Más saoránach den LEE nó den Eilvéis thú, tá tú i dteideal teacht ag obair go hÉirinn mar fhostaí nó mar dhuine féinfhostaithe. Ní chaithfidh saoránaigh an LEE ná na hEilvéise cead gnó a bheith acu le gnó a bhunú in Éirinn, ná víosa le cuairt a thabhairt ar Éirinn, taisteal go hÉirinn ná maireachtáil nó oibriú in Éirinn. Féadfaidh daoine nach saoránaigh den LEE iad gnó a bhunú in Éirinn ach caithfidh siad cead a bheith acu. Tar éis oscailte 2 scéim nua d’infheisteoirí agus d’fhiontraithe neamh-LEE ar 16 Aibreán 2012, tá 3 bealach do náisiúnaigh neamh-LEE chun infheistíocht a dhéanamh nó gnó a chur ar bun in Éirinn – féach ‘Scéimeanna do náisiúnaigh neamh-LEE féinfhostaithe’ thíos.
Má tá tú ag teacht as an gcoigríoch le gnó a bhunú Éirinn, beidh faisnéis ag teastáil uait faoi raon ábhar, ar nós cánacha agus riachtanas dlíthiúil - féach 'Tacaíochtaí faisnéise' thíos.
Cuireann an Clár Infheisteoir Inimircigh roghanna infheistíochta ar fáil a ligfidh d’infheisteoirí faofa neamh-LEE agus lena neasteaghlach Éire a iontráil ar víosaí iliontrála agus fanacht anseo ar feadh a mhéid agus 5 bliana.
Ligfidh an Clár Tionscnaimh d’Fhiontraithe ligfidh sé do rannpháirtithe neamh-LEE ag a bhfuil togra nuálach gnó mar aon le cistiú nó tacaíocht airgeadais ar a laghad €75,000 teacht anseo agus gnó a bhunú in Éirinn.
Mura mbíonn tú i dteideal an Clár Tionscnaimh d’Fhiontraithe nó más mian leat gnó miondíola, lónadóireachta, seirbhísí pearsanta nó gnóthaí dá samhail a bhunú, caithfidh tú iarratas a dhéanamh ar an scéim cead gnó. Is éard atá i gcead gnó cead scríofa a thugann an tAire Dlí agus Cirt agus Comhionannais duit gnó a bhunú agus dul ina bhun in Éirinn ar feadh tréimhse áirithe. Caithfidh tú critéir áirithe a chomhlíonadh le go bhféadfaidh tú cur isteach ar chead gnó mar a leanas:
Ealaíontóirí agus scríbhneoirí: Ní bheidh feidhm ag na rialacha faoi fhostaíocht nó chaipiteal má tá más ealaíontóir, scríbhneoir nó ceardaí thú. Caithfidh tú taispeáint go mbíonn tú aithnidiúil agus ábalta chun tú féin a chothú gan a bheith i dtuilleamaí cúnaimh shóisialaigh nó fostaíochta eile. Sa chás seo ba cheart duit teagmháil ar leith a dhéanamh leis an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais.
Tá faisnéis mhionsonraithe ar cead gnó atá le fáil ar láithreán gréasáin Sheirbhís Eadóirseachta agus Inimirce na hÉireann (SEIÉ).
De ghnáth, tugtar cead gnó le haghaidh bliana amháin ar dtús.
Tá daoine nach saoránaigh den LEE iad ach a bhfuil cead faoin na scéimeanna seo acu i dteideal maireachtáil in Éirinn chomh fada is a mhaireann an cead seo. Ba chóir dóibh seiceáil má theastaíonn víosa le teacht go hÉirinn.
Má tá tú ag teacht as an gcoigríoch le gnó a bhunú Éirinn, beidh faisnéis ag teastáil uait faoi raon ábhar, ar nós cánacha agus riachtanas dlíthiúil. Féadfaidh tú faisnéis a fháil faoi ghnó a bhunú agus faoin a bheith féinfhostaithe ar an láithreán gréasáin seo, faisnéis a áireoidh mionsonraí faoi na struchtúir dhlíthiúla agus na dliteanais a d'fhéadfadh a bheith i gceist. Tá an treoirleabhar Toil and Trouble (pdf) ar fáil ar láithreán gréasáin na Roinne Coimirce Sóisialaí. Má tá féinfhostaithe agus má cuireann tú gnó ar bun, tá faisnéis faoi na seirbhísí agus teidlíochtaí ar fáil ar an láithreán gréasáin selfemployed supports.ie.
Gníomhaireacht de chuid Rialtas na hÉireann é an UFT (Údarás Forbartha Tionscail) a bhfuil de chúram air infheistíocht nua a chur á déanamh in Éirinn ón gcoigríoch, sa déantúsaíocht agus in earnálacha na seirbhísí a thrádáiltear go hidirnáisiúnta. Féadfaidh sé faisnéis a chur ar fáil faoi ghnó a bhunú in Éirinn agus b'fhéidir go mbeadh deontais le fáil uaidh ag cuideachtaí atá ag iarraidh lonnú in Éirinn nó na hoibríochtaí atá acu cheana a mhéadú.
Cuirfear isteach ar chead gnó chun Aonad Cead Gnó Rannán Inimirce Sheirbhís Eadóirseachta agus Inimirce na hÉireann – féach ‘Cá háit a dhéanfaidh mé iarratas’ anseo thíos. Ní mór duit na cáipéisí seo a leanas a chur le d'iarratas:
Téigh i dteagmháil leis an Oifig um Chlárú Cuideachtaí chun do ghnó a chlárú - féach 'Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas' anseo thíos. Féadfaidh tú doiciméid leat, ar nós do chuid tuairisceán bliantúil, a chlárú agus a chomhdú ar-líne leis an OCC ach úsáid a bhaint as CORE (Companies Online Registration Environment - Timpeallacht Cláraithe Ar-Líne do Chuideachtaí).
Féadfaidh tu dul i dteagmháil le do Bhord Fiontar Contae agus Cathrach chun fáil amach na tacaíochtaí maidir le gnó a chur ar bun in Éirinn – féach ‘Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas' anseo thíos.
Féadfaidh tú fáil amach faoi mar is féidir clárú
don cháin ó d'oifig cánach áitiúil – féach ‘Cá háit a
ndéanfaidh mé iarratas' anseo thíos.
Téigh i dteagmháil na gCoimisinéirí
Ioncaim.
Déan teagmháil le do Bhord
Fiontar áitiúil
An Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais
Seirbhís Eadóirseachta agus Inimirce na hÉireann
13-14 Cé an Bhúrcaigh
Baile Átha Cliath 2
ÉIRE
Rannóg Seirbhísí Eadóirseachta
Seirbhís Eadóirseachta agus Inimirce na hÉireann
1 Urlár, 13-14 Cé an Bhúrcaigh
Baile Átha Cliath 2
Éire
Láithreán Gréasáin: http://www.inis.gov.ie/
R-phost: INISbperm@justice.ie
Teach Parnell
14 Cearnóg Parnell
Baile Átha Cliath 1
Éire
Teil:+353 (0) 1 804 5200
Lóghlao:1890 220 226
Facs:+353 (0) 1 804 5222
Láithreán Gréasáin: http://www.cro.ie
R-phost: info@cro.ie