Uaireanta oibre do dhaoine óga

Oibrithe óga

Braitheann an líon uaireanta an chloig is féidir leat oibriú agus na saghsanna post is féidir leat a dhéanamh, ar d’aois.

Daoine idir 14 agus 18 mbliana d’aois iad oibrithe óga a oibríonn d’fhostóir. Mar gheall go mbíonn oibrithe óga in oideachas lánaimseartha, go ginearálta, is éagsúil na dlíthe éagsúla fostaíochta a chosnaíonn iad ó na dlíthe a chosnaíonn daoine fásta. Is amhlaidh seo lena chinntiú nach gcuireann a n-obair a sláinte ná a n-oideachas i mbaol.

Rialaítear na huaireanta oibre do dhaoine óga faoin Acht um Chosaint Daoine Óga (Fostaíocht), 1996. Leagtar amach san Acht uaireanta oibre uasta, sosanna scíthe ón obair agus toirmisc ó oibriú go déanach san oíche i measc daoine óga níos óige ná 18 mbliana d’aois.

Baineann an tAcht le daoine óga níos óige ná 18 mbliana d’aois. Tugtar sainmhíniú ar leanaí san Acht mar dhaoine faoi bhun 16 bliana d'aois agus ar dhaoine óga mar daoine idir 16 agus 17 mbliana d’aois. Níl feidhm ag an Acht maidir leanaí nó daoine óga a bheidh fostaithe ag garghaol.

Is féidir leat eolas breise a léamh faoi do chearta fostaíochta mar oibrí óg.

Teorainneacha ama oibre

Leanaí

Ní féidir le fostóirí leanaí faoi 16 bliana d’aois a fhostú i bpoist rialta lánaimseartha. Is féidir leo leanaí 14 agus 15 bliana d’aois a fhostú le hobair éadrom a dhéanamh, mar seo a leanas:

  • Is féidir le leanaí 14 bliana d’aois nó níos sine obair éadrom i rith laethanta saoire a dhéanamh nuair nach mó na huaireanta ná 7 n-uaire an chloig in aon lá nó 35 uair an chloig in aon seachtain.
  • Is féidir le leanaí níos sine ná 15 bliana ach níos óige ná 16 bliana d'aois obair éadrom a dhéanamh ar feadh a fhaide le 8 n-uaire an chloig sa tseachtain i rith an téarma scoile.
  • Is féidir le leanaí níos óige ná 16 bliana d’aois a fhaide le 8 n-uaire an chloig sa lá agus 40 uair an chloig sa tseachtain a oibriú má tá páirt á glacadh acu i gclár faofa taithí oibre nó oideachais, chomh fada agus nach ndéanann an obair díobháil dá sábháilteacht, sláinte, nó forbairt. Is iad cláir oideachais nó cláir um thaithí oibre fhormheasta do dhaoine níos óige ná 16 bliana d’aois cláir oideachais, taithí oibre nó oiliúna atá formheasta ag an Aire Oideachais, an Aire Poist, Fiontar agus Nuálaíochta nó ag SOLAS
  • Ba cheart go mbeadh 21 lá saor ón obair, ar a laghad, i rith laethanta saoire an tsamhraidh ag leanaí níos óige ná 16 bliana d’aois.
  • Is féidir leanaí a fhostú in obair scannán, chultúrtha, fógraíochta nó spóirt faoi cheadúnais a d’eisigh an tAire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta.

Uasuaireanta oibre seachtainiúla do leanaí níos óige ná 16 bliana d’aois.

 
Aois 14 bliana d’aois 15 bliana d’aois
Am téarma scoile Ceann ar bith 8 n-uaire an chloig
Saoirí 35 uair an chloig 35 uair an chloig
Taithí oibre 40 uair an chloig 40 uair an chloig

Coimisiúin um Chaidreamh san Áit Oibre

Bóthar Uí Bhriain
Ceatharlach
R93 E920

Uaireanta Oscailte: Luan go hAoine 9.30rn go 1in, 2in go 5in
Teil: (059) 917 8990
Lóghlao: 0818 80 80 90

Am saor agus sosanna ón obair

Tá tú i dteideal 3 shaghas éagsúla de shosanna ón obair:

  • Sosanna scíthe - sosanna lóin: sosanna tae agus sosanna eile gearra i rith an lae
  • Scíth laethúil - an sos idir tréimhse amháin oibre a chríochnú agus tréimhse eile a thosú
  • Scíth sheachtainiúil - laethanta iomlána nach bhfreastalaíonn tú ar an obair, tugtar ‘laethanta saora’ orthu de ghnáth

Am saor agus sosanna scíthe do leanaí faoi 16 bliana d’aois

Sos scíthe leathuair an chloig

Sos scíthe laethúil

i ndiaidh obair 4 huaire an chloig

14 huaire an chloig saor ón obair i ndiaidh a chéile

Sos scíthe seachtainiúil 2 lá shaora, le bheith i ndiaidh a chéile, chomh fada agus is indéanta

Am saor agus sosanna scíthe do dhaoine 16 agus 17 mbliana d’aois

 
Sos scíthe leathuair an chloig

Sos scíthe laethúil

i ndiaidh obair 4 1/2 uair an chloig

12 uair an chloig saor ón obair i ndiaidh a chéile

Sos scíthe seachtainiúil 2 lá shaora, le bheith i ndiaidh a chéile, chomh fada agus is indéanta

Teorainneacha ar obair oíche agus goluath ar maidin

Ní cheadaítear do leanaí oibriú roimh 8am ar maidin nó tar éis 8pm istoíche.

Ní cheadaítear do dhaoine óga 16 agus 17 mbliana d’aois oibriú roimh 6am ar maidin nó tar éis 10pm istoíche, de ghnáth.

Oibriú in áitreabh ceadúnaithe (ar nós teach tábhairne)

Is féidir daoine óga atá ag freastal ar an scoil a fhostú ar dualgais ghinearálta in áitreabh ceadúnaithe, ar nós teach tábhairne.

I rith téarma scoile, ní féidir leo oibriú ach go dtí 11pm ar lá nach díreach roimh lá scoile é. Mar shampla, is féidir leat oibriú go dtí 11pm ar oíche na hAoine mura mbíonn tú ar scoil ar an Satharn. Ní féidir leat oibriú go dtí 11pm ar an Domhnach, áfach, más gá duit a bheith ar scoil ar an Luan.

Caithfidh fostóirí a fhostaíonn daoine óga in áitreabh ceadúnaithe cloí leis an gCód Cleachtais maidir le Fostaíocht Daoine Óga in Áitreabh Ceadúnaithe (pdf).

Is féidir leat eolas breise a léamh faoi fhreagrachtaí fostóirí.

Leagtar amach an dlí maidir le hoibrithe óga atá fostaithe in áitreabh ceadúnaithe i Rialacháin an Achta um Chosaint Daoine Óga, 1996 (Fostaíocht in Áitreabh Ceadúnaithe), 2001 (I.R. 350/2001).

Gearán a dhéanamh faoi shárú aruaireanta oibre nó sosanna scíthe

Má bhíonn gearán agat faoi do chearta fostaíochta, ba cheart duit labhairt le d’fhostóir faoi ar dtús. Mura féidir leat do ghearán a réiteach, is féidir leat gearán a dhéanamh faoin Acht um Chosaint Daoine Óga (Fostaíocht), 1996 le Seirbhísí Cigireachta an Choimisiúin um Chaidreamh san Áit Oibre (an CCÁO).

Má cheapann tú gur gearradh pionós ort i ngeall gur dhiúltaigh tú comhoibriú le fostóir chun an tAcht a shárú (mar shampla, trí dhiúltú uaireanta toirmiscthe a oibriú), is féidir le do thuismitheoir nó do chaomhnóir gearán a dhéanamh le breithneoir an CCÁO thar do cheann.

Ba cheart duit an gearán a dhéanamh laistigh de 6 mhí i ndiaidh gur tharla an eachtra, trí úsáid a bhaint as foirm ghearáin ar líne an CCÁO.

Is féidir leat teagmháil a dhéanamh, chomh maith, le Seirbhís Faisnéise agus Chustaiméirí an CCÁO nó an treoir maidir leis an Acht um Chosaint Daoine Óga (Fostaíocht), 1996 (pdf) de chuid an CCÁO a íoslódáil.

Cá ndéanfaidh mé gearán?

SharedAddress for National Employment Rights Authority: ID ab4e9891b61

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 22 Meitheamh 2022