Bealaí chun Oibre - scéimeanna agus tionscnaimh

Tacaíochtaí fostaíochta agusoiliúna

Is iomaí scéim fostaíochta agus oiliúna atá ann chun cabhrú le daoine atá dífhostaithe go fadtéarmach filleadh ar an obair. Tá siad dírithe ar dhaoine a raibh íocaíochtaí áirithe leasa shóisialaigh á bhfáil acu ar feadh tréimhse ar leith ama.

Cistíonn scéimeanna áirithe eagraíochtaí pobail agus deonacha, a chuireann deiseanna fostaíochta ar fáil, ar a uain sin, chun leasa an phobail áitiúil.

Tá rialacha éagsúla cáilitheachta ag gach scéim, mar sin, is tábhachtach an fhaisnéis mhionsonraithe faoi gach scéim a sheiceáil.

Tionchar ar d’íocaíocht leasa shóisialaigh

Má tá tú ag filleadh ar an obair trí cheann de na scéimeanna seo, b’fhéidir go n-imreofar tionchar ar d’íocaíocht leasa shóisialaigh ar bhealaí éagsúla, ag brath ar an scéim.

B’fhéidir go gcáileofar daoine a bhfuil íocaíochtaí áirithe míchumais á bhfáil acu do na scéimeanna agus tá roinnt tacaíochtaí fostaíochta ar fáil do dhaoine faoi mhíchumas.

Socruithe cúraim leanaí

Má ghlacann tú le háit i gclár fostaíochta na Roinne Coimirce Sóisialaí, b’fhéidir go gcáileoidh tú don Scéim Náisiúnta Cúraim Leanaí (an SNCL). Scéim nua í an SNCL a chuireann tacaíocht airgeadais ar fáil chun cabhrú le tuismitheoirí íoc as costais chúraim leanaí.

Tacaíochtaí le do ghnólacht féina thosú

Má tá íocaíochtaí áirithe leasa shóisialaigh á bhfáil agat agus más mian leat bheith féinfhostaithe, b’fhéidir go gcáileoidh tú don Liúntas Fiontraíochta um Fhilleadh ar Obair nó don Liúntas Fiontraíochta Gearrthéarma.

Liúntas Fiontraíochta um Fhilleadh ar Obair

Cabhraíonn an scéim Liúntais Fiontraíochta um Fhilleadh ar Obair (an LFFAO) le daoine dífhostaithe agus le daoine eile a bhfuil íocaíochtaí áirithe leasa shóisialaigh a bhfáil acu chun bheith féinfhostaithe.

Is féidir le daoine a bhfuil a ngnólacht féin á chur ar bun acu agus a cháilíonn do scéim an LFFAO céatadán dá n-íocaíocht leasa shóisialaigh a choimeád ar feadh a fhaide le 2 bhliain.

Liúntas Fiontraíochta Gearrthéarma

Tacaíonn Liúntas Fiontraíochta Gearrthéarma (an LFGT) le daoine a chaill a bpost agus ar mian leo a ngnólacht féin a thosú.

Le cáiliú, caithfidh go bhfuil Sochar Cuardaitheora Poist á fháil agat. Níl aon tréimhse cháilitheach ann, a chiallaíonn nach gá go raibh Sochar Cuardaitheora Poist á fháil agat ar feadh tréimhse áirithe ama. Ní cháileoidh tú, áfach, má tá Sochar Cuardaitheora Poist á fháil agat agus má tá tú ag oibriú go páirtaimseartha.

Íoctar an Liúntas Fiontraíochta Gearrthéarma in ionad do Shochair Cuardaitheora Poist ar feadh a fhaide le 9 mí. Cuirtear deireadh leis nuair a chuirtear deireadh le do theidlíocht do Shochar Cuardaitheora Poist (is é sin, tar éis 9 nó 6 mhí).

Scéimeanna do thaithí oibre agusoiliúint

Mura raibh post agat riamh, nó más mian leat feabhas a chur ar do leibhéal taithí agus oiliúna, b’fhéidir go mbeidh tú incháilithe don mhéid seo a leanas:

An Clár Socrúcháin Taithí Oibre (an CSTO)

Tugann an CSTO an deis do dhaoine nach raibh post acu riamh, agus do dhaoine a chaill a bpost, taithí oibre a fháil trí shocrúchán oibre in eagraíocht óstaigh.

Caithfidh tú bheith idir 18 agus 65 bliain d’aois, caithfidh tú a bheith dífhostaithe ar feadh 6 mhí, ar a laghad, agus caithfidh go bhfuil íocaíocht cháilitheach leasa shóisialaigh á fáil agat.

Fostaíocht Pobail (FP)

Cuireann an clár Fostaíochta Pobail (FP) oiliúint agus taithí oibre ar fáil do dhaoine atá dífhostaithe go fadtéarmach agus do dhaoine eile atá faoi mhíbhuntáiste trí shocrúcháin pháirtaimseartha agus shealadacha i bpoist atá bunaithe laistigh de phobail áitiúla.

Braithfidh conas a cháileoidh tú do pháirt a ghlacadh i scéim FP ar d’aois agus do chás pearsanta.

Tús

Tionscnamh socrúcháin oibre pobail é scéim Tús a chuireann deiseanna oibre ar fáil a théann chun sochair an phobail agus cuireann eagraíochtaí pobail agus deonacha ar fáil iad i gceantair uirbeacha agus thuaithe. Déanann an Roinn Coimirce Sóisialaí teagmháil le daoine dífhostaithe atá incháilithe páirt a ghlacadh sa scéim agus roghnaíonn an Roinn iad.

Ag filleadh ar oideachas lánaimseartha nó páirtaimseartha

Is féidir leat léamh faoin réimse scéimeanna agus tacaíochtaí atá ar fáil do dhaoine a bhfuil leas sóisialach á fháil acu atá ag filleadh ar oideachas lánaimseartha nó páirtaimseartha.

Scéimeanna a chabhraíonn leat anfhostaíocht a bhaint amach

Áirítear le scéimeanna eile a chabhraíonn le daoine an fhostaíocht a bhaint amach:

Dreasachta Poist Pháirtaimseartha

Tá an scéim Dreasachta Poist Pháirtaimseartha (an DPPA) do dhaoine a raibh Liúntas Cuardaitheora Poist á fháil acu ar feadh 15 mhí nó níos faide. Ceadaíonn sé dóibh glacadh le hobair pháirtaimseartha agus Liúntas Poist Páirtaimseartha a fháil in ionad Liúntas Cuardaitheora Poist.

Is féidir leat teacht ar eolas breise faoin Scéim Dreasachta Poist Pháirtaimseartha.

JobsPlus

Dreasacht fostóra é JobsPlus a spreagann agus a bhronnann luaíocht ar fhostóirí a fhostaíonn cuardaitheoirí poist ar an mBeochlár. Cuirtear an dreasacht seo in ionad Chúnamh Poist na gCoimisinéirí Ioncaim. Is féidir le fostóirí incháilithe a earcaíonn fostaithe lánaimseartha an 1 Iúil 2013 nó ina dhiaidh sin iarratas a dhéanamh ar an dreasacht.

An Clár Seirbhísí Pobail

Cistíonn an Clár Seirbhísí Pobail seirbhísí pobail agus gnólachtaí pobail chun seirbhísí agus gnólachtaí bunriachtanacha a sholáthar dá bpobail a sholáthróidh fostaíocht do dhaoine dífhostaithe agus do dhaoine faoi mhíchumas. Tháinig an Clár Seirbhísí Pobail chun cinn ón gClár Geilleagair Shóisialta agus cuireann sé cistiú ar fáil do thart ar 400 grúpa.

An Scéim Shóisialta Tuaithe

Ceadaíonn an Scéim Shóisialta Tuaithe d’fheirmeoirí agus iascairí/mná ísealioncaim nach féidir leo maireachtáil leordhóthanach a thuilleamh ó ghabháltas a bhfeirme nó ón iascaireacht chun ioncam forlíontach a thuilleamh. Cistítear eagraíochtaí áitiúla chun obair pháirtaimseartha a sholáthar do rannpháirtithe sa scéim a théann chun sochair pobail tuaithe.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 16 Deireadh Fómhair 2023