Scéimeanna chun tacú le fostaíocht Forbhreathnú ar na scéimeanna fostaíochta agus ar na tacaíochtaí eile a spreagann daoine a bhfuil íocaíocht dífhostaíochta nó íocaíochtaí leasa shóisialaigh áirithe eile á fháil acu chun fostaíocht a ghlacadh.
Scéim Fhostaíochta Pobail Tugann an Scéim Fhostaíochta Pobail cabhair do dhaoine dífhostaithe fadtéarmach agus daoine eile chun dul ar ais ag obair. Cuireann an scéim socrúcháin páirtaimseartha agus sealadacha ar fáil i jabanna pobail áitiúla.
JobBridge - Scéim Náisiúnta Intéirneachta Soláthraíonn Scéim Náisiúnta Intéirneachta deiseanna thaithí oibre do dhaoine a bhí ag fáil íocaíocht dífhostaíochta nó ag síniú do chreidmheasanna.
Clár Socrúchán Oibre Cuireann Clár Socrúcháin Oibre taithí oibre ar fáil do dhaoine dífhostaithe.
Clár Seirbhísí Pobail Cabhraíonn an Clár le grúpaí deonacha agus pobail seirbhísí riachtanacha agus gnólachtaí a chur ar fáil dá bpobail, a chuirfidh fostaíocht ar fáil do dhaoine dífhostaithe agus daoine faoi mhíchumas.
Postchúnamh Ioncaim Is faoiseamh breise cánach é Postchúnamh Ioncaim do dhaoine a bhí dífhostaithe ar feadh 12 mhí nó níos mó agus atá ag filleadh ar fhostaíocht.
Scéim Tionscnamh Jabanna Scéim Tionscnamh Jabanna a chuireann fostaíocht lánaimsire ar fáil do dhaoine atá dífhostaithe go fadtéarmach.
An Scéim Sóisialta Tuaithe Is í aidhm na scéime Sóisialta Tuaithe ná fordheontas ioncaim a sholáthar d'fheirmeoirí agus iascairí in Éirinn atá ag fáil íocaíochtaí leasa shóisialaigh ar bhonn fadtéarmach.