Comhchoistí Oibreachais

Réamhrá

Comhlacht neamhspleách é Comhchoiste Oibreachais (CCO) ina bhfuil líonta comhionanna d’ionadaithe fostóra agus oibrithe. Leagann CCO amach na coinníollacha fostaíochta agus na rátaí pá íosta d’fhostaithe in earnáil ar leith, mar shampla, glantachán ar conradh.

Bunaítear CCOanna sa Chúirt Oibreachais i ndiaidh go ndéanann ceachtar den mhéid seo a leanas iarratas:

  • An tAire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta
  • Ceardchumann
  • Aon eagraíocht a dhéanann ionadaíocht do na hoibrithe nó do na fostóirí a bhíonn i gceist

Ceapann an tAire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta cathaoirleach agus cathaoirleach ionaid CCO.

Cad a dhéanann Comhchoiste Oibreachais?

Is féidir le Comhchoistí Oibreachais Ordú Rialaithe Fostaíochta (ORF) a dhréachtú, ina leagtar amach na coinníollacha fostaíochta agus na rátaí pá íosta don earnáil a ndéanann siad ionadaíocht dó. Ansin cuireann siad an dréacht-ORF faoi bhráid na Cúirte Oibreachais lena athbhreithniú.

Má chomhaontaíonn an Chúirt Oibreachais leis an téarmaí a leagtar amach sa dréacht-ORF, seolfar an ORF chuig an Aire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta. Nuair a shíníonn an tAire an ORF, bronntar éifeacht reachtúil air, a chiallaíonn go mbeidh sé ina cheangal dlí.

Tá 2 ORF i bhfeidhm faoi láthair, do na tionscail ghlantacháin agus slándála ar conradh.

An dlí maidir le Comhchoistí Oibreachais

Leagtar amach ról Comhchoiste Oibreachais san Acht Caidrimh Thionscail (Leasú), 2012. Leasaíonn sé an tAcht Caidrimh Thionscail, 1946. Faoin Acht:

  • Is féidir le CCOanna bunráta pá do dhuine fásta agus 2 ráta bhreise níos airde a leagan amach
  • Is féidir le cuideachtaí a bhfuil deacracht airgeadais acu iarraidh ar dhíolúine ó rátaí ORF a íoc
  • Nuair a bhíonn rátaí pá á socrú, caithfidh CCOanna roinnt tosca a chur san áireamh, cosúil le hiomaíochas agus rátaí fostaíochta agus dífhostaíochta
  • Ní shocraíonn CCOanna ardrátaí an Domhnaigh a thuilleadh

Comhchoistí Oibreachais reatha

Déanann Comhchoistí Oibreachais (CCOanna) ionadaíocht d’oibrithe in earnáil ar leith. Tá Comhchoistí Oibreachais ann faoi láthair do:

  • Oibrithe talmhaíochta
  • Lónadóireacht
  • Glantachán ar conradh
  • Foghlaim agus Cúram na Luath-Óige (FCL) agus Cúram Leanaí ar Aois Scoile (CLAS)
  • Scoileanna Béarla
  • Gruagaireacht
  • Óstáin
  • Miondíol, Grósaeirí agus Ceirdeanna Gaolmhara
  • An Tionscal Slándála

Eolas breise

Is féidir leat eolas breise a fháil faoi Chomhchoistí Oibreachais (CCOanna) ar láithreán gréasáin na Cúirte Oibreachais. Is féidir leat léamh faoi CCOanna freisin ar láithreán gréasáin an Choimisiúin um Chaidreamh san Áit Oibre.

Má bhíonn aon cheisteanna agat faoi CCOanna, is féidir leat teagmháil a dhéanamh le Seirbhís Eolais agus do Chustaiméirí an Choimisiúin um Chaidreamh san Áit Oibre.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 26 Eanáir 2022