chearta a éisteoidh leis an dá thaobh roimh scrúdú a chur i gcrích
maidir leis an ngearán agus moladh a dhéanamh. Is féidir le moltaí a
dhéanann an Coimisinéir um Chearta a bheith ceangaltach nó
neamh-cheangaltach, ag brath ar an gcineál dlí a ndéantar an cás a
éisteacht faoi.
Ní mór gearáin faoin reachtaíocht chomhionannas a thabhairt chuig an mBinse
Comhionannais.
Go minic, is féidir teacht ar réiteach ar easaontas idir fostóirí agus
fostaithe tríd idirghabháil a dhéanamh. Déantar teagmháil leis an
gCoimisiún um Chaidrimh Oibreachais agus ceaptar duine neamhspléach le
castáil leis an dá pháirtí agus le héisteacht a thabhairt den dá thaobh
den scéal. Tá an tseirbhís seo saor in aisce agus ar fáil do gach fostaí
agus fostóir (seachas baill den Gharda Síochána, baill de na Fórsaí Cosanta agus baill den tSeirbhís Phríosúin.
Bíonn na cruinnithe príobháideach agus tá gach díospóireacht faoi rún.
Conas iarratas a dhéanamh
Ba cheart iarratais ar sheirbhísí idirghabhála a sheoladh chuig an Seirbhís
Réitigh ag an gCoimisiún um Chaidrimh Oibreachais.
Is féidir éisteacht a fháil maidir le gearáin, easaontas nó casaoidí a
bhaineann le sárú cearta fostaíochta faoi reachtaíocht faoi leith tríd an
fhoirm
gearáin shingil nua a úsáid. Sula ndéanann tú iarratas ar do ghearán
a phlé ní mór duit a chur in iúl do d’fhostóir go bhfuil sé ar intinn
agat teagmháil a dhéanamh leis Seirbhís na gCoimisinéirí um Chearta. Sa
chás go bhfuil cearta dlíthiúla i gceist, ba cheart duit iarracht a
dhéanamh an cheist a réiteach go háitiúil.
Is féidir tuilleadh eolais maidir leis an reachtaíocht um chosaint
fhostaíochta a fháil ó na Seirbhísí do Chustaiméirí um Chaidreamh san
Ionad Oibre - féach 'Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas' thíos.
Is féidir tuilleadh eolais a fháil maidir leis an Acht um Chosaint
Mháithreachais 1994-2004; leis an Acht um Shaoire Uchtála 1995-2005, leis an
Acht um Chomhionannas Fostaíochta 1998-2011 agus leis an Acht um Chomhionannas
Stádais 2000-2011 ón tÚdarás
Comhionannais.
Cá háit iarratas a dhéanamh
Seirbhísí do Chustaiméirí um Chaidreamh san Ionad Oibre
(Seirbhísí Faisnéise, Údarás Náisiúnta um Chearta Fostaíochta roimhe sin)
An Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíochta
Bóthar Uí Bhriain
Ceatharlach
Éire
Uaireanta Oscailte:Luan go hAoine 9.30rn go 5in
Teil: (059) 917 8990
Lóghlao: 1890 80 80 90
Láithreán Gréasáin: http://www.workplacerelations.ie/en/