Tá cúinsí éagsúla lena bhfaigheann daoine cúiteamh airgid nuair a chailleann siad a gcuid fostaíochta. Don chuid is mó is íocaíocht iomarcaíochta atá i gceist, an cnapshuim iomarcaíochta dleathúla, móide, b'fhéidir suim eile a shocraíonn tú nó do cheardchumann leis an bhfostóir. Má bhí conradh ar feadh tréimhse faoi leith agat agus má chuirtear deireadh go luath leis, d'fhéadfadh sé go mbeadh cnapshuim curtha ar fáil duit mar chúiteamh. Ní ionann seo agus cnapshuim a íocfar leat mar chuid de na socruithe pinsin atá leagtha síos don uair a bheidh tú ag éirí as do phost.
Má fhaigheann tú cnapshuim mar chúiteamh ar do fhostaíocht a chailliúint d'fhéadfadh sé nach mbeadh cáin le n-íoc agat ar chuid de. Níl aon cháin ariamh le n-íoc ar an gcnapshuim iomarcaíochta dleathúla. D'fhéadfadh sé go mbeadh na rudaí seo a leanas san áireamh sa chnapshuim a fhaigheann tú má chailleann tú do phost
Tá táireamhán iomarcaíochta ar líne ag an Roinn Coimirce Sóisialaí chun do theidlíocht a áireamh le haghaidh an mhéid íocaíochta iomarcaíochta dlíte.
Nuair a fhaigheann tú íocaíocht iomarcaíochta nó scoir tá tú i dteideal an méid níos airde seo leanas a fháil:
Ní ghearrtar aon cháin ar an gcéad €10,160 sa bhreis ar sin tá €765 ar son chuile bhliain seirbhíse saor ó cháin. (Ní chuirtear an chnapshuim dleathúil san áireamh)
Tá €10,000 méid breise, an díolúine méadaithe dá ngairtear, ar fáil faoi choinníollacha seo a leanas:
Má tá scéim phinsin cheirde le fáil agat laghdófar an díolúine méadaithe den chnapshuim pinsin atá saor ó cháin.
Is faoiseamh breise dlíte é. Is iondúil go bhfuil an faoiseamh seo níos fearr do dhaoine a bhfuil blianta fada seirbhíse acu agus a mbíodh tuarastal níos airde dhá fháil acu. Má thugann an fhoirmle seo a leanas méid is mó ná Bundíolúine nó Bundíolúine móide Díolúine Méadaithe beidh an faoiseamh dlíte.
Seo í an fhoirmle SCSB: Tóg an meánphá bliantúil le 3 bliana agus méadaigh faoin líon blianta seirbhíse, roinn faoi 15 agus bain as iomlán an cnapshuim pinsin má íocadh é nó má íocfaí é.
Sampla: Fágadh iomarcach tú in 2008 i ndiaidh 20 bliain i seirbhís agus fuair tú cnapshuim de €65,000 agus é ina chéad chnapshuim agat. Fuair tú cnapshuim de €12,000 ó do scéim pinsean chomh maith. Ba é €99,000 an pá a bhí agat do na 3 bliana deireanacha roimh an dáta ar ar fhág tú an obair. Is é méid na cnapshuime atá díolmhaithe ó cháin ná an ceann is airde den 2 ríomhaireacht seo a leanas:
Is é méid na cnapshuime atá díolmhaithe ó cháin ná €32,000. Mar
sin, is é méid do chnapshuime atá inchánach ná €33,000 (€65,000 -
€32,000). Mar a léirítear sa sampla thuas tá faoiseamh cánach an SACC de
€32,000 ina fhaoiseamh cánach níos airde ná an Bhundíolúine agus an
Díolúine Méadaithe de €25,460.
Beidh méid áirithe den íocaíocht atá saor ó cháin agus beidh an fuílleach inchánach. Tá rogha ann cáin a ghearradh ar an airgead mar chuid de ioncam na bliana reatha nó cáin a ghearradh air ag an meánráta cánach a bhí le n-íoc agat le 3 bhliana roimhe - féach 'Do mheánráta cánach a mheas' thíos. Faoiseamh Barrscoitheadh atá ar an dara modh agus tá sé éilithe le deireadh bliana cánach - féach 'Faoiseamh Barrscoitheadh a mheas' thíos. Is iondúil gur faoi chóras Faoiseamh Barrscoitheadh is fearr an cháin a íoc má tá an cháin íoctha ar an iosráta le linn 3 bliana anuas agus tá tú ag íoc an cháin ar an uasráta anois.
Ar dtús, faigh an meánráta cánach a bhí agat do na 3 bliana roimhe sin. Déan d’ioncam inríofa iomlán agus an cháin iomlán atá íoctha agat do na 3 bliana roimhe a ríomh. Ansin déan an cháin iomlán atá íoctha agat a roinnt faoi d’ioncam inríofa iomlán agus méadaigh faoi 100 chun do mheánráta cánach do na 3 bliana roimhe sin a fháil.
Sampla:
| Bliain | Ioncam inríofa | Cáin íoctha |
| 2007 | €40,000 | €13,000 |
| 2006 | €38,000 | €12,000 |
| 2005 | €36,000 | €11,000 |
| Iomlán | €114,000 | €36,000 |
Is é an meánráta ná €36,000 ÷ €114,000 x 100 = 31.6%
Fuair tú íocaíocht iomarcaíochta i 2008 agus bhi an méad inchánach do chnapshuim €20,000. D'fhéadfadh cáin gearrtha uirthi ar an ráta 41% de réir d'ioncaim le haghaidh na bliana sin. Má bionn do ráta cánach coitianta le 3 bliana anuas 31.6% - féach sampla thuas- beidh an Faoiseamh Barrscoitheadh mar a leanas:
Cáin iníoctha ar €20,000 41% = €8,200
Cáin iníoctha ar €20,000 31.6% = €6,200
Lagdófar an cháin iníoctha de €2,000 (€8,200-€6,200) agus Faoiseamh Barrscoitheadh úsáidte
Tá Faoiseamh Barrscoitheadh éilithe le deireadh na bliana cánach. Mar sin, íocfaidh tú an €8,200 nuair a gheobhaidh tú do chnapshuim agus éileoidh tú €2,000 ar ais ag deireadh na bliana cánach.
Is iondúil gur faoi chóras na bliana reatha is fearr an cháin a íoc má chailleann duine a p(h)ost go luath sa bhliain chánach agus do dhuine nach mbeidh ioncam ard inchánaithe aige/aici don chuid eile den bhliain, mar shampla, muna mbeidh d'ioncam agat ach Sochar Cuardaitheora Poist don chuid eile den bhliain chánach.
Níl aon ÁSPC le n-íoc ar an gcuid den chnapshuim a bhfuil cáin le n-íoc air, ach d'fhéadfadh sé go mbeadh an Muirear Sóisialta Uilíoch le n-íoc air.
Tá sé de dhualgas ar an bhfostóir cáin a bhaint as d'ioncam ar fad. Is féidir leis/léi an bunchóras a úsáid i.e., an €10,160 móide €765 do chuile bhliain seirbhíse. D'fhéadfadh na Coimisinéirí Ioncaim a chur in iúl don fhostóir cé mhéid atá saor ó cháin de réir na rátaí reatha agus cén ráta cánach atá i gceist don chuid eile. Muna dtarlaíonn seo nó má dhéantar botún agus go n-íocann tú an iomarca cánach ba chóir duit iarratas a dhéanamh chuig an oifig cánach reigiunach ar aisíocaíocht na cánach - féach 'Cá háit a dhéanfaidh mé iarratas'.
Ní mór duit a chur in iúl ar an tuairisc bhliantúil ioncaim chuig na Coimisinéirí Ioncaim go bhfuil cnapshuim faighte agat.
Tá tuilleadh eolais sa bhileog Cnapshuim
Iomarcaíochta maidir leis Iomarcaíocht/Scor foilsithe ag an
Coimisinéirí Ioncaim.