Má tá tú ag brath gnó a bhunú tá roinnt ceisteanna nár mhór duit a chur san áireamh. Tá tacaí agus rialacha seachas a chéile i bhfeidhm, de réir do chuid tosca féin. B'fhéidir gur duine fostaithe nó dífhostaithe thú nó duine atá ag teacht anall go hÉirinn le gnó a chur ar bun. Léiríonn an cháipéis seo cuid den fhaisnéis thábhachtach nár mhór a bheith agat, mar aon le naisc chun na dtopaicí ábhartha.
Má tá tú féinfhostaithe agus má chuireann tú gnó ar bun, tá faisnéis sa láithreán gréasáin selfemployedsupports.ie faoi na seirbhísí agus teidlíochtaí atá ar fáil.
Féadfaidh tú gnó a bhunú mar thrádálaí aonair, i gcomhpháirtíocht nó mar chuideachta theoranta. Braithfidh rogha an struchtúir ar an gcineál gnó a bhfuil tú ina bhun, ar na custaiméirí a bheidh agat agus ar do sheasamh maidir le riosca. Moltar duit dul i gcomhairle le haturnae nó le cuntasóir maidir le struchtúr do ghnó.
Trádálaí Aonair: Tá sé éasca go leor dul i mbun gnó mar thrádálaí aonair ach má chliseann air seo d'fhéadfaí do shócmhainní pearsanta a úsáid le do chreidiúnaithe a íoc. Is é an príomhdhualgas atá ort ó thaobh an dlí clárú mar dhuine féinfhostaithe leis na Coimisinéirí Ioncaim (féach leat ‘Cáin agus ÁSPC' anseo thíos). Más mian leat ainm gnó a úsáid caithfidh tú é a chlárú leis an Oifig um Chlárú Cuideachtaí.
Comhpháirtíocht: Is éard atá i gcomhpháirtíocht 2 nó níos mó daoine teacht le chéile d'fhonn gnó a bhainistiú i bpáirt le chéile. Níor mhór an comhaontú comhpháirtíochta a chur á dhréachtú ag aturnae. Tá na comhpháirtithe comhfhreagrach as bainistíocht an ghnó agus má chliseann air seo tá na comhpháirtithe comhfhreagrach as na fiacha.
Cuideachta theoranta: Má bhunaíonn tú do ghnó mar chuideachta theoranta, is eintiteas dlíthiúil ar leith é an gnó. Má bhíonn fiacha ar an gcuideachta, ní bhíonn teideal de ghnáth ag na creidiúnaithe ach ar shócmhainní na cuideachta. Ní mór an chuideachta a chlárú leis an Oifig um Chlárú Cuideachtaí (OCC) agus ní mór tuarascálacha agus cuntais na cuideachta a chur faoi bhráid na hOCC gach bliain.
Tá tuilleadh eolais faoi na strruchtúir éagsúla seo ar láithreán gréasáin na hOCC. Féadfaidh tú d'ainm gnó agus do chuid tuairisceán bliantúil a chlárú agus a chomhdú leis an OCC ach úsáid a bhaint as CORE (Timpeallacht Cláraithe Cuideachtaí Ar-Líne).
Má tá tú dífhostaithe b'fhéidir go mbeidh teideal agat ar scéim an Liúntais Fiontraíochta um Fhilleadh ar Obair nó ar scéim an Liúntas Fiontraíochta Gearrthéarmach. Má tá tú ag cur gnó ar bun, b'fhéidir go bhfaighidh tú tacaí breise de bhun na scéime, mar shampla deontais le haghaidh oiliúna, taighde margaidh, pleananna gnó, agus le bheith in ann iasachtaí a fháil le fearas a cheannach.
Ní chaithfidh saoránaigh an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch (LEE) ná na hEilvéise cead a bheith acu gnó a chur ar bun in Éirinn. De ghnáth caithfidh daoine nach saoránaigh de chuid an LEE iad cead a fháil ón Aire Dlí agus Cirt agus Comhionannais le gnó a chur ar bun in Éirinn. Náisiúnaigh choigríche. D’fhéadfadh iad bheith incháilithe iarratas ar an gClár Infheisteoir Inimircigh nó ar an gClár Tionscnaimh d’Fhiontraithe. Más mian leo gnó miondíola, lónadóireachta, seirbhisí pearsanta nó gnóthaí dá samhail a bhunú, caithfidh siad iarratas a dhéanamh ar an scéim cead gnó.
Tugann na Boird Fiontar Contae agus Cathrach tacaí, lena n-áirítear deontais do ghnóthais áitiúla atá á mbunú nó á bhforbairt. Is é a ról acmhainneacht fiontair dúchasach a fhorbairt, gníomhaíocht gheilleagrach a spreagadh agus micreathionscadail (10 bhfostaí nó níos lú) a chur chun cinn. Tá faisnéis maidir le seimineáir, agus cúrsaí faoi do ghnó a chur ar bun, chomh maith le meantóireacht agus tacaíochtaí airgeadais ar fáil ar enterpriseboards.ie.
Is é aidhm First-Step Microfinance iasachtaí níos lú ná €25,000 do ghnólachtaí beaga nuathionscanta nó forbraíochta a sholáthar
Leagann an Rialtas síos spriocanna €3.5 billiún i 2012 agus €4 billiún i 2013 do AIB agus Banc na hÉireann le haghaidh iasachtaí do ghnólachtaí beaga agus mheánmhéide.
Bíonn deacracht ag go leor gnóthaí beaga creidmheas a fháil. Is treoir maidir le maoiniú a fháil do ghnóthaí beaga agus meánmhéide é Do Ghnó Do Bhanc (pdf). Cuimsíonn sé eolas ar conas iarratas chreidmheas bainc a ullmhú. D'fhoilsigh an Banc Ceannais na hÉireann Cód Iompraíochta d’Iasachtaí Gnó do Ghnóthais Bheaga agus Mheánmhéide athbhreithnithe (pdf) agus tháinig sé i bhfeidhm ar 1 Eanáir 2012.
Má tá gnó beag nó meánmhéide agat agus má dhiúltaíonn ceann de na bainc atá rannpháirteach d'iarratas ar chreidmheas is féidir leat iarratas a dhéanamh ar an Oifig um Athbhreithniú Creidmheasa chun do chás a athbhreithniú. Chun a bheith incháilithe le haghaidh athbhreithnithe ní mór d'iarratas a bheith déanta i scríbhinn. Tá foirm iarratais um iasacht bainc ar shuíomh gréasáin an Oifig um Athbhreithniú Creidmheasa. Cosnaíonn athbhreithniú idir €100 suas go dtí uasmhéid de €250.
Má tá deacrachtaí agat le do chreidiúnaithe, is féidir leis an tSeirbhís Chomhairle Deonach Cuntasóirí Cairte (CAVA) comhairle agus cabhair saor in aisce le haghaidh do chúrsaí ghnólachta a thabhairt. Déan teagmháil le do Sheirbhís Fhaisnéise do Shaoránaigh nó do Sheirbhís Buiséadaithe agus Comhairle Airgid (SBCA) agus faigh amach an bhfuil an tseirbhís ar fáil acu.
Is seirbhís rúnda agus saor in aisce é SBCA dóibh siúd atá i bhfiacha nó go bhfuil fadhb acu ag bainistiú airgid. Tá tuilleadh eolais ar fáil inár ndoiciméad faoi fhiacha a láimhseáil.
Leagfar cáin ar do ghnó de réir mar atá sé corpraithe ina chuideachta nó nach bhfuil. Más cuideachta é beidh cáin chorparáide inghearrtha air. Mura bhfuil sé corpraithe measfar gur trádálaí aonair thú agus íocfaidh tú cáin de réir an chórais féinmheasúnaithe. Tá tuilleadh eolais le fáil i selfemployed supports.ie agus i leabhrán na gCoimisinéirí Ioncaim IT48 Ag Bunú Gnó (pdf).
Cuideachtaí nua: Is féidir le cuideachtaí nua bheith díolmhaithe ó cháin chorparáide ar feadh 3 bliain agus beidh luach an faoiseamh nasctha leis an méid ÁSPC fhostóir atá íoctha ag cuideachta i dtréimhse chuntasaíochta suas go huasmhéid €5,000 do gach fostaí. San Acht Airgeadais 2012 sínfear an faoiseamh cánach do chuideachtaí a thosaíonn i 2012, 2013 agus 2014.
Más duine féinfhostaithe thú íocfaidh tú ranníocaíochtaí árachais shóisialta Aicme S. Tá Treoir ÁSPC do Dhaoine Féinfhostaithe-SW74 (pdf) ar láithreán gréasáin na Roinne Coimirce Sóisialaí. Más fostóir tú agus cruthaíonn tú poist nua agus breise i 2012, b'fhéidir go mbeidh tú cáilithe chun díolúine ó ÁSPC d'fhostóirí le haghaidh na poist seo a fháil.
Má tá tú ag cur gnó ar bun agus má shocraíonn tú foireann a earcú, caithfidh tú clárú le haghaidh ÍMAT agus ÁSPC leis na Coimisinéirí Ioncaim. Is féidir leat faigh amach faisnéis maidir le d’oibleagáidí agus do dhualgais mar fhostóir, agus céard iad cearta na bhfostaithe ar selfemployedsupports.ie. Tá treoir d' fhostóirí atá ag bunú gnó le fostaí ar fáil. Is féidir leat ár ndoiciméid faoi íosphá, íocaíocht leasa shóisialta (ASPC), saoire agus sláinte agus sábháilteacht a léamh.
Féadfaidh tú tuilleadh eolais a fháil ar an láithreán seo faoi dul i mbun na féinfhostaíochta agus gnó a dhúnadh nó a dhíol. Tá an treoir chun na féinfhostaíochta, Toil and Trouble (pdf) (Dua agus Diachair), le fáil ar láithreán na Roinne Coimirce Sóisialaí. Is féidir bileog maidir le gnó a chur ar bun (pdf) ó shuíomh gréasáin Eagraíocht na hÉireann do Dhaoine Dífhostaithe.
Soláthraíonn do Bhord Fiontair Chathrach nó Chontae faisnéis, comhairle agus tacaíocht airgeadais do ghnóthaí áitiúil.
Is gníomhaireacht Rialtas Éireannach é Fiontraíocht Éireann atá freagrach i bhforbairt tionscail na hÉireann. Soláthraíonn sé comhairle agus tacaíocht airgeadais do ghnóthaí Tosú Ardacmhainne. Tá faisnéis maidir le gnó a chur ar bun ar a suíomh gréasáin.
Is gníomhaireacht Rialtas Éireannach é an tÚdarás Forbartha Tionscail na hÉireann atá freagrach in infheistiú nua in earnálacha déantúsaíochta agus trádáilte idirnáisiúnta as tíortha thar lear a fháil. Is féidir leis faisnéis faoi ghnó a bhunú in Éirinn a sholáthar agus deontais do chomhlachtaí ar mhaith leo bheith suite in Éirinn nó a gcuid oibríochtaí láithreach in Éirinn a leathnú.
Soláthraíonn na heagraíochtaí seo leanas a mbaill comhairle agus faisnéis maidir le gnó a bhainistiú: Comhlachas na nGnólachtaí Beaga agus Fiontair Bheaga agus Mheánmhéide na hÉireann.
Tá Info2innovate, eolaire ar líne tacaíochtaí agus seirbhísí nuálaíochta d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide, foilsithe ag an Líonra Fiontar Eorpach.