Orduithe Rialaithe Fostaíochta agus Comhaontaithe Fostaíochta Cláraithe

Eolas

Chomh maith le comhaontaithe ar nós an íosphá náisiúnta, tá comhaontaithe eile a gcaithfidh fostóirí cloí leo. Baineann na comhaontaithe seo le coinníollacha oibre agus pá na bhfostaithe agus b’fhéidir go mbíonn siad luaite i gconradh fostaíochta an fhostaí.

  • Tugtar na hOrduithe Rialaithe Fostaíochta ar na comhaontaithe uile atá déanta ar chúrsaí pá agus coinníollacha ag na Comhchoistí Oibreachais.
  • Tugtar Comhaontaithe Comhchoiteann ar na comhaontaithe a eascraíonn as idirbheartaíochtaí idir ceardchumainn agus fostóirí.
  • Má tá Comhaontú Comhchoiteann cláraithe leis an gCúirt Oibreachais, glaoitear An Comhaontú Fostaíochta Cláraithe air.

Cinneadh na hArd-Chúirte ar ORFanna ar an 7 Iúil 2011

Ag leanúint ó chinneadh na hArd-Chúirte, stad Orduithe Rialaithe Fostaíochta d’aon tionchar reachtúla ón 7 Iúil 2011. Tá conarthaí fostaíochta reatha ag fostaithe a bhí clúdaithe ag ORF a rialaíonn a bpá agus a gcoinníollacha oibre. Má laghdaíonn fostóir ráta pá an fhostaí is athrú ar a gconradh fostaíochta a bheadh anseo agus de ghnáth teastaíonn cead an fhostaí chun é seo a dhéanamh. Tá pá an coinníollacha fostaithe a thosaíonn ag obair tar eis an 7 Iúil 2011 rialaithe ag reachtaíocht fostaíochta cosúil leis an bpá íosta.

Is féidir leat teacht ar eolas mionsonraithe ar na himpleachtaí a bhaineann le cinneadh na hArd-Chúirte ar ORFanna (pdf) ar shuíomh gréasáin an Údaráis Náisiúnta um Chearta Fostaíochta.

Athchóiriú beartaithe an córas CCO

An 22 Nollaig 2011 foilsíodh an Bille Caidrimh Thionscail (Leasú) (Uimh. 3) 2011 a athchóiríonn na meicníochtaí cinneadh pá faoin gComhchoiste Oibreachais agus Comhaontaithe Fostaíochta Cláraithe.

Cuimsíonn forálacha na reachtaíochta beartaithe:

  • Beidh cumhacht ag na CCO leag síos bunráta do dhuine fásta agus 2 ráta fhorlíontach níos airde
  • Beidh cead ag cuideachtaí díolúine a chuardaigh ón ghá rátaí ORF agus CFC a íoc de bharr deacracht airgeadais
  • Ní leagfaidh CCO síos rátaí préimh Domhnach níos mó. Beidh an Coimisiún um Chaidreamh Oibreachais ag ullmhú Cód Cleachtais nua maidir le hobair Domhnachomh
  • Nuair leagann CCO rátaí síos, caithfidh siad go gcuirtear critéir nua san áireamh ar nós tosca iomaíochais agus rátaí fostaíochta agus dífhostaíochta
  • Cuirfear an bhunreachtúlacht ORF agus CFC ar ais trí chuimsiú prionsabal agus beartas láidir

Cuimsíonn athchóirithe eile, nach gá dóibh athrú reachtúil, an líon CCF ó 13 go 6 a laghdú agus na sochair ar nós ragobair a chaighdeánú trí phrótacal atá comhaontaithe ar fud na tíre nó Cód Cleachtais.

Orduithe Rialaithe Fostaíochta JLC go dtí 7 Iúil 2011

Rinne an Chúirt Oibreachais Ordú Rialaithe Fostaíochta (ORF) ag dearbhú moltaí curtha isteach ag Comhchoiste Oibreachais (CCO). Bhí an tOrdú seo ina cheangal dlí. Ba é an CCO a aontaigh na rátaí pá agus na coinníollacha oibre do na hoibrithe atá ag obair san earnáil fostaíocht de chuid an CCO, mar shampla, lónadóireacht. Mar gheall ar an Ordú Rialacháin Fostaíochta déanta ag an gCúirt Oibreachais, bhí an comhaontú JLC feidhmiúil ag an dlí.

Bhí rátaí pá agus coinníollacha fostaíochta an Comhchoiste Oibreachais sna Orduithe Rialaithe Fostaíochta seo leanas:

Comhaontaithe Comhchoiteann agus Comhaontaithe Fostaíochta Cláraithe (CFC)

Is iad na Comhaontaithe Comhchoiteann na comhaontaithe a thagann as idirbheartaíocht idir fostóirí agus ionadaithe na bhfostaithe. Is féidir le fostóirí agus oibrithe in aon earnáil nó comhlacht theacht ar réiteach maidir le rátaí íosphá agus coinníollacha oibre agus is féidir, ansin, an comhréiteach sin a chlárú leis an gCúirt Oibreachais mar Comhaontú Fostaíochta Cláraithe (CFC).

Tá CFCanna infhorghníomhaithe le dlí fad is a bhaineann sé lena fostóirí agus na hoibrithe san earnáil lena bhfuil an comhaontú luaite. Tá na rátaí pá agus coinníollacha oibre sa CFCanna do na hearnálacha seo leanas:

Rialacha

Tá sé de dhualgas ar fhostóirí na n-oibrithe atá clúdaithe faoi Comhaontú Comhchoiteann na rátaí pá atá luaite sa CFC, chomh maith lena coinníollacha oibre atá luaite iontu a sholáthar. Caithfidh siad, freisin, sonraí den chomhaontú reatha a chuir ar taispeáint san ionad oibre, agus taifid a choinneáil dá gcuid pá.

Faoi Achtanna Caidrimh Thionscail 1946–2001, tá sé de dhualgas ar an Údarás Náisiúnta um Chearta Fostaíochta na CFCs a chur i bhfeidhm agus, más gá, tógtar cás dlí i gcoinne fostóra nach bhfuil ag comhlíonadh a dhualgais dlí faoi Comhaontú Cláraithe Fostaíochta.

Ag leanúint ó chinneadh na hArd-Chúirte ar a rinneadh cur síos air thuas, ní féidir le NERA EROanna a chur i bhfeidhm nach raibh i bhfeidhm ar an 7 Iúil 2011. Tá ionchúisimh maidir le neamh-ghéilliúlacht le EROanna le bheith aistarraingthe agus ní féidir tús a chur le haon ionchúiseamh eile maidir le géilliúlacht le EROanna a bhí i bhfeidhm roimh an 7 Iúil 2011.


Conas iarratas a dhéanamh

Chun a fháil amach an bhfuil do phost clúdaithe ag Comhaontú Cláraithe Fostaíochta is féidir teagmháil a dhéanamh leis na Seirbhísí do Chustaiméirí um Chaidreamh san Ionad Oibre.

Má tá do phost clúdaithe ag agus mura bhfuil d'fhostóir ag géilleadh leis, is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis na Seirbhísí do Chustaiméirí um Chaidreamh san Ionad Oibre.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

Seirbhísí do Chustaiméirí um Chaidreamh san Ionad Oibre

(Seirbhísí Faisnéise, Údarás Náisiúnta um Chearta Fostaíochta roimhe sin)
An Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíochta
Bóthar Uí Bhriain
Ceatharlach
Éire

Uaireanta Oscailte:Luan go hAoine 9.30rn go 5in
Teil: (059) 917 8990
Lóghlao: 1890 80 80 90
Láithreán Gréasáin: http://www.workplacerelations.ie/en/

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 16 April 2012

Catagóirí

Leas Sóisialach

Fostaíocht

Oideachas agus Oiliúint

Taisteal agus Áineas

Tithíocht

Ag bogadh tíre

Airgead agus Cáin

Teaghlach agus Caidrimh

Sláinte

Dlí

Gnóthaí Tomhaltóirí

Bás agus Méala

Rialtas in Éirinn

Comhshaol

Find a Citizens Information Centre

Inrochtaineacht

Príobháideachas

Téigh i dteagmháil linn

Séanadh

Faisnéis Earnála Poiblí a Athúsáid