Is éard atá in oibrí gníomhaireachta ná duine a bhfuil comhaontú aige/aici le gníomhaireacht chun do dhuine eile. Mar shampla, d’fhéadfadh comhaontú a bheith ag rúnaí le gníomhaireacht rúnaíochta chun obair a dhéanamh d’oifig chomh fada is atá duine dá bhfostaithe ar saoire. Cé nach bhfuil na cearta fostaíochta céanna ag oibrithe gníomhaireachta agus atá ag gnáthoibrithe, faoin Treoir AE um Obair Ghníomhaireachta Shealadach (féach thíos) tá siad i dteideal caitheamh cothrom i gcoinníollacha oibre agus fostaíochta. Trasuíonn an tAcht um Chosaint Fostaithe (Obair Ghníomhaireachta Shealadach) 2012 (pdf) an Treoir i ndlí na hÉireann agus tháinig sé i bhfeidhm an 16 Bealtaine 2012. Soláthraíonn sé caitheamh mar an gcéanna le hoibrithe gníomhaireachta sealadacha mar a sonraítear thuas agus tá pá mínithe chun críocha reachtaíochta lena n-áirítear pá bunúsach, préimh ragoibre agus préimh Domhnach.
Tá cearta áirithe acu faoin reachtaíocht fostaíochta seo a leanas:
Tá sé tábhachtach don oibrí gníomhaireachta fios a bheith aige/aici cé atá freagrach as a chinntiú go gcloítear le reachtaíocht cosanta fostaíochta - an ghníomhaireacht nó an gnólacht dá bhfuil sé/sí ag obair.
Braitheann sé seo ar na cearta atá an oibrí gníomhaireachta ag iarraidh a chur i bhfeidhm. Faoin reachtaíocht dífhostú éagórach, is é an té dá n-oibríonn an duine, murab ionann agus an ghníomhaireacht, atá ina fhostóir.
Is ar an duine nó ar an eagraíocht dá bhfuil an oibrí gníomhaireachta ag obair atá an fhreagracht cloí le riachtanais sláinte agus sábháilteachta.
Chun cuspóirí gach reachtaíocht fostaíochta eile, cosúil le híocaíochtaí iomarcaíochta, measfar an páirtí atá dlite chun pá an fhostaí a íoc (an ghníomhaireacht fostaíochta nó an cuideachta cliaint) a bheith mar fhostóir an oibrí gníomhaireachta go hiondúil.
Soiléiríonn an tAcht Leasa Shóisialaigh (Forálacha Ilghnéitheacha) 2003 seasamh na n-oibrithe gníomhaireachta ó thaobh árachais sóisialta de. Déanann sé foráil go mbíonn fostaíocht inárachaithe ag oibrithe gníomhaireachtaí agus gur é an duine a íocann an tuarastal an fostóir chun cuspóirí ÁSPC.
Faoin Acht um Chosaint Fostaithe (Obair Pháirtaimseartha) 2001, ní féidir le hoibrí gníomhaireachta páirtaimseartha é/í féin a chur i gcomparáid ach amháin le fostaí lánaimseartha inchomparáide.
Baineann an tAcht um Chosaint Fostaithe (Obair Téarma Shocraithe) 2003 le
formhór fostaithe ar chonarthaí
ar théarma seasta. Ní bhaineann sé seo le hoibrithe gníomhaireachta,
áfach.
Tháinig an Treoir AE um Obair Gníomhaireachta Shealadach 2008/104/EC (pdf) i bhfeidhm an 5 Nollaig 2011. Soláthraionn sé nach mór caitheamh le hoibrithe gníomhaireacht mar an gcéanna le gnáthoibrithe i leith óna gcéad lá ag an obair:
Ní mór an rochtain chéanna a bheith ag oibrithe gníomhaireachta sealadacha ar áiseanna cosúil le cúram leanaí agus ní mór iad a chur ar an eolas maidir le deiseanna fostaíochta buana.
Tá gníomhaireachtaí fostaíochta in Éirinn á rialú ag an Acht um Ghníomhaireacht Fostaíochta 1971 faoi láthair. Bhí sé i gceist go dtiocfaidh an Bille um Rialáil Gníomhaireachtaí Fostaíochta 2009 (pdf) i gcomharba ar Acht 1971 agus go láidreodh sé rialú ghníomhaireachtaí fostaíochta. Mhol sé go mbeadh ar ghníomhaireachtaí fostaíochta a bhunaítear in Éirinn ceadúnas a fháil ón Aire Post, Fiontar agus Nuálaíochta chun feidhmiú in Éirinn. Bheadh ar ghníomhaireachtaí fostaíochta bunaithe taobh amuigh d’Éire ceadúnas a bheith acu freisin ach amháin sa chás go bhfuil ceadúnas acu cheana féin i dtír eile de chuid an LEE.
I measc mholtaí an Bhille bhí:
(Seirbhísí Faisnéise, Údarás Náisiúnta um Chearta Fostaíochta roimhe sin)
An Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíochta
Bóthar Uí Bhriain
Ceatharlach
Éire
Uaireanta Oscailte:Luan go hAoine 9.30rn go 5in
Teil: (059) 917 8990
Lóghlao: 1890 80 80 90
Láithreán Gréasáin: http://www.workplacerelations.ie/en/