Is liúntas breise cánach é Postchúnamh Ioncaim, agus atá do dhaoine a bhí dífhostaithe ar feadh 12 mhí nó níos mó agus atá ag filleadh ar fhostaíocht anois. Is féidir liúntas breise cánach a éileamh as gach leanbh atá incháilithe (féach thíos). Is féidir an liúntas cánach a éileamh go ceann 3 bliana cánach agus is féidir leis tosú leis an mbliain chánach ina dtosaíonn an fhostaíocht nó an bhliain chánach ina dhiaidh sin. Is malairt í an scéim ar scéimeanna fostaíochta atá ann anois agus ní féidir úsáid as na liúntais seo a bhaint má ghlacann tú páirt i scéim fostaíochta eile.
Baineann Postchúnamh Ioncaim leis na grúpaí daoine seo a leanas:
Caithfidh an post atá tú ag tógáil:
Tá bileoga eolais faoin Postchúnamh Ioncaim (pdf).
Ní féidir leat leas a bhaint as Postchúnamh Ioncaim ach amháin sa chás go bhfuil post dhá thógáil agat ní bhaineann sé leis an bhféinfhostaíocht. Baineann an liúntas cánach amháin leis an ioncam ón bpost nua a thógann duine. Is féidir le fostaí an post a athrú uair amháin agus fuíollach an liúntais a choinneáil. Is féidir éileamh a dhéanamh ar an liúntas, is cuma cén stádas pósta atá agat.
Is é is leanbh incháilithe ann ná leanbh de do chuid atá:
Is féidir le beirt dhaoine éileamh a dhéanamh ar son an linbh chéanna ach ní féidir ach aon liúntas a éileamh do gach leanbh incháilithe in aon bhliain amháin. Má tá beirt i dteideal éileamh a dhéanamh don leanbh céanna, roinntear an liúntas eatartha mar a leanas:
Le cois an liúntais speisialta cánach, faoin bPostchúnamh Ioncaim, is féidir leat do chárta míochaine a choinneáil go ceann 3 bliana ón dáta a bhfilleann tú ar do chuid oibre. Is féidir leat sochair thánaisteacha eile a choinneáil, amhail Liúntas Breosla, go ceann 3 bliana, ar an gcoinníoll go bhfuil d’ioncam seachtainiúil faoi €317.43. B’fhéidir, áfach, go ndéanfaí laghdú ar mhéid an Forlíonadh Cíosa a fhaigheann tú.
Is féidir le fostóirí a fhostaíonn daoine atá incháilithe do Phostchúnamh Ioncaim asbhaint dhúbáilte a dhéanamh d’ioncam an fhostaí ó ioncam incháinaithe a gcuideachta do suas le 3 bliana ar an gcoinníoll go bhfanann an fostaí leo.
Ciallaíonn sé gurbh fhéidir leis fostóir an méid dúbailte phá fhostaí incháilithe agus an méid dúbailte ranníocaíochta ÁSPC fhostóra a asbhaint ón ioncam inchánaithe na cuideachta.
Sampla:
Thosaigh fostaí ag obair in Eanáir 2009, íoctar leis €350 sa tseachtain, (€18,200 sa bhliain) agus tá sé incháilithe i gcomhair Postchúnamh Ioncaim. Má leanann an fostaí oibrigh don fhostóir suas go dtí críoch 2011, féadfaidh an fostóir a ioncam inchánaithe a laghdú leis an méid dúbailte phá fhostaí agus leis an méid dúbailte ranníocaíochta ÁSPC fhostóra mar a leanas:
| Asbhaint | Méid |
| Pá bliantúil an fhostaí = €18,200 x 2 | €36,400 |
| ÁSPC bliantúil an fhostóra 2011 = €1,547 x 2 | €3,094 |
| Iomlán asbhaint chánach 2011 | €39,494 |
Dá bhrí sin, i 2011 faoi Postchúnamh Ioncaim d’fhéadfadh ioncam inchánaithe na cuideachta a bheith laghdaithe le €39,494. I 2012 agus 2013 d’fhéadfadh ioncam inchánaithe na cuideachta a bheith laghdaithe le €37,947 gach bliain. Beidh an t-iomlán asbhaint chánach €115,388. Tá tuilleadh eolais ar fáil sa bhileog, Postchúnamh Ioncaim IT59 – faisnéis d' fhostóirí.
Díolúine ó ÁSPC i gcomhair fostóirí: Má chruthaíonn tú jabanna nua i 2012 faoin scéim Postchúnamh Ioncaim, d'fhéadfá a bheith cáilithe don Scéim Dreasachta Jabanna (ÁSPC) i gcomhair Fostóirí ar feadh 18 mhí.
Tá na liúntais Phostchúnaimh Ioncaim ag do ráta cánach is airde agus léirítear iad mar mhéadú ar do chreidmheasanna cánach mar a leanas:
| Bliain a hAon: | liúntas breise de €3,810 agus €1,270 do gach leanbh incháilithe |
| Bliain a Dó | ag laghdú chuig dhá thrian den mhéid seo, is é sin, €2,540 agus €850 do gach leanbh |
| Bliain a Trí | aon tríú den mhéid ceadaithe i mbliain a haon, is é sin, €1,270 agus €425 do gach leanbh |
Líon isteach Cuid 1 de fhoirm RJA1 ar fáil ag críoch an bhileof IT58 (pdf). Tá an fhoirm seo ar fáil ón oifig áitiúil chánach.