Saoire bhreoiteachta agus pá breoiteachta

Réamhrá

Ón 1 Eanáir 2024, tá an ceart agat pá breoiteachta 5 lá sa bhliain a fháil (méadaigh ó 3 lá in 2023) . Tugtar pá breoiteachta reachtúil air seo (ciallaíonn sin an t-íosmhéid dlíthiúil). Íocann d’fhostóir pá breoiteachta ag 70% de do ghnáthphá a mhéid le €110 sa lá.

Caithfidh tú a bheith i d’fhostaí agus bheith ag oibriú ar feadh ar a laghad 13 seachtaine le d’fhostóir sular féidir leat pá breoiteachta reachtúil a fháil.

Is féidir le d’fhostóir scéim pá breoiteachta níos flaithiúla a bheith acu ach ní féidir leo níos lú ná an méid reachtúil a thabhairt duit.

Cad í an Scéim Pá BreoiteachtaReachtúil (PBR) nua?

Is é Pá Breoiteachta Reachtúil (PBR) an pá breoiteachta íosta dlíthiúil.

Tá an teidlíocht do shaoire bhreoiteachta íoctha á tabhairt isteach thar thréimhse 4 bliana:

2024 - 5 lá cumhdaithe

2025 - 7 lá cumhdaithe

2026 - 10 lá cumhdaithe

Is féidir laethanta breoiteachta a chur san áireamh mar laethanta i ndiaidh a chéile nó mar laethanta nach bhfuil i ndiaidh a chéile.

Is é an féilire pá breoiteachta an bhliain féilire, agus gabhann sé ón 1 Eanáir go dtí an 31 Nollaig.

Is féidir leat pá breoiteachta 70% de do ghnáthphá a mhéid le €110 sa lá a fháil – féach eolas breise faoi conas a ríomhtar do phá breoiteachta thíos. Leagtar amach na rialacha maidir le PBR san Acht um Shaoire Bhreoiteachta, 2022. Tosaíodh an teidlíocht do phá breoiteachta an 1 Eanáir 2023.

An bhfuil mé i dteideal pábreoiteachta a fháil?

Chun cáiliú do phá breoiteachta reachtúil, caithfidh tú na critéir seo a leanas a shásamh:

  • Bheith i d’fhostaí
  • Bheith ag oibriú do d’fhostóir ar feadh ar a laghad 13 seachtaine i ndiaidh a chéile sula mbíonn tú breoite
  • Bheith deimhnithe ag DG nach féidir leat oibriú

Is féidir leat pá breoiteachta a fháil sna cásanna seo a leanas:

  • Tá tú ar promhadh
  • Tá tú ag tabhairt faoi oiliúint (intéirnigh)
  • Is printíseach thú
  • Is oibrí gníomhaireachta thú

An féidir le hoibrithe páirtaimseartha 5 lá a fháil?

Is féidir, féadfaidh fostaithe lánaimseartha agus páirtaimseartha 5 lá saoire bhreoiteachta íoctha a thógáil.

Mar sin féin, tá an méid a íoctar as do shaoire bhreoiteachta (70% de do thuilleamh, suas le €110) bunaithe ar mheán do phá thar na 13 seachtaine sula mbíonn tú ar shaoire bhreoiteachta – féach níos mó thíos.

Má tá níos mó ná post amháin agam

Má tá fostóirí iolracha agat, féadfaidh tú 5 lá saoire bhreoiteachta le pá a fháil ó gach fostóir, a luaithe a bheidh 13 seachtaine seirbhíse agat leis an bhfostóir sin sula mbíonn tú breoite.

An dteastaíonn teastas dochtúrauaim le pá breoiteachta a fháil?

Faoin reachtaíocht um shaoire bhreoiteachta, caithfidh tú a bheith deimhnithe ag DG nach féidir leat oibriú chun cáiliú do phá breoiteachta reachtúil. Ba cheart duit bheith deimhnithe ón gcéad lá de do shaoire bhreoiteachta.

Tá ceart agat PBR a fháil ón gcéad lá a bhíonn as láthair ón obair agus tú breoite. Ní féidir le d’fhostóir ‘laethanta feithimh’ a chur i bhfeidhm go dtí go bhfaigheann tú pá breoiteachta reachtúil.

Conas a ríomhtar mo phábreoiteachta

Caithfear d’íocaíocht saoire bhreoiteachta reachtúil a íoc ar do ghnáthráta laethúil. Tá tú i dteideal 70% de do ghnáthphá a mhéid le €110 sa lá a fháil.

Cad é gnáthphá laethúil?

Áirítear le do ghnáthphá laethúil aon bhónas nó liúntas a íoctar go rialta nach n-athraíonn ó sheachtain go seachtain (ach ní áirítear ragobair nó coimisiún leis).

Má thagann athrú ar do phá ó sheachtain go seachtain (mar shampla, mar gheall ar íocaíochtaí bónais nó ar liúntas), is é do phá breoiteachta do phá i rith na 13 seachtaine sula mbíonn tú ar shaoire bhreoiteachta.

Cuimhnigh go gcuirtear uasteorainn €110 sa lá, ar a mhéid, ar phá breoiteachta.

Má tá scéim pá breoiteachta agm’fhostóir cheana féin

Is féidir le d’fhostóir socruithe níos flaithiúla pá breoiteachta a chur ar tairiscint duit faoina scéim féin. Má chuireann, déileálfar le do shaoire bhreoiteachta faoin scéim sin.

Caithfidh an scéim sin a bheith níos fabhraí, nuair a chaitear léi mar scéim iomlán, ná an scéim pá breoiteachta reachtúil, chun go mbeidh feidhm léi.

An bhfuilim i dteideal Pá Breoteachta Reachtúil (SSP) freisin?

Ní féidir leat an SSP a fháíl anuas ar na sochair ó scéim d'fhostóra.

Má tá a scéim pá breoiteachta féin ag d'fhostóir a thairgeann sochair níos flaithiúla ná SSP, ba cheart duit a bheith íoctha faoi na socruithe sin. Tá an SSP le haghaidh fostaithe nach bhfuil scéim pá breoiteachta cuideachta acu nó nach gcáilíonn dó.

Má táim as obair agus tinn ar feadh níos lú ná 5 lá

Má tá tú sa bhaile ón obair mar gheall ar tinneas ar feadh níos lú ná 5 lá, is féidir na laethanta neamhúsáidte a úsáid le haghaidh aon tréimhse tinnis eile, suas le 5 lá ar a mhéad i mbliain féilire.

Conas a théann saoire bhreoiteachta i bhfeidhm ar shochar breoiteachta?

Má tá tú sa bhaile ón obair mar gheall ar tinneas ar feadh níos mó ná 5 lá, agus má tá go leor ranníocaíochtaí ÁSPC agat, is féidir leat iarratas a dhéanamh chuig an Roinn Coimirce Sóisialaí (RCS) ar íocaíocht ar a dtugtar Sochar Breoiteachta.

Tosaíonn do Shochar Breoiteachta ó lá 6.

Má tá tú tinn arís

Má d’úsáid tú do 5 lá de shaoire bhreoiteachta reachtúil in 2024 cheana féin agus má tá tú tinn arís níos déanaí sa bhliain chéanna, féadfaidh tú Sochar Breoiteachta a fháil ó 4 lá de do bhreoiteacht (is é sin tar éis na 3 lá feithimh de ghnáth).

Do chearta fostaíochta achosaint

Cosnaítear do chearta fostaíochta i rith saoire bhreoiteachta. Caitear leat faoi mar atá tú fostaithe fad a bhíonn tú ar shaoire bhreoiteachta.

Cad a tharlaíonn má bhím as láthair ón obair mar gheall arbhreoiteacht i rith saoirí poiblí?

Má oibríonn tú go lánaimseartha agus má tá tú ar shaoire bhreoiteachta i rith saoire phoiblí, is féidir leat pá breoiteachta nó Sochar Breoiteachta a fháil don tsaoire phoiblí a chailleann tú.

De rogha air sin, is féidir le d’fhostóir caitheamh leat amhail nach bhfuil tú ar shaoire bhreoiteachta ar an tsaoire phoiblí agus thú a íoc mar is gnách don lá sin. Sa chás seo, ní chuirfidh siad an tsaoire phoiblí san áireamh mar lá saoire bhreoiteachta.

Má oibríonn tú go páirtaimseartha agus má tá tú ar shaoire bhreoiteachta i rith saoire phoiblí, bíonn tú i dteideal am a ghlacadh saor ón obair don tsaoire phoiblí. Caithfidh gur oibrigh tú ar a laghad 40 uair an chloig sa tréimhse 5 seachtaine roimhe sin.

Níl tú i dteideal pá a fháil ná am a ghlacadh saor ón obair don tsaoire phoiblí má tá tú ar shaoire bhreoiteachta díreach roimh an tsaoire phoiblí, agus sa chás go mbíonn ceachtar den dá choinníoll seo a leanas i gceist:

  • Bhí tú as láthair ón obair ar feadh breis agus 26 seachtain mar gheall ar ghnáthbhreoiteacht nó ar thimpiste
  • Bhí tú as láthair ón obair ar feadh breis agus 52 seachtain mar gheall ar thimpiste ag an obair

Cad a dhéantar le mo shaoire bhliantúil nuair a bhím as láthair ónobair mar gheall ar bhreoiteacht?

Má bhíonn tú breoite i rith do shaoire bliantúla, agus má fhaigheann tú teastas dochtúra do na laethanta a bhíonn tú breoite, ní chuirfear na laethanta seo san áireamh mar laethanta saoire bliantúla. Ní féidir le fostóir iallach a chur ort glacadh le saoire bhliantúil ar laethanta a bhíonn tú breoite, má tá teastas dochtúra agat.

Is féidir leat leanúint ag cur le do theidlíocht do shaoire bhliantúil fad a bhíonn tú as láthair ón obair mar gheall ar bhreoiteacht, chomh fada agus a bhíonn teastas dochtúra agat.

Má tá tú ar shaoire bhreoiteachta fhadtéarmach agus mura féidir leat do shaoire bhliantúil a ghlacadh mar gheall ar bhreoiteacht, is féidir leat é a thabhairt anonn ar feadh a fhaide le 15 mhí i ndiaidh dheireadh na bliana inar thuill tú é. Má fhágann tú do phost laistigh de na 15 mhí seo, ba cheart duit pá saoire a fháil in ionad na saoire lae nár ghlac tú mar gheall ar bhreoiteacht.

Má ghlacaim saoire bhreoiteachta agus mé ar promhadh

Is féidir le d’fhostóir do phromhadh, oiliúint nó printíseacht a chur ar fionraí don tréimhse a bhíonn tú ar shaoire bhreoiteachta. Is féidir na laethanta a chur le deireadh thréimhse do phromhaidh, oiliúna nó do phrintíseachta.

Cad is féidir liom a dhéanamh má chaillim mo phost?

Má bhíonn tú as láthair ón obair go minic mar gheall ar bhreoiteacht nó mura féidir leat d’obair a dhéanamh a thuilleadh mar gheall ar do bhreoiteacht, b’fhéidir go gcaillfidh tú do phost. I roinnt cásanna, is féidir leis an dlí thú a chosaint ó dhífhostú éagórach.

Fadhbanna a bheith agat pábreoiteachta a fháil

Mura bhfaigheann tú pá breoiteachta, déan teagmháil le do fostóir le triail a bhaint as an tsaincheist a réiteach go neamhfhoirmiúil ar dtús.

Mura féidir leat an tsaincheist a réiteach go díreach le d’fhostóir, is féidir leat gearán foirmiúil a dhéanamh leis an gCoimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre (an CCÁO).

Conas gearán a dhéanamh leis an CCÁO

Má tá díospóid agat faoi phá breoiteachta, is féidir leat gearán foirmiúil a dhéanamh leis an CCÁO. Ba cheart duit an fhoirm ghearáin ar líne a úsáid.

Caithfidh tú do ghearán a dhéanamh laistigh de 6 mhí i ndiaidh gur tharla an díospóid. Is féidir síneadh ama 6 mhí eile a chur leis an teorainn ama ach amháin má tá cúis réasúnta leis an moill. Is féidir leat eolas breise a léamh faoi conas gearán a dhéanamh, sonraí faoi phróiseas breithnithe an CCÁO san áireamh.

Gearradh pionós orm i ngeall arghlacadh le pá breoiteachta

Cosnaítear thú in aghaidh íospartha nó pionósú as do chearta a éileamh faoin reachtaíocht um shaoire bhreoiteachta.

Ciallaíonn seo nach féidir le d’fhostóir pionós a ghearradh ort trí dhífhostú, caitheamh éagórach nó athrú mífhabhrach ar do choinníollacha fostaíochta.

Má gearradh pionós ort, is féidir leat gearán a dhéanamh leis an gCoimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre (an CCÁO).

Díolúine fostóra ó phábreoiteachta a íoc

Is féidir le fostóir atá thíos le deacrachtaí troma airgeadais iarratas a dhéanamh leis an gCúirt Oibreachais ar dhíolúine ó phá breoiteachta reachtúil a íoc.

Má dheonaítear díolúine, deonófar í ar feadh tréimhse idir 3 agus 12 mhí.

Eolas breise

Leagtar amach an dlí maidir le saoire bhreoiteachta agus pá breoiteachta san Acht um Shaoire Bhreoiteachta, 2022, an tOrdú um Thosach Feidhme fán Acht um Shaoire Bhreoiteachta, 2022 agus na Rialacháin um an Acht um Shaoire Bhreoiteachta,2022 (Ráta orordaithe laethúil íocaíochta), 2022. Is féidir leat eolas breise a léamh faoi thimpistí san ionad oibre.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 4 Eanáir 2024