Saoire do thuismitheoirí

Eolas

Ceadaíonn an tAcht um Shaoire do Thuismitheoirí 1998, agus é leasaithe ag an Acht um Shaoire do Thuismitheoirí (Leasú) 2006, saoire tuismitheora do thuismitheoirí in Éirinn i leith leanaí áirithe. Tá an ceart céanna i leith leanbh cáilithe ag duine atá i loco parentis.

Aois leanaí

Ó 18 Bealtaine 2006, tá saoire ceadaithe i leith leanaí suas le hocht mbliana d'aois (cúig bliana cheana). Is féidir síneadh a chur leis an uasaois i gcás leanbh uchtaithe. I gcás leanbh le míchumas ceadaítear saoire go dtí go mbíonn sé/sí 16 bliain d'aois. Chomh maith leis sin is féidir síneadh ama a cheadú sa gcás nach raibh fostaí in ann saoire a thógáil sa ghnáththréimhse cheadaithe de bharr tinneas nó éagumas eile.

Tréimhse saoire

Ceadaítear saoire tuismitheora 14 seachtaine oibre i leith gach linbh. Ní cheadaítear saoire níos faide ná 14 seachtaine i dtréimhse 12 mí don té a bhfuil níos mó ná leanbh amháin aige/aici ach amháin le cead an fhostóra.Ceadaítear tuismitheoirí cúpla nó tríríní níos mó ná 14 seachtaine i dtréimhse 12 mí.

Is féidir na 14 seachtaine in aghaidh gach linbh a thógáil go leanúnach nó i dtréimhsí nach lú ná 6 seachtaine an ceann. Ní mór duit bearna nach lú ná 10 seachtaine idir na tréimhsí saoire in aghaidh gach linbh a fhágáil. Le cead an fhostóra is féidir do shaoire a thógáil i dtréimhsí laethanta nó uaireanta fiú.

Tá saoire tuismitheora dlite go cothrom don bheirt thuismitheoir beag beann ar a chéile. Mura bhfuil tú féin agus do pháirtí ag obair don fhostóir céanna ní féidir leat ach do shaoire tuismitheora féin (14 seachtaine i leith gach linbh) a éileamh. Má tá an bheirt agaibh ag obair don fhostóir céanna féadfaidh sibh bhur gcearta do shaoire tuismitheora a thabhairt dá chéile má aontaíonn an fostóir.

Tinneas tuismitheora

Má bhuailtear tinn an tuismitheoir agus é/í ar saoire tuismitheora agus gan é/í in ann aire a thabhairt don leanbh is féidir an tsaoire a chur ar fionraí fad a mhairfidh an tinneas. Caithfidh an tuismitheoir fógra scríofa a thabhairt don fhostóir chomh luath agus is féidir chun an tsaoire a chur ar fionraí. Leanfar leis an tsaoire nuair a bheidh an tinneas caite. Le linn an tinnis caitear leis an tuismitheoir mar fhostaí tinn.

Cearta fostaíochta ar saoire tuismitheora

Níl tú i dteideal aon phá a fháil ó d'fhostóir agus tú ar saoire tuismitheora ná níl tú i dteideal íocaíocht leasa shóisialaigh ar nós Sochar MáithreachaisSochar Uchtála a fháil.

Má thógann tú saoire tuismitheora ní bhíonn aon tionchar aige sin ar aon cheart eile atá agat mar fhostaí. Taobh amuigh de chaillteanas pá agus ranníocaíochtaí pinsin, fanfaidh do phost mar a bheadh murar thóg tú saoire tuismitheora. Ciallaíonn sé sin, mar shampla, gur féidir am a caitheadh ar shaoire do thuismitheoirí a úsáid chun do theidlíocht do shaoire bhliantúil a bhailiú le chéile.

Ní soláthríonn an reachtaíocht ach an t-íosmhéid. B'fhéidir go bhfuil cearta níos mó i do chonradh féin.

Íocaíochtaí árachais shóisialaigh

Tá Rialacháin déanta ag an Aire Coimirce Sóisialaí lena chinntiú go gcaomhnófaí taifid árachais shóisialaigh (ÁSPC) d'fhostaithe a ghlacann saoire tuismitheora. Caithfidh d’fhostóir scríobh chuig Rannóg na dTaifead den Roinn Coimirce Sóisialaí (RCS), ag sonrú na seachtainí nach raibh tú ag obair, ionas gur féidir leat ranníocaíochtaí creidiúnaithe ÁSPC a fháil don am seo (féach ‘Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas’ thíos). Is féidir leat eolas faoi ranníocaíochtaí creidiúnaithe agus saoire tuismitheora a fháil ar an suíomh gréasáin RCS.

Saoire bhliantúil agus laethanta saoire phoiblí

Ní mór tú a mheas chun críche cearta fostaíochta amhail is dá mbeifeá fós ag obair le linn duit a bheith ar saoire do thuismitheoirí. Ciallaíonn sé sin go bhféadfaidh tú saoire bhliantúil a charnadh fós le linn duit a bheith ar saoire do thuismitheoirí. Sa chás go dtiteann saoire phoiblí ar lá a mbíonn tú ar saoire do thuismitheoirí, féadfaidh tú am saor a ghlacadh don tsaoire phoiblí nuair a thagann deireadh leis an tsaoire do thuismitheoirí. Má thiteann do shaoire bhliantúil le linn duit a bheith ar saoire do thuismitheoirí, féadfar í a ghlacadh ag tráth níos déanaí. Cuirtear saoire phoiblí a thiteann le linn duit a bheith ar saoire do thuismitheoirí agus ar lá a mbeafeá ag obair de ghnáth, le do thréimhse saoire.

Rialacha

  • Go ginearálta ní mór duit a bheith ag obair don fhostóir nua ar feadh bliana sula mbíonn tú i dteideal saoire do thuismitheoirí a fháil. Ach má tá do leanbh an-ghar don tairseach aoise agus tú breis is 3mhí ach níos lú ná bliain ag obair don fhostóir nua tá tú i dteideal saoire tuismitheora pro-rata. Is ionann é sin agus saoire aon seachtaine i gcás gach mí fhostaíochta a bhíonn curtha i gcrích.
  • Má athraíonn tú post agus cuid de do shaoire tuismitheora caite agat féadfaidh tú an chuid eile a thógáil tar éis bliain a chaitheamh le d'fhostóir nua ach do leanbh a bheith fós faoin uasaois.
  • Chomh maith le tú a dhiúltú de bhrí, dar leis, nach bhfuil tú i dteideal saoire, féadfaidh fostóir do shaoire a chur siar ar feadh suas le 6 mhí. Ní mór é seo a dhéanamh sula sínítear an dearbhú. Ansin, ní féidir an tsaoire a chur siar gan comhaontú scríofa tuilleadh. Ar na húdair le saoire a chur siar tá gan aon duine a bheith ann le d'áit a thógáil nó fostaithe eile a bheith ar saoire tuismitheora cheana. Go hiondúil ní cheadaítear saoire a chur siar ach aon uair amháin ach má tá athruithe séasúracha sa mhéid oibre d'fhéadfadh é a chur siar faoi dhó.
  • Ní féidir leat do shaoire tuismitheora a úsáid ach amháin le haghaidh cúram do leanbh. Má tá do shaoire tuismitheora tógtha agus úsáidte le haghaidh aon ghnó eile, beidh d'fhostóir i dteideal do shaoire a chealú
  • Caithfidh fostóirí cuntas a choinneáil ar aon saoire tuismitheora a thógann a gcuid fostaithe. Ní mór taifead ar thréimhse fhostaíochta gach fostaí agus dátaí agus amanna gach saoire a tógadh a bheith sa chuntas. Ní mór d'fhostóirí na cuntais seo a choinneáil shlán ar feadh 8 mbliana. Fostóir ar bith nach gcoinníonn cuntais, d'fhéadfaí fíneáil suas le €2000 a ghearradh air nó uirthi.
  • Tá sé de cheart agat filleadh ar do sheanphost tar éis saoire tuismitheora ach amháin mura mbíonn sé seo réalaíoch ó thaobh an fhostóra de. I gcás mar seo ní mór post feiliúnach eile a thairiscint duit ar théarmaí nach mbeadh níos measa, a bheag nó a mhór, ná iadsan a bhain le do sheanphost. Tá cosaint faoin reachtaíocht ag na tuismitheoirí ó dhífhostú éagórach má thógann siad saoire tuismitheora.

Conas iarratas a dhéanamh

Ní mór duit fógra scríofa a thabhairt don fhostóir má tá brath agat saoire tuismitheora a thógáil. Ba chóir duit scéala a chur i scríbhinn chuig d'fhostóir ar a laghad sé seachtaine roimh thús na saoire. Ba chóir go luafaí dáta tosaithe agus fad na saoire sa bhfógra. Ansin ceithre seachtaine ar a dheireanaí roimh thús na saoire, caithfidh tú féin agus d'fhostóir doiciméad a shíniú le sonraí faoin tsaoire a dhearbhú.

Le tuilleadh eolais a fháil faoi shaoire do thuismitheoirí déan teagmháil leis an Údarás Comhionnanais. Tá bileog maidir le do chearta ar shaoire do thuismitheoirí (pdf) ar fáil ar an suíomh gréasáin na hÚdaráis Chomhionannais.

I gcás aighnis faoi shaoire do thuismitheoirí is feidir leis an bhfostóir nó an fostaí iarratas a dhéanamh agus an fhoirm gearáin shingil nua a úsáid.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

Rannóg um Taifead ÁSPC

Roinn Coimirce Sóisialaí
Bóthar Mhic Artúir
Ard Rámhann
Bun Crannacha
Dún na nGall
Éire

Teil:(01) 471 5898
Lóghlao:1890 690 690
Láithreán Gréasáin: http://www.welfare.ie/

An tÚdarás Comhionannais

Teach Gharrán an Bhirsigh
Ros Cré
Tiobraid Árann
Éire

Teil:+353 (0)505 24126
Lóghlao:1890 245 545
Facs:+353 (0)505 22388
Láithreán Gréasáin: http://www.equality.ie
R-phost: info@equality.ie

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 23 April 2012

Catagóirí

Leas Sóisialach

Fostaíocht

Oideachas agus Oiliúint

Taisteal agus Áineas

Tithíocht

Ag bogadh tíre

Airgead agus Cáin

Teaghlach agus Caidrimh

Sláinte

Dlí

Gnóthaí Tomhaltóirí

Bás agus Méala

Rialtas in Éirinn

Comhshaol

Find a Citizens Information Centre

Inrochtaineacht

Príobháideachas

Téigh i dteagmháil linn

Séanadh

Faisnéis Earnála Poiblí a Athúsáid