Dífhostú inchiallaithe

Eolas

Tarlaíonn dífhostú nuair a chuireann tú deireadh le do chonradh fostaíochta, le nó gan fógra a thabhairt roimh ré, mar gheall ar iompar d'fhostóra. Caithfidh gur iompair d'fhostóir é/í i slí a chiallódh go mbeadh sé réasúnta duit deireadh a chur le d'fhostaíocht gan fógra a thabhairt.

Má dhífhostaítear tú, tá sé de rogha agat éileamh dífhostú éagórach a chur in aghaidh d'fhostóra, faoi réir coinníollacha áirithe. Má dhéanann tú é sin agus má ghlacann an fostóir leis go raibh dífhostú ann, beidh ar an bhfostóir a léiriú go raibh cúiseanna maithe leis an dífhostú. Go ginearálta, glactar leis go bhfuil dífhostú éagórach mura bhfuil an fostóir in ann a thaispeáint go raibh údar maith leis.

Má chuireann tusa deireadh le d'fhostaíocht agus má dhéanann tú éileamh ar dhífhostú éagórach faoi reachtaíocht na nAchtanna un Dífhostú Éagórach 1977-2007 beidh ortsa a chur in iúl go raibh údar maith le do chinneadh deireadh a chur le d'fhostaíocht.

Má shocraítear gur dífhostaíodh tú go héagórach, d'fhéadfadh go mbeadh ort filleadh ar do phost nó, níos minice, d'fhéadfá cúiteamh a fháil mar gheall ar chaillteanas tuilleamh mar thoradh ar an dífhostú.

Rialacha

Beidh ort a léiriú go gcáilíonn tú chun éileamh a dhéanamh faoi reachtaíocht na ndífhostaithe éagóracha.
Más mian leat éileamh a dhéanamh ba chóir duit é a dhéanamh laistigh de sé mhí ón lá a chuireadh deireadh le fostaíocht. Is féidir an teorainn ama a leathnú go 12 mhí i gcásanna nuair nach rabhthas in ann an t-éileamh a chur isteach mar gheall ar chúinsí eisceachtúla.

Tá an ceart agat glacadh leis go bhfuil deireadh le do chonradh fostaíochta sna cásanna seo a leanas:

Más ionann iompar an fhostóra agus sárú an chonartha fostaíochta nó cén nach raibh sé inchurtha le sárú, bhí sé dona go leor gur thug sé údar maith duit an fhostaíocht a fhágáil.

  • Má léiríonn iompar an fhostóra nach bhfuil sé/sí ag cloí a thuilleadh le téarmaí riachtanacha an chonartha
  • Má iompair an fostóir é/í féin i slí míréasúnta

Mura dhéileáil an fostóir le hiompar fostaithe eile, cuirfear é sin san áireamh chomh maidir le dífhostú inchiallaithe.

Ba cheart duit aird a thabhairt ar na pointí seo a leanas:

  • Nuair a bhíonn dífhostú inchiallaithe i gceist, is ortsa atá an dualgas le fiainise a thabhairt go raibh cúis maith agat le éirí as an bhfostaíocht
  • Ba chóir duit aon nósanna imeachta araíonachta agus casaoide atá ar fáil duit a úsáid sula n-éiríonn tú as an bhfostaíocht
  • Ba chóir duit smaoineamh ar aon nósanna imeachta caidrimh thionsclaíochta atá ar fáil duit a úsáid sula n-éiríonn tú as d'fhostaíocht
  • Ba chóir duit moladh mionchruinn a lorg sula bhfágann tú mar is réimse casta dlí é sin
  • Níor cheart duit éirí as an bhfostaíocht ach mar dhídean deiridh amháin tar éis duit leas a bhaint as gach slí eile ar fáil duit chun an fhadhb a réiteach

Conas iarratas a dhéanamh

Má cháilíonn tú faoin reachtaíocht dífhostaithe éagóracha, is féidir leat éileamh a dhéanamh leis an mBinse Achomhairc Fostaíochta (BAF) nuair a chomhlíonann tú an fhoirm gearáin shingil nua.

Nuair a éisteann an Binse Achomhairc Fostaíochta éileamh, eiseoidh siad cinneadh. Tá ceart achomhairc ag an dá pháirtí chuig an Chúirt Chuarda tar éis don Bhinse a chinneadh a dhéanamh.

Is féidir an Leabhrán Mínithe d'Fhostóirí agus Fostaithe ar an Acht um Dhífhostú Éagórach 1977-2007 (pdf) ar workplacerelations.ie.

Le haghaidh tuilleadh eolais le cúiteamh a lorg faoin na hAchtanna téigh i dteagmháil leis na Seirbhísí do Chustaiméirí um Chaidreamh san Ionad Oibre.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

Seirbhísí do Chustaiméirí um Chaidreamh san Ionad Oibre

(Seirbhísí Faisnéise, Údarás Náisiúnta um Chearta Fostaíochta roimhe sin)
An Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíochta
Bóthar Uí Bhriain
Ceatharlach
Éire

Uaireanta Oscailte:Luan go hAoine 9.30rn go 5in
Teil: (059) 917 8990
Lóghlao: 1890 80 80 90
Láithreán Gréasáin: http://www.workplacerelations.ie/en/

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 17 April 2012

Catagóirí

Leas Sóisialach

Fostaíocht

Oideachas agus Oiliúint

Taisteal agus Áineas

Tithíocht

Ag bogadh tíre

Airgead agus Cáin

Teaghlach agus Caidrimh

Sláinte

Dlí

Gnóthaí Tomhaltóirí

Bás agus Méala

Rialtas in Éirinn

Comhshaol

Find a Citizens Information Centre

Inrochtaineacht

Príobháideachas

Téigh i dteagmháil linn

Séanadh

Faisnéis Earnála Poiblí a Athúsáid