An Clár Socrúcháin Taithí Oibre (an CSTO)

Cad é an Clár Socrúcháin TaithíOibre (an CSTO)?

Tugann an Clár Socrúcháin Taithí Oibre (an CSTO) an deis do dhaoine nach raibh post acu riamh agus do dhaoine a chaill a bpost, taithí oibre a fháil. Cuireadh tús leis an 12 Iúil 2021.

Tá mar chuspóir ag an CSTO an deis a thabhairt duit tabhairt faoi athoiliúint agus taithí a fháil ar ról nua, fad a bhíonn tú ar socrúchán oibre in eagraíocht óstála.

Caithfidh tú bheith idir 18 agus 65 bliain d’aois agus go bhfuil íocaíocht cháilitheach leasa shóisialaigh á fáil agat — féach ‘Rialacha’ thíos.

Tá rannpháirtíocht deonach. Ní ghearrfar aon phionóis airgeadais mura mian leat páirt a ghlacadh sa scéim nó má fhágann tú an scéim.

Tá an scéim ar oscailt d’eagraíochtaí óstála sna hearnálacha príobháideacha, poiblí, státseirbhíse, pobail agus deonacha.

Scéim atá sa CSTO faoin Straitéis Bealaí chun Oibre 2021-2025. Críochnaíodh an scéim socrúcháin dheireanach, an Scéim Tacaíochta d’Fhostaíocht Óige (an STFÓ), a bhí cosúil leis an CSTO, in Iúil 2021.

Cé atá incháilithe don CSTO?

Caithfidh tú a bheith idir 18 agus 65 bliain d’aois agus:

•Caithfidh tú a bheith rannpháirteach i scéim cháilitheach ar feadh 6 mhí (156 lá), ar a laghad, agus

•Caithfidh go bhfuil íocaíocht cháilitheach á fáil agat (féach thíos)

Cad iad na híocaíochtaí cáilitheacha?

Caithfidh go raibh ceann amháin de na híocaíochtaí seo a leanas á fháil agat:

•Sochar Cuardaitheora Poist

•Liúntas Cuardaitheora Poist

•Íocaíocht Idirthréimhseach Cuardaitheora Poist

•Íocaíocht Teaghlach Aontuismitheora

•Liúntas Míchumais

•Pinsean na nDall

•Cúnamh Feirme

•Sochar Cuardaitheora Poist do Dhaoine Féinfhostaithe

Caithfidh tú aistriú chuig íocaíocht Chuardaitheora Poist sular féidir leat glacadh leis an socrúchán.

Má tá tú Íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora, Liúntas Míchumais nó Pinsean na nDall á fháil agat, cáileoidh tú go huathoibríoch don CSTO. Ní gá duit an tréimhse cháilitheach 156 lá a shásamh.

Scéimeanna eile a chuirtear san áireamh i dtreo na tréimhse cáilithí

Is féidir am a chur san áireamh sa tréimhse cháilitheach 6 mhí a caitheadh ag glacadh páirte i scéimeanna cosúil leis an méid seo a leanas:

•Íocaíocht Dífhostaíochta Phaindéim COVID-19 (ÍDP)

•An Scéim Liúntais Leasa Fhorlíontaigh (LLF)

•Scéim Fostaíochta Pobail (FP)

•Tús

•An Scéim Shóisialta Tuaithe (An SST)

•Liúntas um Fhilleadh ar Oideachas

•Liúntas um Fhilleadh ar Oideachas

•Ógtheagmháil

•Springboard

•Cláir Oiliúna SOLAS

Má tá Íocaíocht Dífhostaíochta Phaindéim COVID-19 á fáil agat faoi láthair, caithfidh tú aistriú chuig íocaíocht Chuardaitheora Poist sular féidir leat glacadh leis an socrúchán.

Má chaith tú am i bpríosún, d’fhéadfaí é seo a chur san áireamh i dtreo na tréimhse 156 lá, chomh fada agus atá tú i dteideal íocaíocht leasa shóisialaigh cháilitheach a fháil.

Seirbhísí Fostaíochta Poiblí ar Conradh (SFPC)

Má tá tú rannpháirteach in JobPath nó más custaiméir Seirbhísí Fostaíochta Áitiúla (SFÁ) thú, tá tú incháilithe páirt a ghlacadh sa CSTO.

Is féidir leat eolas breise a fháil i dtreoirlínte na scéime.

Cé nach bhfuil incháilithe don CSTO?

Níl tú incháilithe sna cásanna seo a leanas:

•Tá íocaíocht chuardaitheora poist ócáideach á fáil agat

•Níl síniú á dhéanamh agat ach do chreidmheasanna cuardaitheora poist

•Tá tú in oideachas lánaimseartha nó ag tabhairt faoi oiliúint lánaimseartha

•Tá tacaíochtaí ioncaim eile an RCS á bhfáil agat, cosúil le Liúntas Fiontraíochta um Fhilleadh ar Obair, Liúntas Fiontraíochta um Fhilleadh ar Obair nó Liúntas Fiontraíochta Gearrthéarma

•Ball de bhoird bhainistíochta thú faoi láthair nó roimhe seo nó bhí stiúrthóireachtaí agat leis an ngnólacht óstála nó cleamhnaithe

•Bhí caidreamh fostaíochta agat roimhe seo leis an óstach sa ról céanna

Athrú ar chúinsí

Má thagann athrú ar do chúinsí nuair a bhíonn tú rannpháirteach sa chlár, mar shampla, má fhaigheann tú post, ba cheart duit Ionad Intreo/Limistéar Scéime na Roinne Coimirce Sóisialaí (an RCS) a chur ar an eolas láithreach.

Conas a oibríonn an CSTO?

Cuirfidh an RCS cásoifigeach ar fáil, a dhéanfaidh teagmháil leat agus le d’eagraíocht óstála i gcaitheamh do shocrúcháin. Déanfar monatóireacht ar an socrúchán le tuairisciú míosúil lena chinntiú go leanann sé le treoirlínte na scéime a shásamh.

Oiliúint agus forbairt

Nuair a thosaíonn tú, comhaontaíonn tú le plean foghlama agus forbartha leis an eagraíocht óstála. Sonrófar ann seo na scileanna agus an taithí a thabharfar an deis duit a fhoghlaim. Tá súil leis go ndéanann tú 60 uair an chloig d’oiliúint a chuireann d’eagraíocht ar fáil nó a chuirtear ar fáil i gcúrsaí páirtaimseartha oideachais agus oiliúna. Ba cheart go mbeadh oiliúint chreidiúnaithe nó a bhaineann go sonrach le hearnáil i gceist le 20 de na 60 uair an chloig.

Ainmneoidh d’eagraíocht óstála duine éigin chun tacú leat agus meantóireacht a sholáthar duit. Ag deireadh do shocrúcháin, tabharfar teistiméireacht duit a luann do thaithí oibre agus na scileanna agus an fhoghlaim a ghnóthaigh tú.

Is féidir leat Deontas Tacaíochta Oiliúna a mhéid le €1,000 a fháil, más gá. Tá an deontas ar fáil gan aird ar cibé acu ar cuireadh nó nár cuireadh an deontas ar fáil duit roimhe seo.

Fad na scéime

Maireann an scéim ar feadh 6 mhí agus níl aon rogha ar fáil an socrúchán a shíneadh.

Beidh tú incháilithe 2 shocrúchán, ar an iomlán, a dhéanamh a fhaide le tréimhse uasta 12 mí (52 seachtain). Caithfidh na socrúcháin a bheith le heagraíochtaí óstála, agus caithfidh bearna 4 seachtaine a bheith eatarthu.

Oibreoidh tú ar feadh 30 uair sa tseachtain i gcaitheamh 4 nó 5 lá gach seachtain. Áirítear leis na 30 uair an chloig am a caitheadh ag tabhairt faoi oiliúint.

Saoire bhliantúil

Beidh tú i dteideal na saoirí poiblí go léir agus 11 lá de shaoire bhliantúil a ghlacadh i rith do shocrúcháin 6 mhí.

An CSTO agus obair pháirtaimseartha

Is féidir leat obair pháirtaimseartha a dhéanamh i rith shocrúchán an CSTO, a fhaide agus nach gcuireann sé isteach ar uaireanta riachtanacha an tsocrúcháin. Ní dhéanfaidh obair pháirtaimseartha difear do ráta an CSTO a íoctar. Ní cheadaítear duit oibriú go páirtaimseartha le hóstach an CSTO.

Rátaí

Íocfaidh an RCS liúntas seachtainiúil €335 an CSTO leat.

Má tá tú i dteideal méaduithe a fháil do dhuine fásta cáilithe nó do leanaí cáilithe nó sochair bhreise, cosúil le Liúntas Breosla nó Bónas na Nollag, leanfaidh tú leis na híocaíochtaí seo a fháil anuas ar phríomhíocaíocht an CSTO.

Conas iarratas a dhéanamh

Fógrófar socrúcháin uile an CSTO ar JobsIreland.ie. Ba cheart duit seiceáil do shocrúcháin ar spéis leat cur isteach orthu. Caithfidh tú iarratas a dhéanamh ar shocrúchán ar líne ag jobsireland.ie.

Déanfaidh eagraíochtaí óstála cinneadh faoin bpróiseas iarratais agus d’fhéadfadh nósanna imeachta roghnaithe a bheith ann, cosúil le CV a iarraidh nó cuireadh a thabhairt duit freastal ar agallamh.

Tá líon teoranta áiteanna sa CSTO ar fáil.

Cá ndéanfaidh mé iarratas?

Déan teagmháil le d’Ionad Intreo nó Oifig Bhrainse Leasa Shóisialaigh áitiúil nó léigh treoirlínte mionsonraithe na scéime chun teacht ar eolas breise faoin CSTO.

Cláraigh ar líne don CSTO ag jobsireland.ie. Nuair a bhíonn tú cláraithe, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar fholúntais an CSTO a fhógraítear ar jobsireland.ie.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 4 Eanáir 2024