Cathain a athraíonn na cloig in Éirinn?

Am geimhridh agus am samhraidh

Gach geimhreadh, téann na cloig siar uair an chloig amháin. Téann siad ar aghaidh uair an chloig amháin san earrach. Athraíonn na cloig san AE ag an am céanna.

Bíonn an t-am céanna ag Éirinn, an RA agus an Phortaingéil. Bíonn Éire, an RA agus an Phortaingéil uair an chloig amháin taobh thiar d’Am Lár na hEorpa, a úsáidtear sa chuid is mó den AE.

Cathain a théann na cloig ar aghaidh?

Téann na cloig ar aghaidh uair an chloig amháin ar 1am ar an Domhnach deiridh de mhí an Mhárta. Ciallaíonn sé seo, ag 1am go n-athraítear an t-am ar an gclog go 2am.

Dátaí a théann na cloig ar aghaidh in Éirinn:

  • 31 Márta 2024
  • 30 Márta 2025
  • 29 Márta 2026

Cathain a théann na cloig siar?

Téann na cloig siar uair an chloig amháin ar 2am ar an Domhnach deiridh de mhí Dheireadh Fómhair. Ciallaíonn sé seo, ag 2am go n-athraítear an t-am ar an gclog go 1am.

Dátaí a théann na cloig siar in Éirinn:

  • 27 Deireadh Fómhair 2024
  • 26 Deireadh Fómhair 2025
  • 25 Deireadh Fómhair 2026

Athruithe beartaithe ar am samhraidh agus am geimhridh

In 2019, vótáil Parlaimint na hEorpa i bhfabhar deireadh a chur le hathruithe séasúracha ama. Níl aon dul chun cinn déanta ag institiúidí an AE chun an cinneadh sin a chur chun feidhme, agus de réir an Choimisiúin Eorpaigh, níl sé beartaithe acu togra nua ar an ábhar a chur faoi bhráid na Parlaiminte. Ciallaíonn sé seo nach bhfuiltear ag súil le hathrú ar bith ar am samhraidh agus am geimhridh sna blianta atá amach romhainn.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 21 Feabhra 2024