Faoi bhun an Achta um Shaoire Uchtaíoch 1995, arna leasú leis an Acht um Shaoire Uchtaíoch 2005 (pdf) níl cead ag aon duine saoire uchtaíoch a thógáil seachas an mháthair uchtála, ach amháin nuair a bhíonn leanbh á uchtú ag fear singil.
Má thosaíonn an saoire uchtaíoch ar an 1 Márta 2007, nó i ndiaidh an dáta seo, is féidir leat saoire uchtaíoch de 24 seachtain a thógáil. Ina theannta sin, is féidir leat saoire uchtaíoch neamhíoctha de 16 seachtain bhreise a thógáil nuair a thagann deireadh leis an gcéad shaoire uchtaíoch – féach thíos.
Tá tú i dteideal saoire oibre gan pá a thógáil. Gheobhaidh tú pá le linn do shaoire uchtaíoch áfach, má léirítear a leithéid i do chonradh fostaíochta. Má d’íoc tú go leor ranníocaíochtaí ÁSPC, d’fhéadfaí Sochar Uchtaíoch a fháil ón Roinn Coimirce Sóisialaí nuair a bhíonn tú ar shaoire uchtaíoch.
Ón 1 Márta 2007 ar aghaidh, beidh cead agat freisin saoire uchtaíoch neamhíoctha de 16 seachtain bhreise a thógáil, ach ní thagann an tréimhse seo faoi Shochar Uchtaíoch, agus ní bhíonn ar d’fhostóir do thuarastal a íocadh le linn na tréimhse seo, ach amháin nuair a shocraítear a mhalairt. Má tá tú tinn le linn do shaoire bhreise mháithreachais neamhíoctha is féidir leat iarraigh ar d’fhostóir chun críoch a chur ar do shaoire bhreise mháithreachais. Má aontaíonn d’fhostóir, ní bheidh tú i dteideal an fuílleach na saoire máithreachais. Beidh tú ar shaoire breoiteachta agus b'fheidir i dteideal Sochar Breoiteachta a fháil.
Is féidir leat uchtála saoire fhostaíochta íoctha a thógáil chun páirt a ghlacadh i gcúrsaí ullmhúcháin agus i gcruinnithe réamhuchtála le hoibrithe sóisialta nó le hoifigigh ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS), mar chuid den phróiseas réamhuachtála.
Is féidir leat laethanta breise a thógáil do na laethanta saoire poiblí le linn do shaoire uchtaíoch (lena n-airítear saoire uchtaíoch bhreise). Tá cearta an fhostaí maidir le laethanta saoire poiblí leagtha amach in Alt 21 den Acht um Eagraí Ama Oibre 1997.
Féachtar ar an méid ama a chaithtear ar shaoire uchtaíoch (lena n-airítear saoire uchtaíoch bhreise) mar thréimhse ama a caitheadh ag obair, agus is féidir í seo a úsáid chun teidlíochtaí saoire bhliantúil agus laethanta saoire poiblí a bhaint amach.
De réir na hAchtanna um Shaoire Uchtaíoch 1995 agus 2005 nuair a bhíonn daoine ar shaoire uchtaíoch bhreise, déantar a gcearta fostaíochta (ach amháin luach saothair agus sochair aoisliúntais) a chosaint, mar shampla, saoire bhliantúil agus sinsearacht.
Ón 30 Eanáir 2006 ar aghaidh, féadtar an saoire uchtaíoch nó an saoire uchtaíoch bhreise a chur ar atráth má bhíonn ar an leanbh uchtaithe tréimhse ama a chaitheamh san ospidéal agus nuair a aontaíonn an fostóir.
Tá na cearta céanna ag daoine ar shaoire uchtaíoch is atá ag daoine ar shaoire máithreachais filleadh ar an obair, agus bíonn orthu fógra 4 sheachtain a thabhairt dá bhfostóirí nuair a bhíonn sé ar intinn acu filleadh ar an obair. Is féidir leat filleadh ar an bpost céanna a bhí agat cheana, ach amháin nuair a bhíonn sé ró-dheacair don fhostóir. Sa chás seo, bíonn ar an bhfostóir post oiriúnach, iomchuí eile a thabhairt duit. Caithfear na téarmaí agus coinníollacha céanna a chur i bhfeidhm agus na tascanna céanna a chomhlíonadh, a bhí á dhéanamh agat roimh shaoire uchtaíoch a thógáil.
Creidmheasanna ÁSPC: Faigheann tú creidmheasanna go huathoibríoch má bhíonn tú ag fáil Sochar Uchtaíoch. Má bhaineann tú úsáid as saoire uchtaíoch breise neamhíoctha caithfidh tú a iarraidh ar d’fhostaitheoir an fhoirm iarratais ar chreidmheasanna saoire uchtaíoch (pdf) a líonadh i ndiaidh duit filleadh ar obair.
Tá cosaint agat ó dífhostú éagórach má thógann tú saoire uchtaíoch.
Bíonn na cearta céanna agat filleadh ar an obair, fiú amháin má bhíonn fostóir nua i gceist toisc athrú bainistíochta le linn na saoire uchtaíoch.
Fogra: Caithfear fógra a thabhairt do d’fhostóir 4 sheachtain roimh shocrú do leanbh uchtaithe (d’uchtuithe eachtracha agus intíre) go bhfuil sé beartaithe agat saoire uchtaíoch a thógáil. Ba cheart duit an dáta socraithe ionchais a thabhairt dod’fhostóir chomh luath agus is féidir leat. Má tá sé ar intinn agat saoire bhreise de 16 seachtaine a thógáil, ní mór duit é seo a chur in iúl dod’fhostóir i scríbhinn 4 seachtaine ar a laghad roimh ré. Féadtar na fógraí seo a sheoladh isteach ag an am céanna.
Is rud fíor-riachtanach é na ceanglais fógra seo a chomhlíonadh. Mura ndéantar é seo, d’fhéadfá do chearta a chailliúint.
Caithfear a chur in iúl dod’fhostóir i scríbhinn go bhfuil sé beartaithe agat saoire uchtaíoch a thógáil. Caithfear é seo a chur in iúl dod’fhostóir 4 sheachtain roimh ré agus caithfear an dáta atá leagtha amach agat a chur síos go soiléir i do litir agus teastas socraithe a thabhairt dod’fhostóir laistigh de 4 sheachtain tar éis an dáta socraithe.
Má bhíonn a thuilleadh faisnéise á lorg agat ar shaoire uchtaíoch, ba cheart duit teagmháil a dhéanamh leis an Údarás Comhionannais. Tá bileog maidir le do chearta ar shaoire uchtaíoch ar fáil ar an suíomh gréasáin na hÚdaráis Chomhionannais.
Féadtar gearáin, díospóidí agus casaoidí a bhaineann le saoire uchtaíoch a thabhairt tríd an fhoirm gearáin shingil nua a úsáid.
Ba cheart duit iarratas a chur chuig An Rannóg um Shochar Uchtaíoch, An
Roinn Coimirce Sóisialaí, 5 sheachtain roimh do shaoire uchtaíoch a thosú.
Teach Gharrán an Bhirsigh
Ros Cré
Tiobraid Árann
Éire
Teil:+353 (0)505 24126
Lóghlao:1890 245 545
Facs:+353 (0)505 22388
Láithreán Gréasáin: http://www.equality.ie
R-phost: info@equality.ie
Bóthar Mhic Artúir
Ard Rámhann
Bun Crannacha
Buncrana
Dún na nGall
Éire
Teil:(01) 471 5898
Lóghlao:1890 690 690
Láithreán Gréasáin: http://www.welfare.ie