Cosc agus rialú ar thruailliú

Réamhrá

D’fhonn leibhéal áirithe de chosaint chomhshaoil a chinntiú, chuir an tAontas Eorpach agus Éire reachtaíocht i bhfeidhm chun truailliú an atmaisféir, an uisce agus na hithreach a chosc nó a laghdú, agus chun an méid dramhaíola ó ghléasra tionsclaíoch agus talmhaíochta a chosc nó a laghdú freisin. Leagann an dlí síos nós imeachta maidir le gníomhaíochtaí tionsclaíocha agus talmhaíochta a údarú agus leagann sé síos na bunriachtanais atá le cur san áireamh i ngach ceadúnas, go mór mór maidir le scaoileadh truailleán.

Tá foráil i Treoir an AE maidir le Cosc agus Rialú Comhtháite ar Thruailliú (Treoir 96/61/CE) maidir le córas ceadúnais i gcomhair gníomhaíochtaí lena n-áirítear bainistíocht dramhaíola. Forfheidhmíodh an Treoir sin in Éirinn leis an Acht um Chaomhnú an Chomhshaoil 2003 a leasaíonn forálacha ceadúnaithe an Achta fán nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil, 1992 agus an Achta um Bainistiú Dramhaíola 1996. Tá an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (GCC) freagrach as an gCeadúnas um Chosc agus Rialú Comhtháite ar Thruailliú (RCT) i leith tionscadail mhóra nó coimpléascacha a bhfuil cumas suntasach truaillithe acu.

Tá liosta de na gníomhaíochtaí ar gá ceadúnas a fháil lena ndéanamh san Acht um Chaomhnú an Chomhshaoil 1992 arna leasú ag an Acht um Chaomhnú an Chomhshaoil 2003. Áirítear leo táirgeadh fuinnimh, diantalmhaíocht, táirgeadh bia, gníomhaíochtaí ina n-úsáidtear ceimiceáin agus táirgeadh páipéir. Cuireann Acht na bliana 2003 gníomhaíochtaí breise ar liosta na ngníomhaíochtaí sin ar gá ceadúnais a fháil lena ndéanamh, mar shampla, tógáil éanlaithe agus marú eallach.

Ní mór do shealbhóirí ceadúnas “an teicníochtaí is fearr atá ar fáil” a úsáid chun truailliú a sheachaint. Ní mór d’iarratasóir ar cheadúnas maidir le Cosc agus Rialú Comhtháite ar Thruailliú a bheith ina “d(h)uine oiriúnach agus cuí”. Ciallaíonn sé sin, i measc rudaí eile, nár ciontaíodh an té sin in aon choir a bhain le reachtaíocht um rialú truaillithe agus dramhaíola. Tá sé de chumhacht ag an nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (GCC) ceadúnas maidir le Cosc agus Rialú Comhtháite ar Thruailliú a aisghairm nó a chur ar ceal más rud é nach sásaítear a thuilleadh an ceanglas maidir le bheith ina “d(h)uine oiriúnach agus cuí”. Coinníonn an GCC clár na gceadúnas agus tá sé sin ar fáil go poiblí.

Nós imeachta maidir le ceadúnú

Ní mór don té atá ag cur isteach ar cheadúnas fógra a fhoilsiú ar an láthair faoin ngníomhaíocht atá i gceist agus ní mór dó (nó di) fógra rúin a fhoilsiú i nuachtán maidir le hiarratas a dhéanamh agus ní mór dó (nó di) an t-údarás áitiúil a chur ar an eolas. Féadfaidh duine ar bith tagairt a dhéanamh i scríbhinn faoin iarratas. Nuair a fhaigheann an GCC iarratas i gcomhair ceadúnais ní mór dóibh an t-údarás áitiúil bainteach a chur ar an eolas. De ghnáth foilsíonn an Ghníomhaireacht a leithéid d’iarratais ar a láithreán gréasáin. Bíonn cead agat achomharc a dhéanamh laistigh de 28 lá ón am a eisíonn an GCC a cinneadh. Féadfaidh tú éisteacht ó bhéal a iarraidh ach ní mór cuimhneamh go bhfuil táille i gceist i gcomhair a leithéid d’iarratais. Tá lánrogha ag an nGníomhaireacht éisteacht ó bhéal a cheadú nó a dhiúltú. Má tá agóid le déanamh in aghaidh cinneadh gan éisteacht ó bhéal nó aon imeachtaí eile a cheadú ní mór é sin a dhéanamh laistigh de 8 seachtaine ón am a dhéantar an cinneadh.

Féadfaidh an GCC réimse coinníollacha a chur leis an gceadúnas. D’fheadfaí coinníollacha a chur leis an gceadúnas maidir le teorainneacha astuithe (lena n-áirítear gáis cheaptha teasa), cosaint ithreach agus uisce talún, fuinneamh a úsáid go héifeachtach agus maidir le cad a tharlóidh nuair a bheidh an ghníomhaíocht críochnaithe.

Forfheidhmiú

Tá an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil freagrach as a chinntiú go gcuirtear na ceadúnais i bhfeidhm agus go sásaítear na coinníollacha a bhaineann leo.

Tuilleadh faisnéise

Is féidir tuilleadh faisnéise faoi chosaint an chomhshaoil a fháil ó:

An Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil

Bosca Poist 3000
Eastát Chaisleán Bhaile Sheáin
Loch Garman
Éire

Teil: (053) 916 0600
Lóghlao: 0818 33 55 99
Facs: (053) 916 0699
Láithreán Gréasáin: http://www.epa.ie
R-phost: info@epa.ie
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 19 Lúnasa 2019