Íosphá
Cuireann an tAcht
um Pá Íosta Náisiúnta 2000 cosc ar d'fhostóir íospairt a dhéanamh
ort mar gheall go bhfuil tú ag úsáid do chearta faoin Acht seo. Má tá
ardú pá ag dul duit faoin Acht seo, mar shampla, ní ceadmhach íospairt a
dhéanamh ort trí, mar shampla, laghdú a dhéanamh ar do chuid uaireanta
oibre.
Comhionannas fostaíochta
Má thóg tú éileamh nó má thug tú fianaise in imeachtaí i
gcoinne d'fhostóra faoi na hAchtanna
um Chomhionannas Fostaíochta 1998-2011 tá cosaint agat i gcoinne
íospartha. Má dhéanann d'fhostóir íospairt ort is féidir leat éileamh
eile a thabhairt chuig an mBinse
Comhionannais - féach ''Conas iarratas a dhéanamh'' thíos. Is féidir go
mbeadh ar d'fhostóir cúiteamh a íoc leat. Tá sé seo fíor fiú amháin má
chaill tú do bhunchás i gcoinne d'fhostóra.
Sláinte agus sábháilteacht
Faoin Acht um
Shábháilteacht, Sláinte agus Leas ag an Obair 2005 (pdf) ní féidir
pionós a ghearradh ort mar gheall gur bhain tú tairbhe as do chearta faoi
reachtaíocht sláinte agus sábháilteachta. Mar shampla, ní féidir le
d'fhostóir tú a dhífhostú ná pionós a ghearradh ort mar gheall ar
ghearán a dhéanamh faoi sláinte
agus sábháilteacht ag an obair chuig an Údarás Sláinte agus
Sábháilteachta.
Saoire cúramóra
Faoin Acht um
Shaoire Cúramóra 2001 tugtar cosaint duit i gcoinne íospairt a bheith
déanta ort as ucht saoire
cúramóra a thógáil, nó é a bheith i gceist agat é a thógáil.
Fostaithe páirtaimseartha
Más fostaí
páirtaimseartha tú, ní ceadmhach pionós a ghearradh ort mar gheall ar
éileamh a dhéanamh ar do chearta faoin Acht um
Chosaint Fostaithe (Obair Pháirtaimseartha) 2001.
Fostaithe ar théarma socraithe
Tá cosc ar fhostóir íospairt a dhéanamh ar fhostaí
ar théarma socraithe atá ag éileamh a chearta faoin Acht um
Chosaint Fostaithe (Obair Téarma Shocraithe) 2003. Is íospairt atá i
gceist le dífhostú chun a chinntiú nach mbeidh conradh tréimhse socraithe
á mheas mar chonradh neamhiata.
Sceithirí
Faoin Acht um Cheartas Coiriúil 2011 (pdf) má nochtann tú faisnéis do na Gardaí nó má thugann tú fianaise faoi chionta ábhartha tá d'fhostóir toirmiscthe tú a dhífhostú nó pionós a ghearradh ort. Is iad cionta ábhartha iad atá bainteach le coireacht an bhóna bháin, mar shampla, baincéireacht, dlí cuideachta, calaois agus éilliú.
An 27 Feabhra 2012 d’fhoilsigh an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe na Cinn Bille um Nochtadh Cosanta Leasa an Phobail 2012. Is é an aidhm na moltaí cosaint fhostaithe a dhéanann nochta faoi éagóir san ionad oibre a chinntiú.
Íospairt: Má tá íospairt déanta ort is féidir leat
gearán a dhéanamh leis an gCoimisinéir um Chearta. Ní mór an gearán a
dhéanamh taobh istigh de 6 mhí den íospairt líomhnaithe. Is féidir an
teorainn ama seo a shíneadh go dtí 12 mhí faoi rogha an Choimisinéara um
Chearta.
Is féidir gearáin faoi íospairt a sheoladh ar aghaidh chuig Coimisinéir um
Chearta Chearta - féach ‘Gearáin’ thíos - faoin reachtaíocht seo a
leanas:
An tAcht um Pá Íosta Náisiúnta 2000
An tAcht um Shaoire Cúramóra 2001
An tAcht um Shábháilteacht, Sláinte agus Leas ag an Obair 2005
An tAcht um Chosaint Fostaithe (Obair Pháirtaimseartha) 2001
An tAcht um Chosaint Fostaithe (Obair Téarma Shocraithe) 2003
An tAcht um Cheartas Coiriúil 2011
Dífhostú éagórach: Is féidir leat gearán a dhéanamh
faoi dhífhostú
éagórach leis an mBinse Achomhairc Fostaíochta - féach ‘Gearáin’
thíos. Ní mór iarratais a dhéanamh taobh istigh de 6 mhí tar éis an
dífhostaithe. Is féidir an teorainn ama seo a shíneadh go dtí 12 mhí má
tá ''cúinsí eisceachtúla'' i gceist. Ba chóir gearáin faoi dhífhostú a
thagann faoi reachtaíocht comhionannais fostaíochta a dhéanamh leis an
mBinse Comhionannais - féach 'Gearáin' thíos.
Má tá dífhostú déanta ort mar gheall gur éiligh tú do chuid cearta faoi reachtaíocht um chosaint mháithreachais, saoire uchtaíoch, saoire thuismitheoirí nó saoire cúramóirí ní gá duit seirbhís bliana a bheith agat chun éileamh a dhéanamh faoi reachtaíocht dífhostaithe éagóraigh.
Má ghearradh pionóis ort tríd dífhostú agus má dhéanann tú iarratas faoi na hAchtanna um Dhífhostú Éagórach 1977 go dtí 2007, ní féidir leo gearán a dhéanamh leis an gCoimisinéir um Chearta freisin.
Comhionannas fostaíochta
Ní mór gearáin faoi na hAchtanna um Chomhionannas Fostaíochta
maidir le híospairt, lena n-áirítear dífhostú agus gearáin faoi
dhífhostú idirdhealaitheach, a sheoladh ar aghaidh chuig an mBinse
Comhionannais - féach ‘Gearáin’ thíos. Ní mór an gearán a thabhairt
chun cinn taobh istigh de 6 mhí den ghníomh deireanach íospartha nó dáta
an dífhostaithe. Is féidir an teorainn ama seo a mhéadú go dtí 12 mhí sa
chás go bhfuil ''cúis réasúnach'' ann leis an moill.
Má dhéanann tú gearáin chuig Seirbhís an Choimisinéara um Chearta, chuig an mBinse Achomhairc Fostaíochta nó chuig an mBinse Comhionannais, caithfidh tú an fhoirm gearáin shingil nua a úsáid atá ar fáil ar workplacerelations.ie.