Ciapadh ag an obair

Eolas

Cuireann na hAchtanna um Chomhionannas Fostaíochta 1998-2011 d'oibleagáid ar fhostóirí ciapadh sa láthair oibre a chosc. Tá tú i dteideal éileamh a chur ar aghaidh san Binse Comhionannais agus d'fhéadfadh go mbeadh ar do fhostóir cúiteamh a íoc duit má dhéantar tú a chiapadh ar na forais seo:

  • Inscne
  • Stádas pósta
  • Stádas teaghlaigh, mar thuismitheoir linbh, mar shampla
  • Claonadh gnéasach
  • Aois
  • Míchumas
  • Cine
  • Creideamh
  • Ballraíocht den Lucht Siúil.

Ciapadh agus gnéaschiapadh

Is idirdhealú fostaíochta atá sa chiapadh bunaithe ar aon cheann de na cúiseanna thuas. Déanann na hAchtanna um Chomhionannas Fostaíochta 1998-2008 ciapadh a shainmhíniú mar “iompair nach n-iarrtar” a bhaineann le haon cheann de na cúiseanna thuas. Ciallaíonn gnéaschiapadh aon chineál iompair nach n-iarrtar – briathartha, neamhbhriathartha agus fisiciúil – ó thaobh an ghnéis de. Sa dá chás is iompar é arb’é is cuspóir nó éifeacht leis ná dínit duine a shárú ná timpeallacht a chruthú atá ina húdar imeaglaithe, naimhdis, uiríslithe, náirithe nó coil don duine sin agus tá sé coiscthe faoi na hActanna.

Áirítear “iompair nach n-iarrtar” briathra béil, gothaí, nó táirgeadh agus scaipeadh focal scríofa, pictiúr nó ábhair eile. Folaíonn seo gothaí nó dreach maslacha, féilirí maslacha gan iarraidh, sábhálaithe scáileáin, ríomhphostanna agus ábhar maslach eile.

bulaíocht sa láthair oibre a bhaineann le haon cheann de na cúiseanna idirdhealaithe faoi réim na hAchtanna. Is ceist sláinte agus sábhálteachta ciapadh agus bulaíocht sa láthair oibre nach bhaineann le cúiseanna idirdhealaithe.

Is féidir le comhleacaí, do bhainisteoir nó duine i gceannas ort, cliant, custaiméir nó teagmhálaí gnó eile a bheith freagrach as ciapadh. Is féidir le ciapadh tarlú sa láthair oibre nó ag cúrsa traenála, or ar thuras oibre, ag cóisir oibre nó ag ócáid ar bith eile bainteach le do phost.

D'fhéadfadh do fhostóir a bheith freagrach faoi na Achtanna má tharlaíonn ciapadh taobh amuigh ar fad de d'fhostaíocht ach má chaitear ar bhealach éagsúil leat sa láthair oibre mar gur dhiúltaigh tú don chiapadh nó gur ghlac tú leis. Má chuireann tú éileamh ar aghaidh i gcoinne d'fhostóra de bharr ciaptha, d'fhéadfadh do fhostóir é féin a chosaint trí léiriú go ndearna sé iarrachtaí réasúnta chun an ciapadh a chosc nó gur iarr sé féachaint chuige nach gcaithfí ar bhealach éagsúil leat sa láthair oibre. Má chuireann tú éileamh ar aghaidh i gcoinne do fhostóra, ní féidir le do fhostóir íospairt sa láthair oibre a chur ort.

Tá ar do fhostóir polasaí agus nósanna imeachtaí chun ciapadh san áit oibre a chosc a eisiúint. Ba chóir go leagfadh an polasaí amach go soiléir an cineál iompraíochta nach nglacfar léi sa láthair oibre. Ba chóir go mbeadh nós imeachta casaoide éifeachtach ann chun déileáil le gearáin faoi chiapadh. Ní mór go mbeadh sé seo ar eolas ag na fostaithe go léir. D’fhoilsigh an tÚdarás Comhionannais Cód Cleachtais ar Ghnéaschiapadh agus ar Chiapadh. Beidh spéis ag fostaithe, fostóirí agus ceardchumainn seo de bhrí go leagann sé go soiléir na cearta, freagrachtaí agus dualgais de na páirtithe éagsúla.

Conas iarratas a dhéanamh

Má theastaíonn uait gearán a dhéanamh faoi chiapadh, ba chóir duit i dtosach báire a shoiléiriú don duine i gceist go bhfuil a (h)iompar, (h)ábhar etc. do-ghlactha agus maslach. Má tá imní ort faoi é seo a dhéanamh nó más dóigh leat go bhfuil sé ródheacair ba chóir duit cabhair a lorg ó chara báúil nó ó chomhgleacaí, dhuine sonrach sa láthair oibre nó ionadaí ceardchumainn (nó iarraidh ar dhuine acu labhairt leis an duine i gceist ar dtús). Is minic a dhéanann cur chuige neamhfhoirmiúil mar seo an scéal a réiteach.

Uaireanta ní leor cur chuige neamhfhoirmiúil chun an cheist a réiteach agus i gcúinsí nuair a leanann an ciapadh ar aghaidh, b'fhéidir nár mhór duit do mhachnamh a dhéanamh ar ghearán foirmiúil a chur ar aghaidh. Ba chóir go leagfadh amach polasaí d'fhostóra ar chiapadh go soiléir céard a tharlóidh nuair a dhéantar gearán foirmiúil, cén chaoi a ndéanfar an gearán a iniúchadh agus cé a dhéanfaidh é, ag cur san áireamh ceisteanna rúndachta agus cearta na bpáirtithe.

Déanann an Binse Comhionannais fiosrúchán agus/nó eadráin ar aighneas i ndáil le forfheidhmiú na reachtaíochta. Má fheictear duit nár dhéileáil d’fhostóir go hoiriúnach le do ghearán a bhaineann le haon cheann de na cúiseanna idirdhealaitheacha, is féidir leat gearán a thabhairt faoi na hAchtanna um Chomhionannas Fostaíochta tríd an fhoirm gearáin shingil nua atá ar fáil ar workplacerelations.ie.

Tá sainchúram ginearálta ag an Údarás Comhionannais chun an comhionannas a chur chun cinn, soláthraíonn sé comhairle agus, i roinnt cásanna, cúnamh dlí más mian leat gearán a thabhairt

Ní mór gearáin faoin Acht um Chomhionannas Fostaíochta a thabhairt faoi bhráid laistigh de 6 mhí ón ngníomh deiridh ciaptha nó leatroim. Is féidir an teorainn ama seo a mhéadú go 12 mí más féidir 'cúis réasúnach' don mhoill a léiriú. Mura féidir le duine éileamh a lorg go héifeachtach de bharr míchumais intleachtúil nó fiseolaíochta; féadann tuismitheoir, caomhnóir nó duine eile gearán a thabhairt thar ceann an ghearánaí.

Soláthraíonn an tÚdarás Sláinte agus Sábháilteachta faisnéis agus comhairle faoi bhulaíocht sa láthair oibre. Tá sé freagrach as an gCód Cleachtais d'Fhostóirí agus Fostaithe ar Chosc Bulaíochta san Ionad Oibre (pdf). Tá sé de chuspóir aige nach bhfuil bulaíocht fulaingthe agus go mbeidh nósanna imeachta ag an fhostóir um le bulaíocht sa láthair oibre a plé.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas


An tÚdarás Comhionannais

Teach Gharrán an Bhirsigh
Ros Cré
Tiobraid Árann
Éire

Teil:+353 (0)505 24126
Lóghlao:1890 245 545
Facs:+353 (0)505 22388
Láithreán Gréasáin: http://www.equality.ie
R-phost: info@equality.ie



Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 17 April 2012

Catagóirí

Leas Sóisialach

Fostaíocht

Oideachas agus Oiliúint

Taisteal agus Áineas

Tithíocht

Ag bogadh tíre

Airgead agus Cáin

Teaghlach agus Caidrimh

Sláinte

Dlí

Gnóthaí Tomhaltóirí

Bás agus Méala

Rialtas in Éirinn

Comhshaol

Find a Citizens Information Centre

Inrochtaineacht

Príobháideachas

Téigh i dteagmháil linn

Séanadh

Faisnéis Earnála Poiblí a Athúsáid