Tá sé de cheart ag fostaithe in Éirinn de réir na Bunreachta dul isteach i gceardchumann. Is féidir le ceardchumann bheith ina fhoinse thábhachtach eolais agus cosanta maidir le hábhair fhostaíochta, chomh maith le idirbheartú leis an bhfostóir chun pá agus coinníollacha oibre a fheabhsú.
Níl aon oibleagáid de réir dlí ar fhostóir idirbheartú le ceardchumann ag feidhmiú ar son fostaí atá ina bhall, mura socraíodh é roimh ré. Ní choscann seo gur féidir le casaoid faoi aitheantas a thabhairt do cheardchumann bheith ina casaoid dhlíthiúil.
Is í Comhdháil Cheardchumann na hÉireann (CCE) an bhrateagraíocht do cheardchumainn in Éirinn, agus feidhmíonn sí ar son leas ilchineálach fostaithe in Éirinn agus i dTuaisceart Éireann. Coinníonn CCE an suíomh gréasáin unionconnect.ie freisin.
Is féidir bheith ina choinníoll oibre go bhfuil ort dul isteach i gceardchumann áirithe tar éis duit tairiscint oibre a ghlacadh agus fanacht sa cheardchumann sin fad is a bhfanann tú mar fhostaí sa phost sin. Tá barúil ann nach bhfuil sé seo bunreachtúil, ach ní dhearnadh é a thriail sna cúirteanna fós. Má tá tú sa phost cheana gan bheith i do bhall den cheardchumann agus má chuireann do fhostóir d'iallach ort dul isteach i gceardchumann níos déanaí, is féidir leat diúltú dó, óir tá seo míbhunreachtúil.
Tá dífhostú de bharr gníomhaíocht cheardchumainn éagórach go huathoibríoch agus ní gá go mbeadh fad seirbhíse ar leith ag fostaí a dífhostaítear i gcúinsí mar sin chun a c(h)earta a fhorfheidhmiú.
Is é do cheardchumann a shocraíonn ráta an tsíntiúis a íoctar leis ach is iondúil go mbíonn sé seo idir 0.5% agus 1% de do thurastal comhlán bliantúil.
I 2010 bhí liúntas cánach ar an ngnáth ráta de €350 le fáil i gcás na síntiús a íocann baill cheardchumainn. Is ionann é seo agus creidmheas cánach de €70.
Cuirtear faoiseamh cánach ar shíntiúis cheardchumainn ar ceal ó 1 Eanáir 2011.
(Seirbhísí Faisnéise, Údarás Náisiúnta um Chearta Fostaíochta roimhe sin)
An Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíochta
Bóthar Uí Bhriain
Ceatharlach
Éire
Uaireanta Oscailte:Luan go hAoine 9.30rn go 5in
Teil: (059) 917 8990
Lóghlao: 1890 80 80 90
Láithreán Gréasáin: http://www.workplacerelations.ie/en/