Má tá tú de do ligean chun siúil ó do phost ní foláir foirm P45 a thabhairt duit, agus tá teidlíochtaí áirithe agat lena n-áirítear fógra agus pá le haghaidh saoire bhliantúil atá tuilte agat ach nár ghlac tú - féach thíos.
Má fhágann tú d'fhostaíocht caithfidh d'fhostóir P45 a thabhairt duit. Seo ráiteas ar do phá agus ar an gcáin, Muirir Sóisialta Uilíoch agus ÁSPC asbhainte ag d'fhostóir go dtí sin. Is doiciméad an-tábhachtach atá ann agus tá sé ag teastáil:
Mura dtugann d'fhostóir P45 duit ba chóir duit é a iarraidh - féach 'Conas iarratas a dhéanamh' thíos.
D'fhéadfadh sé go mbeadh tú i dteideal fógra scoir má tá tú le bheith ligthe ag imeacht ó do phost. Tugtar fógra duit go mbeidh deireadh ag teacht le do chuid fostaíochta agus dáta luath go maith ina dhiaidh sin luaite leis. Braitheann fad an fhógra scoir ar do chonradh fostaíochta ar an gcéad dul síos. Sa bhreis ar sin tá tréimhse faoi leith leagtha síos sa dlí nach mór a thabhairt ar a laghad mar fhógra. D'fhéadfadh sé go mbeadh tréimhse níos faide ná an bunthréimhse reachtúil luaite i do chonradh fostaíochta ach ní féidir leis a bheith níos giorra. Tugtar na hAchtanna um Fhógra Íosta agus Téarmaí Fostaíochta 1973 go dtí 2001 ar na dlíthe in Éirinn a thugann an ceart fógra scoir a fháil do fhostaithe.
Ní mór duit a bheith ag obair don fhostóir ar feadh 13 seachtain ar a laghad le bheith i dteideal an bhunthréimhse reachtúil fógra scoir a fháil.
Braitheann an tréimhse ama dleathúil le fógra scoir a thabhairt duit ar an méid ama atá caite agat ag obair don fhostóir.
| Fad seirbhíse | Bunthréimse Fógra Scoir |
| 13 seachtain go 2 Bhliain | Seachtain |
| 2 Bhliain go 5 Bhliain | 2 sheactain |
| 5 Bhliain go 10 mBliana | 4 sheachtain |
| 10 mBliana go 15 Bliana | 6 seachtain |
| 15 Bliana nó níos mó | 8 seachtain |
Cé gur féidir teidlíocht a bheith agat de thoradh do chonradh fostaíochta go dtabharfaí fógra níos faide duit ná na híosthréimhsí thuas, má tá foráil ann go dtabharfar fógra níos giorra ná sin duit níl sé sin bailí. Is éard a chiallaíonn sé sin ná go bhféadfaidh do chonradh fostaíochta a shocrú go dtabharfar fógra níos faide duit ná mar atá leagtha síos sa dlí ach níl éifeacht ag an gcuid sin de do chonradh má deir sé go dtabharfar fógra níos giorra duit ná mar atá leagtha síos sa dlí. Ní chuireann an dlí cosc ar d’fhostóir ná ortsa bhur gcearta a tharscaoileadh i leith na tréimhse fógra sin atá sainithe sa dlí. Ní chuireann an dlí cosc ort pá a ghlacadh in áit d’fhógra má thograíonn tú é sin a dhéanamh.
D'fhéadfadh sé go mbeadh ort oibriú ar feadh an tréimhse ina bhfuil fógra scoir tugtha duit nó d'fhéadfadh sé go mbeadh tú sásta íocaíocht a fháil in áit fógra scoir, má offráiltear é sin duit. Má fhaigheann tú íoctha in áit fógra scoir cialaíonn sin nach mbeidh ort oibriú sa tréimhse idir an fógra scoir a fháil agus deireadh a theacht le do chuid fostaíochta. Ach gheobhaidh tú an méid chéanna tuarastail agus dá mbeadh faighte agat dá mbeadh tú tar éis an tréimhse sin a oibriú.
Ba cheart duit a fháil íoctha mar is gnáth i rith an thréimhse fhógra scoir. Tá sé seo amhlaidh fiú má fhaigheann tú íoctha in áit oibriú sa tréimhse fógra scoir.
Leagtar síos sa reachtaíocht fostaíochta in Éirinn go bhféadann fostaí a gceart chun fógra a tharscaoileadh má aontaíonn fostóir agus fostaí leis. Ina theannta sin, áit a n-aontaíonn an fostóir agus an fostaí, féadann an fostóir íocaíocht a thabhairt don fhostaí in áit fógra. Tá an ceart sin leagtha síos in Alt 7 den Acht um Fhógra Íosta agus Téarmaí Fostaíochta 1973.
Is féidir le do fhostóir deireadh a chur le do chuid fostaíochta ar chúis a bhaineann le mí-iompar tromchúiseach, ach is féidir leat achomharc a lorg ina choinne má cheapann tú nach raibh cúis mhaith ag an bhfostóir é sin a dhéanamh.
Má chailleann tú do phost tá cearta agus teidlíochtaí áirithe agat lena n-áirítear an ceart íocaíocht a fháil as aon obair curtha i gcrích agat. Mura bhfuil tú íoctha roimh dháta an dífhostaithe nó má tá roinnt pá dlite duit fós, tá tú i dteideal go dlíthiúil a bheith íoctha as do chuid oibre.
Pá saoire: Má tá deireadh ag teacht le do chuid fostaíochta, tá tú i dteideal pá a fháil mar íocaíocht le haghaidh saoire bhliantúil atá tuillte agat ach nár thóg tú. Ba chóir an pá seo a bheith cothrom leis an méid a d’íocfaí leat dá dtógfá an tsaoire bhliantúil. Is é an t-aon cás ina bhfuil sé dleathach fostaí a íoc in áit saoire bhliantúil a thabhairt dó nó di ná nuair atá deireadh á chur lena f(h)ostaíocht.
Saoire phoiblí: Má thagann deireadh le d’fhostaíocht
sa tseachtain dar críoch lá roimh saoire phoiblí, agus má bhí tú ag obair
le d’fhostóir i rith na 4 seachtaine roimhe sin, ba chóir go bhfaighfeá
pá lae breise le haghaidh na saoire poiblí sin. Baineann sé seo le fostaithe
páirtaimseartha a chruthaigh ceart don tsaoire phoiblí dóibh féin trí 40
uaire oibre a dhéanamh sna 5 seachtaine roimhe sin.
Tá sé de dhualgas ar an bhfostóir fógra scoir cuí a thabhairt duit. Má bhíonn aon deacracht agat na cearta a bhfuil tú ina dteideal a bhaint amach ba cheart labhairt le do cheardchumann (má tá aon cheann agat) nó is féidir do chás a chur tríd an fhoirm gearáin shingil nua a líonadh.
Mura dtugtar P45 duit nuair a fhágann tú do phost ba chóir duit a
iarraidh ar d’fhostóir ar dtús í a thabhairt duit. Ba chóir dul i
dteagmháil le d’oifig chánach áitiúil
mura gcuireann an fostóir ar fáil é. Rachaidh na Coimisinéirí Ioncaim i
dteagmháil le d’fhostóir agus gheobhaidh siad do P45 duit. Cuirfidh an
Coimisinéirí Ioncaim teastas nua creidmheasa cánach chugat má tá tú ag
obair i bpost nua chun nach mbeidh ort cáin éigeandála a íoc.