Scor ón obair in Éireann

Eolas

Is féidir le dul ar scor ón obair deis a sholáthar chun aghaidh a thabhairt ar threonna agus úrnua agus dúshláin nua. B’fhéidir go bhfuil tú ag smaoineamh ar thabhairt faoi limistéar difriúil d’obair íoctha nó dheonach, scileanna nua a fhoghlaim, taisteal a dhéanamh nó díreach níos mó ama a chaitheamh le caitheamh aimsire a thaitníonn leat, mar shampla.

Trí do scor a phleanáil, cabhróidh sé leat an tairbhe is mó a bhaint as do chuid ama, dul in oiriúint don athrú seo ar stíl mhaireachtála agus d’airgeadas a phleanáil. Maireann daoine saol níos faide agus níos sláintiúla sa lá atá inniu ann – mar sin, is tábhachtach pleanáil a dhéanamh roimh ré don chéim nua seo sa saol.

Athruithe tobanna nó de réir a chéile?

B’fhéidir nach bhfuil rogha ar bith agat faoin am a théann tú ar scor. Mar shampla, b’fhéidir go gcuirfear deireadh le do chonradh fostaíochta ar dháta ar leith nó nuair a bhaineann tú aois ar leith amach. Nó b’fhéidir go mbeidh tú in ann dul ar scor de réir a chéile trí d’ualach oibre a laghdú nó obair pháirtaimseartha a dhéanamh.

Conas is féidir liom ullmhú do dhul ar scor?

Smaoinigh faoin bhfaisnéis a dtugtar cuntas anseo air faoi na saincheisteanna a d’fhéadfadh teacht chun solais fad a dhéanann tú an t-athrú ón obair go dul ar scor, agus lean na naisc lean na naisc chun teacht ar bhreis faisnéise.

Cuireann roinnt eagraíochtaí ar fud na tíre cúrsaí réamhscoir ar fáil chun cabhrú leat chun ullmhú do dhul ar scor. Cuireann réimse eagraíochtaí gníomhaíochta lucht scoir gníomhaíochtaí oideachais agus fóillíochta chun cinn do dhaoine ar scor.

An féidir liom leanúint ag oibriú agus mé ar scor?

Is féidir. Ní leagtar amach i bhformhór na reachtaíochta a dhéileálann le fostaithe a chosaint uasteorainn aoise. Ciallaíonn seo, má tá tú ag oibriú agus tú ar scor, bíonn na cearta fostaíochta céanna agat atá ag gach duine eile. Má dhéanann tú an cinneadh oibriú go páirtaimseartha, bíonn na cearta fostaíochta céanna agat a bhíonn ag oibrithe páirtaimseartha eile.

An gá dom dul ar scor ag aois áirithe?

  • Níl aon aois scoir ar leith ann in Éirinn, cé go meastar, go ginearálta, gurb é 65 bliain d’aois an aois a théann an formhór ar scor. Tá uasteorainneacha aoise ann a chuireann srian ar ghníomhaíochtaí éagsúla, ar nós roinnt gairmeacha a iontráil.
  • Tá aois scoir a reachtúil ann, (is é sin, a leagtar amach sa reachtaíocht), do roinnt fostaithe sa tseirbhís phoiblí. Is féidir teacht ar níos mó eolais inár gcáipéis faoi aois scoir.
  • Bíonn aois éigeantach scoir i bhformhór na gconarthaí fostaíochta (an aois nach mór duit dul ar scor). Is gnách gur é seo 65 bliain. Ceadaítear in go leor conarthaí fostaíochta, áfach, dul ar scor go luath ó aois 60 bliain (nó i gcásanna áirithe, ó 55 bliain d’aois). Ceadaíonn an tromlach díobh dul ar scor go luath ar chúiseanna sláinte.
  • Má roghnaíonn tú dul ar scor go luath, ba cheart duit a sheiceáil go mbeidh tú i dteideal íocaíochtaí leasa shóisialaigh.
  • Ceadaítear sa dlí d’fhostóirí aois scoir éigeantach a shocrú a fhad agus gur féidir leo údar a thabhairt leis ar fhorais oibiachtúla. (Chun teacht ar shonraí, féach Alt 34 den Acht um Chomhionannas Fostaíochta, 1998, arna leasú ag an Acht um Chomhionannas (Forálacha Ilghnéitheacha), 2015.)

Cén tacaíochtaí ioncaim ar féidir liom cur isteach orthu nuair a bheidh mé imithe ar scor?

  • Má tá tú ag dul ar scor go luath, is féidir leat a mheas go bhfuil tú dífhostaithe seachas imithe ar scor agus b’fhéidir go dteastaíonn faisnéis uait faoi shochair do dhaoine dífhostaithe.
  • Má dhéantar iomarcach thú, b’fhéidir go mbeidh tú i dteideal cnapshuim iomarcaíochta reachtúla a fháil.
  • Má théann tú ar scor go luath, ar chúis ar bith, b’fhéidir go mbeidh tú i dteideal Sochar Cuardaitheora Poist a fháil, agus Liúntas Cuardaitheora Poist ina dhiaidh sin.
  • Ina theannta sin, b’fhéidir go mbeidh tú i dteideal, chomh maith, bheith rannpháirteach i réimse scéimeanna um fhilleadh ar aon obair agus um fhilleadh ar oideachas.

Pinsin

Tá saghsanna éagsúla de phinsean ar fáil.

  • Má ranníoc tú le scéim pinsin i rith do shaoil oibre, gheobhaidh tú pinsean gairme nó beidh socrú pinsin phearsanta agat. Tá ort déileáil go díreach leis an soláthraí pinsin lena dheimhniú go díreach cén sochair a sholáthraíonn do phinsean duit.
  • Má rinne tú dóthain ranníocaíochtaí ÁSPC i rith do shaoil oibre, b’fhéidir go mbeidh tú i dteideal, ag aois 66 bliain, Pinsean Stáit (Ranníocach) a fháil. (Tiocfaidh ardú ar an aois cháilitheach aníos go dtí 67 bliain d’aois in 2021 agus 68 in 2028).
  • Mura raibh dóthain ranníocaíochtaí ÁSPC déanta agat, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar Phinsean Stáit (Neamh-Ranníocach), a ndéantar tástáil mhaoine air.
  • B’fhéidir go mbeidh tú dteideal Saorthaisteal agus Pacáiste Sochair Teaghlaigh a fháil, chomh maith.

Conas a ghearrfar cáin orm?

  • Má fhaigheann tú íocaíochtaí cúitimh cnapshuime ar dhul ar scor duit, ba cheart duit a dheimhniú conas a ghearrtar cáin orthu.
  • Tá roinnt socruithe speisialta cánach ann do dhaoine aois 65 bliain nó níos sine.
  • B’fhéidir go mbeidh ort a dheimhniú conas a ghearrtar cáin ar phinsin, chomh maith.

Cad a tharlaíonn má bheartaím dul ar scor go hÉirinn ó áit thar lear?

Gach bliain, roghnaíonn go leor daoine dul ar scor in Éirinn. Má tá tú ag smaoineamh faoin rogha seo, is féidir leat teacht ar eolas anseo faoi bogadh go hÉirinn

Cén saincheisteanna dlíthiúla ar cheart dom breithniú a dhéanamh orthu?

Ná cuir siar smaoineamh ar an méid a tharlóidh nuair a éiríonn tú níos sine nó mura mbíonn ar do chumas do ghnóthaí féin airgeadais agus dlíthiúla a bhainistiú. Is tábhachtach go ndéanann duine ar bith, ag aois ar bith, machnamh ar na saincheisteanna seo.

Aimsigh eolas faoin méid seo a leanas:

  • Socruithe dlíthiúla i gcás éagumais
  • Uacht a dhéanamh
  • Cumhachtaí aturnae
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 26 Lúnasa 2019