Sláinte agus sábháilteacht ag an obair

Réamhrá

Health and safety laws apply to all employers, self-employed people and employees in their workplaces. This includes fixed-term employees and temporary employees.

An reachtaíocht maidir le sláinte agus sábháilteacht ag an obair

An reachtaíocht maidir le sláinte agus sábháilteacht ag an obair

Tá cearta agus dualgais an fhostóra agus an fhostaithe araon maidir le sláinte agus sábháilteacht ag an obair leagtha amach san Acht um Shábháilteacht, Sláinte agus Leas ag an Obair 2005 (arna leasú). Déanann an tAcht seo foráil freisin do na fíneálacha agus do na pionóis shuntasacha a bhféadfadh a ngearradh as aon sárú ar dhlíthe na sláinte agus na sábháilteachta.

Tá go leor de na dlíthe sonracha sláinte agus sábháilteachta leagtha amach sna Rialacháin um Shábháilteacht, Sláinte agus Leas ag an Obair (Feidhm Ghinearálta) 2007- 2020. le fáil ar shuíomh Gréasáin an Údaráis Sláinte agus Sábháilteachta (ÚSS).

Dualgais an Fhostaithe

I measc do chuid dualgas mar fhostaí ag an obair, tá:

  • Cúram réasúnach a ghlacadh maidir le do shláinte agus le do shábháilteacht féin agus gach éinne eile san ionad oibre a chosaint
  • Gan dul i mbun iompair míchuí a chuirfeadh tú féin nó éinne eile i mbaol
  • Gan a bheith faoi thionchar dí nó drugaí san ionad oibre
  • Glacadh le haon mheasúnú leighis réasúnta (nó measúnú eile) a dhéanamh má iarrann d’fhostóir a leithéid
  • Tuairisc a dhéanamh faoi aon lochtanna sa trealamh nó san ionad oibre a d’fhéadfadh a bheith i mbaol don tsláinte agus don tsábháilteacht.

Dualgais an Fhostóra

Ní mór d’fhostóirí sábháilteacht, sláinte agus leas a gcuid fostaithe ag an obair a chinntiú, chomh fada agus atá sé indéanta go réasúnach.

Ionas gortuithe agus drochshláinte san ionad oibre a chosc, ní mór don fhostóir:

  • Ionad oibre sábháilte a chur ar fáil agus a chothabháil (agus gléasra agus trealamh sábháilte á n-úsáid)
  • Cosc a chur ar rioscaí a thagann ó húsáid aon earra nó substaint ag na fostaithe, agus óna nochtadh d’oibreáin fhisiceacha, do thorann agus do chreathadh
  • Cosc a chur ar aon iompar míchuí nó aon iompraíocht ar dóigh dóibh sábháilteacht, sláinte agus leas na bhfostaithe a chur i mbaol
  • Teagasc agus oiliúint a chur ar fáil do na fhostaithe maidir leis an tsláinte agus leis an tsábháilteacht
  • Éadaí agus trealamh cosanta a chur ar fáil do na fostaithe
  • Duine inniúil a cheapadh mar oifigeach sábháilteachta na heagraíochta

Faoin Acht um Shábháilteacht, Sláinte agus Leas ag an Obair, 2005 caithfidh fostóirí am saor íoctha a cheadú d’fhostaithe óna ndualgais chun tabhairt faoi oiliúint feasachta ar shábháilteacht.

Measúnú an riosca agus ráiteas na sábháilteachta

Caithfidh gach fostóir an riosca a mheasúnú in ionad na hoibre chun:

  • Aon guaiseacha in ionad na hoibre a aithint
  • Measúnú a dhéanamh ar na rioscaí a eascraíonn as a leithéid guaiseacha
  • Na céimeanna atá le glacadh chun déileáil le gach riosca a aithint

Ní mór don fhostóir ráiteas na sábháilteachta, bunaithe ar mheasúnú an riosca, a ullmhú freisin. Ba cheart go mbeadh sonraí sa ráiteas fúthu siúd sa lucht saothair atá freagrach as saincheisteanna na sábháilteachta. Ba cheart go mbeadh rochtain ag gach fostaí ar an ráiteas seo agus ba cheart don fhostóir athbhreithniú rialta a dhéanamh air.

Léigh na treoirlínte maidir le measúnú an riosca agus ráitis na sábháilteachta atá ar fáil ón Údarás Sláinte agus Sábháilteachta (ÚSS).

Sláinte agus sábháilteacht na ndaoine óga ag an obair

Ba cheart d’fhostóirí an riosca ar leith a mheasúnú má tá éinne faoi bhun 18 mbliana d’aois fostaithe acu. Ní mór an riosca seo a mheasúnú sula dtosaíonn an duine óg ar an obair.

Ní cheart an post a thabhairt d'éinne óg má aithnítear rioscaí áirithe, m.sh, a leithéid rioscaí nach féidir leis an duine óg a aithint nó a sheachaint mar gheall ar easpa taithí.

Saoire sláinte agus sábháilteachta le linn toirchis

Ba cheart d’fhostóirí measúnú an riosca ar leith a dhéanamh ar gach fostaí atá ag iompar clainne. Má tá riosca ar bith ann do thoircheas an fhostaí, ba cheart an riosca seo a bhaint as nó dualgais oibre eile ‘saor ó riosca’ a thabhairt don fhostaí.

Muna bhféidir ceachtar den dá rogha seo a dhéanamh, ba cheart ‘saoire sláinte agus sábháilteachta’ ón obair a thabhairt don fhostaí. Is féidir an tsaoire seo leanúint ar aghaidh suas go dtí tús a cuid saoire mháithreachais. Tá a leithéid leagtha amach in Alt 18 den Acht um Chosaint Mháithreachais 1994.

Má dheimhníonn dochtúir nach mbeadh obair oíche oiriúnach don fhostaí torrach, ní mór obair mhalartach nó saoire sláinte agus sábháilteachta a thabhairt di.

Saoire sláinte agus sábháilteachta tar éis saoire mháithreachais

Nuair a fhilleann fostaí ar an obair tar éis saoire mháithreachais, ba cheart réidh a fháil le gach baol di toisc go raibh leanbh aicí le déanaí (nó toisc go bhfuil sí ag cothú cíche). Muna féidir a leithéid a dhéanamh, ba chóir an fostaí a aistriú chuig obair eile ‘saor ó riosca’. Munar féidir aistriú a dhéanamh, ba chóir saoire sláinte agus sábháilteachta a thabhairt di.

Má dheimhníonn dochtúir nach bhfuil obair oíche oiriúnach di tar éis na breithe, ba cheart a mhalairt oibre a chur ar fáil di. Muna féidir a mhalairt oibre a chur ar fáil di, ba chóir saoire sláinte agus sábháilteachta a thabhairt don fhostaí.

Do chuid chearta le linn saoire sláinte agus sábháilteachta

Agus tú ar saoire sláinte agus sábháilteachta, caitear leat amhail is go bhfuil tú fós ag an obair. Ciallaíonn a leithéid go leanann do theidlíocht do shaoire bhliantúil ag carnadh. Ach níl tú i dteideal aon laethanta saoire poiblí a tharlaíonn le linnna tréimhse seo, áfach.

Le linn saoire sláinte agus sábháilteachta, caithfidh d’fhostóir do ghnáthphá a íoc leat ar feadh an chéad 21 lá (3 sheachtain). Tar éis an 3 sheachtain seo, is féidir go mbeidh tú in ann Sochar Sláinte agus Sábháilteachta a fháil, má tá an dóthain ranníocaíochtaí ÁSPC íoctha agat.

Trealamh cosanta agus bearta sábháilteachta eile

Ba cheart d’fhostóirí a gcuid fostaithe a chur ar an eolas faoi aon rioscaí a éilíonn trealamh cosanta a chaitheamh (amhail éadaí cosanta, ceannbhearta, coisbhirt, earraí súl nó lámhainní).

Ba cheart don fhostóir an trealamh cosanta a thabhairt dá chuid fostaithe (saor in aisce má tá sé beartaithe lena úsáid in ionad na hoibre amháin). Ba chóir dó oiliúint a chur ar fáil freisin ar conas an trealamh a úsáid, más gá.

De ghnáth, tugtar a chuid trealamh pearsanta féin do gach fostaithe, seachas an trealamh a roinnt. Tá an dualgas ar na fostaithe aire réasúnta a thabhairt dá gcuid sábháilteachta féin agus aon trealamh cosanta a chuirtear ar fáil a úsáid.

Léigh liosta na gceisteanna coitianta faoi threalamh cosanta pearsanta de chuid an ÚSS.

Scáileáin ríomhaire

Baineann dualgais le fostóirí maidir le haonaid fístaispeána (VDUanna), mar scáileáin ríomhaire. Mar shampla:

  • An íomhá agus agus dalladh a seiceáil
  • Suíomh an fhostaí os comhair an VDU a sheiceáil
  • An méarchlár agus na bogearraí atá á n-úsáid a seiceáil
  • An dóthain sosanna ón scáileán a thabhairt don fhostaí

Ní mór don fhostóir tástálacha súl a shocrú freisin agus ranníocaíocht a dhéanamh i dtreo chostas spéaclaí oidis, más gá.

Léigh liosta na gceisteanna coitianta faoi threalamh scáileáin ríomhaire agus trealamh scáileáin taispeána (nó VDUanna} de chuid an ÚSS.

Tuairisc a dhéanamh faoi thimpiste ag an obair

Ba chóir gach timpiste in ionad na hoibre a thuairisciú don fhostóir, agus ba cheart dó taifead a dhéanamh ar shonraí an eachtra.

Cabhróidh tuairisciú na timpiste chun cearta an fhostaí ar íocaíochtaí leasa shóisialaigh a chosaint (féach ‘Íocaíochtaí leasa shóisialaigh’ thíos). Cuidíonn sé freisin leis an bhfostaí maidir le cearta eile a d’fhéadfadh teacht chun cinn de bharr timpiste ag an obair.

Caithfidh an fostóir an timpiste a thuairisciú don Údarás Sláinte agus Sábháilteachta (ÚSS). Is freagracht dhlíthiúil é seo atá leagtha amach sna Rialacháin Sábháilteacht, Sláinte agus Leas ag an Obair (Feidhm Ghinearálta) (Leasú) (Uimh.3) 2016.

Tá tuilleadh le léamh faoi thimpistí in ionad na hoibre.

Íocaíochtaí leasa shóisialaigh

Má bhíonn timpiste agat ag an obair, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar Shochar Díobhála. Is íocaíocht sheachtainiúil í seo ón Roinn Coimirce Sóisialaí (RCS) dóibh siúd nach bhfuil in ann obair de dheasca timpiste ag an obair, nó de dheasca galair cheirde

Is féidir leat costais áirithe leighis a éileamh freisin nach n-íocann an FSS nó nach bhfuil clúdaithe ag Scéim Sochar Cóireála an RCS. Leagtar é seo amach faoin Scéim Cúraim Leighis.

Tá tuilleadh le léamh faoi na híocaíochtaí seo ar an leathanach faoin Scéim um Shochar Díobhálacha Ceirde.

Éilimh díobhála pearsanta

Ní féidir leat cúiteamh a éileamh ó d’fhostóir faoin reachtaíocht sláinte agus sábháilteachta, ach is féidir leat éileamh díobhála pearsanta a dhéanamh tríd an mBord Measúnaithe Díobhálacha Pearsanta (BMDP).

Is comhlacht reachtúil neamhspleách í an BMDP a déanann measúnú ar éilimh díobhála pearsanta tar éis timpistí in ionad na oibre. Má fhaigheann an BMDP go bhfuil d’fhostóir freagrach as an timpiste, socróidh sé an méid cúitimh a chaithfear á íoc leat.

Ní mór gach éileamh a bhaineann le timpistí in ionad na oibre agus le gortú pearsanta (seachas cásanna a bhaineann le faillí leighis) a chur faoi bhráid an BMDP. Ní féidir leat d’éileamh a thabhairt os comhair na cúirte sula dtugann an BMDP cead duit.

An mhaistíneacht agus an ciapadh ag an obair

De réir an dlí, tá dualgas ar fhostóirí an mhaistíneacht agus an ciapadh a chosc in ionad na hoibre.

Ba chóir go mbeadh gnáis i bhfeidhm ag an bhfostóir chun déileáil le haon ghearáin faoin maistíneach agus faoin gciapadh, agus ba chóir dó déileáil le gearáin dá leithéid láithreach. Má dhéantar neamhaird ar ghearán, d'fhéadfadh an fostóir a bheith freagrach as éileamh ó fhostaí ar dhamáistí nó ar chúiteamh..

Is féidir leat na foilsiúcháin seo a leanas de chuid an ÚSS a léamh:

  • An Cód Cleachtais maidir leis an Maistíneacht ag an Obair a Chosc agus a Réiteach (pdf)
  • An Cód Cleachtais maidir leis an nGnéaschiapadh agus leis an gCiapadh san Ionad Oibre (pdf)

Má bhraitheann tú gur íospartach na maistíneachta nó na ciaptha tú ag an obair, lean na gnáis de chuid d’fhostóra (is féidir go bhfuil siad seo leagtha amach i do lámhleabhar fostaí nó i do chonradh fostaíochta).

Muna féidir leat an gearán a réiteach le d’fhostóir, is féidir leat gearán a dhéanamh leis an gCoimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre – féach ar ‘Gearán a dhéanamh faoi shláinte agus sábháilteacht’ thíos.

An Foréigean ag an obair

Ba cheart an seans go ndéanfaí foréigean i leith an fhostaí a bheith mar chuid de ráiteas na sábháilteachta (féach ‘Dualgais an fhostóra’ thuas). Mar shampla, ba cheart go ndíreodh ráiteas na sábháilteachta ar fhachtóirí an riosca cosúil le aonrú fostaithe agus lé hairgid thirim a bheith i láthair in ionad na hoibre.

Ba cheart don fhostóir cosaintí a chur i bhfeidhm chun baol an fhoréigin a chosc, a mhéid is féidir. Ba chóir go gcuirrfidís na modhanna cuí ar fáil don fhostaí freisin chun aon riosca atá fágtha a íoslaghdú (mar shampla, trí ghloine slándála a shuiteáil.

Is féidir leat an leabhrán seo d'fhostóirí de chuid an ÚSS ar an bhforéigean in ionad na hoibre (pdf) a léamh.

Ionsaí ag an obair

Is cion coiriúil é ionsaí, chomh maith le bagairt lená déanamh láithreach chun eagla a chur ar éinne, faoin Acht Cionta Neamh-Mharfacha in aghaidh an Duine 1997.

IMá rinne fostaí eile ionsaí (nó bagairt ionsaí) ort ag an obair, cuir d'fhostóir in iúl láithreach. Is féidir leat á thuairisciú don Gharda Síochána freisin.

Má dhéanann d’fhostóir ionsaí ort, cuir an scéal in iúl do na Gardaí.

Ba cheart duit dul i dteagmháil le do dhochtúir nó cóir leighis a lorg le haghaidh do ghortuithe. Is féidir leat glaoch a chur ar cheann de na heagraíochtaí a thugann tacaíocht d’íospartaigh na coireachta.

Is féidir leat freisin iarratas a dhéanamh ar chúiteamh trí éileamh díobhála pearsanta a dhéanamh – féach ar ‘Éilimh díobhála pearsanta’ thuas.

Gearán á dhéanamh faoin sláinte agus faoin sábháilteacht ag an obair

Chun gearán a dhéanamh faoi do chearta faoi reachtaíocht na sláinte agus na sábháilteachta, déan teagmháil leis an gCoimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre trí úsáid a bhaint as an bhfoirm ghearáin ar líne.

Ní mór duit an gearán a dhéanamh laistigh de 6 mhí ón eachtra. Is féidir an teorainn ama a shíneadh ar feadh 6 mhí eile má tá cúis réasúnach leis an moill.

Do chuid chearta sláinte agus sábháilteachta a chosaint

De réir an dlí, ní féidir thú a íospartú mar thoradh ar ghníomh a dhéanamh chun rochtain a fháil ar do chuid chearta faoi reachtaíocht na sláinte agus na sábháilteachta.

Mar shampla, ní féidir le d’fhostóir pionós a ghearradh ort as gearán a dhéanamh leis an ÚSS faoi shláinte agus sábháilteacht ag an obair. D’fhéadfadh a leithéid pionóis a bheith mar thoradh ort a dhífhostú, gníomh araíonachta a ghlacadh, nó déileáil leat ar bhealach níos lú fabhraí ná fostaithe eile.

Tuilleadh faisnéise

The Health and Safety Authority (HSA) is responsible for enforcing health and safety at work. It gives information to employers, employees and self-employed people on workplace health and safety.

Tá sraith bileoga Sábháilteachta Simplí foilsithe ag an ÚSS, a ndíríonn ar ghnólachtaí beaga miondíola nó bia. Tá na bileoga Sábháilteacht Simplí ar fáil i dteangacha eile.

Léigh Treoir Ghearr maidir leis an Acht um Shábháilteacht, Sláinte agus Leas ag an Obair 2005 (pdf) de chuid an ÚSS, nó déan teagmháil leo ag baint úsáid as a bhfoirm teagmhála ar líne.

Údarás Sláinte agus Sábháilteachta

An Foirgneamh Cathrach
Sráid James Joyce
Baile Átha Cliath 1
D01 K0Y8

Uaireanta Oscailte: Línte ar oscailt Luan go hAoine 9am - 3pm
Teil: (01) 614 7000
Lóghlao: 0818 289 389
Facs: (01) 614 7020
Láithreán Gréasáin: https://www.hsa.ie
Téigh i dteagmháil linn: https://www.hsa.ie/eng/Contact_Us/
R-phost: wcu@hsa.ie


Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 25 Lúnasa 2022