Cur i bhfeidhm do chearta fostaíochta

Eolas

Faoin dlí fostaíochta tá cearta áirithe ag daoine ag obair in Éirinn ar nós íosráta pá agus saoire bhliantúil. Mura bhfuil do chearta nó teidlíochtaí á dtabhairt duit nó má chailleann tú do phost nó má cheapann tú gur dífhostaíodh tú go héagórach, tá eagraíochtaí éagsúla ann le cabhrú leat chun do chearta a chur i bhfeidhm. I measc na n-eagraíochtaí a bhfuil baint acu le cearta fostaíochta a chur i bhfeidhm tá an tÚdarás Náisiúnta um Chearta Fostaíochta, an Binse Achomhairc Fhostaíochta, an Coimisiún um Chaidreamh Oibreachais, an tSeirbhís Choimisinéir um Chearta, an Binse Comhionannais agus an Chúirt Oibreachais.

Athchóiriú chun cearta fostaíochta a chur i bhfeidhm

Ó 4 Eanáir 2012 tá pointe teagmhála aonair agus foirm gearáin shingil nua ar fáil ar láithreán gréasáin chomhroinnte ar workplacerelations.ie.

An 5 Aibreán 2012 d’fhoilsigh an tAire Post, Fiontar agus Nuálaíochta Treoirphlean a sonraíonn struchtúir nua um chaidreamh tionsclaíoch a bheith achtaithe roimh dheireadh 2012:

  • Foinse aonair údarásach faisnéise maidir le conspóidí fostóirí agus fostaithe a sheacaint
  • Coimisiúin um Chaidreamh san Ionad Oibre mar chomhlacht céadchéime (sin é, ina ndéantar gearáin ar dtús. Cuirfidh sé le chéile na seirbhísí reatha na gCoimisiún um Chaidreamh Oibreachais, Sheirbhís Choimisinéir um Chearta, an Bhinse Comhionannais, Údaráis Náisiúnta um Chearta Fostaíochta agus na feidhmeanna céadchéime an Bhinse Achomhairc Fhostaíochta.
  • Comhlacht achomhairc aonair (an Chúirt Oibreachais) don uile achomhairc ionaid oibre, iad faoin mBinse Achomhairc Fhostaíochta láithreach san áireamh
  • Seirbhís Luath-Réiteach chun conspóidí a réiteach gan ghá d’éisteacht nó do chigireacht
  • Teorainneacha ama coiteann ann a gcaithfear gearáin agus achomharc a dhéanamh agus sprioc tréimhse 3 mhí ó am gearáin go dtí éisteacht
  • Meicníochtaí comhlíonta nua chun comhlíonadh dlí fostaíochta a spreagadh agus neamh-chomhlíonadh a dhéileáil.

Dréachtaítear Bille um Chaidreamh san Ionad Oibre chun na hathruithe seo a chur i bhfeidhm i bhfómhair 2012.

I mBealtaine 2012 tosaíonn an Coimisiún um Chaidreamh Oibreachais a thabhairt Seirbhís Luath-Réiteach píolótach mar mhalairt ar éisteacht gearáin fhoirmiúil nó ar chigireacht

An tÚdarás Náisiúnta um Chearta Fostaíochta

I 2007 bunaíodh an tÚdarás Náisiúnta um Chearta Fostaíochta go sealadach.

Seirbhísí Chigireachta UNCF: Tá siad freagrach as dlithe áirithe fostaíochta agus Orduithe Rialaithe Fostaíochta agus Comhaontuithe Cláraithe Fostaíochta chur i bhfeidhm. Tugann sé faoi chigireacht agus bailíonn sé faisnéis a bhaineann le dlithe fostaíochta eile. Mar shampla, féadann fostaithe nó páirtithe leasmhara cigireacht a iarraidh maidir le cosaint daoine óga i bhfostaíocht.

Seirbhísí Forfheidhmithe agus Ionchúiseamh UNCF: Tá ról comhlíonta agus forfheidhmithe um cearta fostaíochta acu.

Faisnéis ar chearta fostaíochta: Ó 4 Eanáir 2012 soláthraíonn na Seirbhísí do Chustaiméirí um Chaidreamh san Ionad Oibre faisnéis ar chearta agus teidlíochtaí faoin reachtaíocht fostaíochta (soláthartha ag an Údarás Náisiúnta um Chearta Fostaíochta roimhe seo).

Binse Achomhairc Fhostaíochta

Is comhlacht neamhspleách é an Binse Achomhairc Fhostaíochta a éisteann réimse leathan aighneas ag baint le cearta fostaíochta. Ag brath ar an reachtaíocht, éisteann sé éilimh nó achomhairc. Uaireanta, tugtar éileamh díreach chuig an mBinse – féach conas iarratas a dhéanamh thíos. I gcásanna eile ní éisteann sé ach achomhairc i gcoinne socruithe nó moltaí a rinne Coimisinéir um Chearta.

An Coimisiún um Chaidreamh Oibreachais

Cuireann an Coimisiún um Chaidreamh Oibreachais feabhsú i gcaidrimh thionsclaíocha chun cinn agus cuireann sé comhairle ar fáil ar an ábhar céanna. Déanann sé é sin trí réimse leathan seirbhísí a sholáthar d'fhostóirí, d'fhostaithe agus do cheardchumainn lena n-áirítear an tSeirbhís Idir-Réitigh, an tSeirbhís Chomhairleach, an tSeirbhís Choimisnéir um Chearta agus an tSeirbhís Idirghabhála san Ionad Oibre

Seirbhís Choimisinéir um Chearta

Is oifigeach neamhspleách é an Coimisinéir um Chearta de chuid an Choimisiúin um Chaidreamh Oibreachais, a éisteann éilimh cearta fostaíochta a dhéantar ar bhonn aonair. Déanann an Coimisinéir um Chearta iarracht teacht ar shocrú leis an dá pháirtí agus déanann sé cinneadh mura socraítear an t- aighneas. I gcásanna áirithe, is féidir achomharc a dhéanamh chuig an mBinse Achomhairc Fhostaíochta i gcoinne cinnidh a rinne Coimisinéir um Chearta, i gcásanna eile chuig an gCúirt Oibreachais.

Binse Comhionannais

Déanann an Binse Comhionannis fiosrú nó idirghabháil ar ghearáin leatroim i bhfostaíocht lena n-áirítear oiliúint agus rochtain chun fostaíochta. Faoin Achtanna um Chomhionannais Fostaíochta 1998-2011 tá sé in aghaidh an dlí leatrom a fheidhmiú i gcoinne duine mar gheall ar inscne, stádas sibhialta, creideamh, claonadh gnéis, aois, míchumas, cine nó a bheith mar bhall den Lucht Siúil.

An Chúirt Oibreachais

Féadann an Chúirt Oibreachais fiosrúchán a dhéanamh ar aighneas tionsclaíoch i gcásanna áirithe. Is féidir achomharc a thabhairt chuici i gcoinne cinnidh a rinne Coimisinéir um Chearta nó an Binse Comhionannais.

An Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíochta

I measc freagrachtaí na Roinne Post, Fiontar agus Nuálaíochta, tá cur chun cinn fostaíochta, cosaint fostaithe agus ceadanna fhostaíochta.

Conas iarratas a dhéanamh

Braitheann an áit a ndéanann tú gearán léi chun ceann de do cheartafostaíochta a fhorfheidhmiú ar an dlí fostaíochta a dtagann sé faoi. Mar shampla tá do theidlíocht maidir le saoire bhliantúil leagtha amach faoin Acht um Eagrú Ama Oibre 1997.

Cuireann roinnt reachtaíocht fostaíochta cosc ar fhostóirí ó íospairt a dhéanamh ar fhostaithe nó pionóis a ghearradh orthu sin a dhéanann iarracht a gcuid ceart a thugtar leis an reachtaíocht a fhorfheidhmiú nó atá ag forfheidhmiú a gcuid ceart. Is éard a d’fhéadfadh a bheith i gceist le h Íospairt ná cóir is lú fabhar nó dífhostú.

Má tá gearán agat maidir le teidlíochtaí ar nós saoire bhliantúil, laethanta saoire poiblí, uaireanta oibre, saoire mháithreachais, saoire chúramóra, saoire altramais, saoire tuismitheora, ba chóir duit iarratas a dhéanamh chuig an Seirbhís Choimisinéir um Chearta - féach 'Gearáin' thíos.

Má tá dífhostú éagórach á héileamh agat ba chóir duit iarratas a dhéanamh chuig Seirbhís an Choimisinéara um Chearta má aontaíonn tú agus d'fhostóir. Má dhéanann aon duine agaibh gearán maidir le coimisinéir um chearta ba chóir duit iarratas a dhéanamh chuig an mBinse Achomhairc Fhostaíochta - féach 'Gearáin' thíos.

Má tá aighneas faoi iomarcaíocht nó mura dtugtar an fógra íosta riachtanach duit is féidir leat achomharc a thabhairt chuig an mBinse Achomhairc Fhostaíochta - féach 'Gearáin' thíos.

Má tá gearán agat maidir le leatrom sa bhfostaíocht ba chóir duit iarratas a dhéanamh chuig an mBinse Comhionannais - féach 'Gearáin' thíos.

Gearáin

Má dhéanann tú gearáin chuig Seirbhís an Choimisinéara um Chearta, chuig an mBinse Achomhairc Fostaíochta nó chuig an mBinse Comhionannais, caithfidh tú an fhoirm gearáin shingil nua a úsáid.

Más mian leat tuilleadh eolais faoi dlí agus chearta fostaíochta, déan teagmháil leis na Seirbhísí do Chustaiméirí um Chaidreamh san Ionad Oibre.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 21 May 2012

Catagóirí

Leas Sóisialach

Fostaíocht

Oideachas agus Oiliúint

Taisteal agus Áineas

Tithíocht

Ag bogadh tíre

Airgead agus Cáin

Teaghlach agus Caidrimh

Sláinte

Dlí

Gnóthaí Tomhaltóirí

Bás agus Méala

Rialtas in Éirinn

Comhshaol

Find a Citizens Information Centre

Inrochtaineacht

Príobháideachas

Téigh i dteagmháil linn

Séanadh

Faisnéis Earnála Poiblí a Athúsáid