An Roinn Post, Fiontar, agus Nuálaíochta

Eolas

an Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíochta freagrach as beartas rialtais sna réimsí fiontair a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, fostaíocht a chur chun cinn, gnó a rialú agus fostaithe a chosaint. I measc na bhfreagrachtaí sin tá clárú comhlachtaí, cosaint tomhaltóirí, caidrimh thionsclaíocha agus coinníollacha fostaíochta. Tá 5 rannóg aige lena n-áirítear Cearta Fostaíochta agus Caidrimh Thionsclaíocha a bhfuil ról aige i reachtaíocht fostaíochta áirithe a chur i bhfeidhm.

Cearta Fostaíochta agus Caidrimh Thionsclaíocha

I Feabhra 2007 aistrítear an tAonad Faisnéise Cearta Fostaíochta agus an Chigireacht Saothair ón rannóg seo chuig an Údarás Náisiúnta um Chearta Fostaíochta.

In Eanáir 2011 aistrítear an Rannóg Íocaíochtaí Iomarcaíochta agus an Rannóg Íocaíochtaí Dócmhainneacha chuig an Roinn Choimirce Sóisialaí.

Tá an Rannóg Cearta Reachtúla Fostaíochta freagrach as reachtaíocht a bhaineann le cearta fostaíochta a dhréachtú agus as an dul chun cinn a bhainistiú tríd an Oireachtas. Tá dualgas ar an rannóg seo féachaint ar chomh éifeachtach is atá reachtaíocht na gcearta fostaíochta reatha agus déanann sé athbhreithnithe ar reachtaíocht de réir mar is gá.

Sa rannóg sin tá Rannóg na gCeadanna Fostaíochta a eisíonn ceadanna fostaíchta.

Áirítear leis an obair a dhéanann an Rannóg Caidrimh Thionsclaíocha: beartas maidir le caidrimh thionsclaíocha a fhorbairt, páirt a ghlacadh i bpróiseas na gComhaontaithe Náisiúnta agus cur chuige comhpháirtíochta a fhorbairt maidir le caidrimh thionsclaíocha. Tá sé freagrach as caidreamh a dhéanamh idir an Roinn agus an gCúirt Oibreachais agus an Coimisiún um Chaidreamh Oibreachais.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas?

An Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíochta

23 Sráid Chill Dara
Baile Átha Cliath 2
Éire

Teil:+353 1 631 2121
Lóghlao:1890 220 222
Facs:+353 1 631 2827
Láithreán Gréasáin: http://www.djei.ie/
R-phost: info@deti.ie

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 17 June 2011

Catagóirí

Leas Sóisialach

Fostaíocht

Oideachas agus Oiliúint

Taisteal agus Áineas

Tithíocht

Ag bogadh tíre

Airgead agus Cáin

Teaghlach agus Caidrimh

Sláinte

Dlí

Gnóthaí Tomhaltóirí

Bás agus Méala

Rialtas in Éirinn

Comhshaol

Find a Citizens Information Centre

Inrochtaineacht

Príobháideachas

Téigh i dteagmháil linn

Séanadh

Faisnéis Earnála Poiblí a Athúsáid