Is é aidhm an Údaráis Náisiúnta um Chearta Fostaíochta ná féachaint chuige go gcomhlíontar an reachtaíocht cearta fostaíochta. Is iad na príomhghníomhaíochtaí atá aige ná a chuid cigirí a chur i mbun monatóireachta ar choinníollacha fostaíochta. Lena chois sin is féidir leis comhlíonadh a fhorfheidhmiú agus sásamh a lorg.
Bunaíodh NERA ar bhonn eatramhach i mí Feabhra 2007 mar oifig de chuid na Roinne Post, Fiontar agus Nuálaíochta. Cinntíonn Seirbhísí Forfheidhmithe agus Ionchúisimh NERA go gcuirtear i bhfeidhm an reachtaíocht faoi chearta fostaíochta agus go gcomhlíontar í.
Ó 4 Eanáir 2012 tá pointe teagmhála aonair agus foirm gearáin shingil nua ar fáil ar láithreán gréasáin chomhroinnte ar workplacerelations.ie.
An 5 Aibreán 2012, d’fhoilsigh an tAire Post, Fiontar agus Nuálaíochta doiciméad Treoirphlean a sonraíonn na struchtúir institiúideacha nua um chaidreamh tionsclaíoch a chuirfear in áit roimh dheireadh 2012. Cuirfidh Coimisiúin um Chaidreamh san Ionad Oibre le chéile na seirbhísí reatha na gCoimisiún um Chaidreamh Oibreachais, Sheirbhís Choimisinéir um Chearta, an Bhinse Comhionannais, Údaráis Náisiúnta um Chearta Fostaíochta agus na feidhmeanna céadchéime an Bhinse Achomhairc Fhostaíochta. Is é an Chúirt Oibreachais an comhlacht achomhairc aonair a éistfear an uile achomhairc ionad oibre, achomhairc Bhinse Achomhairc Fhostaíochta san áireamh. Dréachtaítear reachtaíocht chun na hathruithe seo a chur i bhfeidhm i bhfómhair 2012.
Bunaíodh an Chigireacht Saothair ar dtús chun Orduithe Rialaithe Fostaíochta agus Comhaontuithe Cláraithe Fostaíochta a fhorfheidhmiú faoi na hAchtanna Caidrimh Tionscail 1946–2001. Tá an obair seo ina chuid mhór den obair fhorfheidhmithe atá ag seirbhísí cigireachta NERA agus comhlíonann siad an ról seo i gcomhar leis an g Cúirt Oibreachais.
Tháinig méadú mór ó 2007 ar líon cigirí NERA agus tá sé de chumhacht acu anois oibriú i gcomhar leis an Roinn Coimirce Sóisialaí agus leis na Coimisinéirí Ioncaim in Aonaid Comh-Imscrúdaithe agus faisnéis a mhalartú leo.
Rinne cigirí NERA feachtas cigireachta. Bhí ceann acu dírithe ar an earnáil thógála, lónadóireachta agus slandála agus bhain an péire eile leis an reachtaíocht maidir le pá íosta agus cosaint daoine óga atá fostaithe. Tá tuilleadh eolais sa Treoir d'Iniúchtaí (pdf).
Tá ról forfheidhmithe ag na Seirbhísí Cigireachta maidir le:
Tá feidhm eile ag na Seirbhísí Cigireachta agus is é sin cigireacht a dhéanamh agus faisnéis a bhailiú le haghaidh daoine eile sa Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíochta i gcomhthéacs na nAchtanna seo a leanas:
agus, thar ceann na Roinne Dlí agus Cirt agus Comhionannais,
D'fhéadfadh cigirí dul isteach in áitribh ag am réasúnta, fostaithe agus fostóirí a chur faoi agallamh, ráitis a ghlacadh, cóipeanna taifead a scrúdú agus a thógáil agus tús a chur le himeachtaí dlí.
Déantar cigireacht chun gearán faoi leith a scrúdú nó d'fhéadfadh foireann cigirí imscrúdaithe randamacha nó sonraithe a dhéanamh in earnáil áirithe den bhfostaíocht.
Go ginearálta, tá trí chéim difriúla ag baint leis an gcigireacht :
Glactar le heisceacht leis na nósanna imeachta thuas nuair a aimsítear sáruithe ar an Acht um Chosaint Daoine Óga (Fostaíocht) 1996. Atreoraítear iad sin le haghaidh ionchúisimh tar éis an chéad chigireachta.
Más mian leat gearán a dhéanamh maidir leis an reachtaíocht fostaíochta a léirítear thuas, ba chóir duit dul i dteagmháil leis na seirbhísí chigireachta na hÚdarás Náisiúnta um Chearta Fostaíochta le foirm ghearáin a fháil. Is féidir an fhoirm ghearáin a íoslódáil anseo. Féadfaidh tú dul i dteagmháil leis an seirbhísí faisnéise na hÚdarás Náisiúnta um Chearta Fostaíochta le haghaidh tuilleadh eolais.
Seirbhísí Chigireachta
Oifigí Rialtais
Bóthar Uí Bhriain
Ceatharlach
Éire
Teil:(059) 917 8900
Lóghlao:1890 220 100
Láithreán Gréasáin: http://www.employmentrights.ie/en/aboutnera/inspectionservices/
R-phost: inspection@employmentrights.ie
(Seirbhísí Faisnéise, Údarás Náisiúnta um Chearta Fostaíochta roimhe sin)
An Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíochta
Bóthar Uí Bhriain
Ceatharlach
Éire
Uaireanta Oscailte:Luan go hAoine 9.30rn go 5in
Teil: (059) 917 8990
Lóghlao: 1890 80 80 90
Láithreán Gréasáin: http://www.workplacerelations.ie/en/