Seirbhís Idirghabhála an Ionaid Oibre

Eolas

Is seirbhís de chuid an Choimisiúin um Chaidreamh Oibreachais í Seirbhís Idirghabhála an Ionaid Oibre a dhíríonn ar aighnis agus easaontuithe san ionad oibre a réiteach, go háirithe idir dhaoine aonair agus i measc grúpaí beaga.

Tugann an tseirbhís rúnda seo deis d'fhostaithe agus d'fhostóirí atá in aighneas lena chéile oibriú le hidirghabhálaí chun teacht ar réiteach sásúil ar an bhfadhb don dá pháirtí. Is próiseas deonach atá in idirghabháil san ionad oibre agus is gá go mbeadh an dá pháirtí aontaithe a bheith rannpháirteach agus oibriú i dtreo réitigh ar an bhfadhb.

Mura sroichtear comhréiteach aontaithe, beidh gá le bealaí eile a úsáid chun na ceisteanna a réiteach. Sa chás seo, cuideoidh an t-idirghabhálaí leis na rannpháirtithe teacht ar chinneadh maidir leis an mbealach is fearr le gluaiseacht ar aghaidh. Is féidir leat tuilleadh a léamh faoi do chearta fostaíochta a fhorfheidhmiú anseo

Cén fáth idirghabháil san ionad oibre a úsáid?

An buntáiste le hidirghabháil san ionad oibre a úsáid ná go gceadaíonn sí réiteach a fháil ar fhadhb go neamhfhoirmiúil, cinntíonn sí éisteacht do gach taobh, agus tá na rannpháirtithe bainteach le teacht ar réiteach comhaontaithe. Toisc go n-oibríonn siad le chéile chun réiteach a fháil ar an bhfadhb, tá smacht ag na rannpháirtithe ar an réiteach. Nuair atá siad tiomanta do réiteach comhaontaithe is cosúil go mbeidh sé níos éifeachtaí agus go mairfidh sé níos faide. Chomh maith leis sin, toisc go n-úsáidtear idirghabháil san ionad oibre sula dtagraítear an cheist chuig aon cheann eile d'fhorais a dhéileáileann le haighnis a réiteach cosúil le Seirbhís an Choimisinéara um Chearta níl aon dúbláil i gceist.

Cuimsíonn na cineálacha cásanna a ndéileálann Seirbhís Idirghabhála an Ionaid Oibre leo:

  • Nuair atá difríochtaí pearsanta ann nó nuair atá fadhbanna ag daoine le bheith ag obair le chéile
  • Nuair atá caidreamh oibre tar éis cliseadh
  • Nuair atá ceisteanna tagtha aníos ó nós imeachta casaoide agus araíonachta
  • Nuair atá ceisteanna caidrimh thionsclaíoch nár tagraíodh chuig foras reachtúil cosúil le Seirbhísí an Choimisinéara um Chearta nó An Chúirt Oibreachais

Rialacha

Oibríonn Seirbhís Idirghabhála an Ionaid Oibre de réir na bprionsabal a leanas:

  • Is próiseas deonach atá i gceist, agus caithfidh gach páirtí aontú a bheith rannpháirteach. Is féidir le duine ar bith tarraingt amach as an bpróiseas ag staid ar bith.
  • Tá an próiseas iomlán rúnda, mura dtagann na páirtithe ar chomhaontú eile
  • Tá sí tapa agus tosaíonn sí chomh luath agus atá gach duine ar fáil
  • Tá an t-idirghabhálaí neamhchlaonta
  • An fócas atá aici ná teacht ar réiteach ar an aighneas atá comhaontaithe idir an dá pháirtí agus a oibreoidh.

Is í aidhm an phróisis ná ceadú do gach duine atá bainteach leis an aighneas deis éisteachta a fháil agus oibriú leis an bpáirtí eile chun teacht ar chomhaontú. Is próiseas solúbtha atá i gceist ina bhféadfaí comhchruinnithe nó cruinnithe leis an idirghabhálaí amháin a bheith i gceist, ag brath ar an gcás áirithe.

Conas iarratas a dhéanamh

Is fearr má dhéanann an dá pháirtí iarratas le chéile ar idirghabháil san ionad oibre. Is éifeachtaí an idirghabháil nuair a aontaíonn an dá pháirtí a bheith rannpháirteach. Mura n-aontaíonn páirtí amháin, oibreoidh Seirbhís Idirghabhála an Ionaid Oibre chun freastal an dá pháirtí a chinntiú, ach toisc gur próiseas deonach atá i gceist ní féidir brú ar bith a chur ar pháirtí a bheith rannpháirteach.

Ba chóir na hiarratais a dhéanamh i scríbhinn chuig Seirbhís Idirghabhála an Ionaid Oibre an Choimisiúin um Chaidreamh Oibreachais tríd an bpost nó trí ríomhphost. Ba chóir don iarratas ainm agus sonraí teagmhála an dá pháirtí a chuimsiú, líon na ndaoine atá i gceist agus cur síos gearr ar an bhfadhb.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

Coimisiún um Chaidreamh Oibreachais

Teach Tom Johnson
Bóthar Haddington
Baile Átha Cliath 4
Éire

Teil:+353 (0)1 613 6700
Facs:+353 (0)1 617 6701
Láithreán Gréasáin: http://www.lrc.ie
R-phost: info@lrc.ie

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 29 September 2009

Catagóirí

Leas Sóisialach

Fostaíocht

Oideachas agus Oiliúint

Taisteal agus Áineas

Tithíocht

Ag bogadh tíre

Airgead agus Cáin

Teaghlach agus Caidrimh

Sláinte

Dlí

Gnóthaí Tomhaltóirí

Bás agus Méala

Rialtas in Éirinn

Comhshaol

Find a Citizens Information Centre

Inrochtaineacht

Príobháideachas

Téigh i dteagmháil linn

Séanadh

Faisnéis Earnála Poiblí a Athúsáid