Athbhreithniú Breithiúnach ar Chinntí Poiblí

Réamhrá

Is éard is athbhreithniú breithiúnach ann ná an bealach atá ag an Ard-Chúirt maoirsiú a dhéanamh ar na híoschúirteanna, binsí agus ar chomhlachtaí riaracháin eile lena chinntiú go ndéanann siad a gcinntí i gceart agus i gcomhréir leis an dlí. Tá an chumhacht nó dlínse ag Ard-Chúirt ar a dtugtar “athbhreithniú breithiúnach”.

Baineann athbhreithniú breithiúnach go bunúsach leis an bpróiseas déanta cinntí seachas le substaint an chinnidh. Tá scóip theoranta ann, áfach, chun athbhreithniú a dhéanamh ar shubstaint chinnidh chomh maith.

Chun iarratas a dhéanamh ar athbhreithniú breithiúnach, caithfidh tú a thaispeáint go ndearna an cinneadh a bhfuil tú ag cur ina aghaidh difear duit ar bhealach éigin. Caithfidh tú a thaispeáint freisin go bhfuil forais ag do chás.

Tá 2 shaghas d’athbhreithniú breithiúnach ann:

  • Gnáth-athbhreithniú breithiúnach: Tá an nós imeachta a rialaíonn gnáth-athbhreithniú breithiúnach le sonrú in Ordú 84 de Rialacha na nUaschúirteanna.
  • Athbhreithniú breithiúnach reachtúil: Leagtar amach i roinnt reachtaíochta rialacha faoi conas ba cheart athbhreithnithe reachtúla ar chinntí a rinneadh faoin reachtaíocht a rialáil. Baineann scéimeanna reachtúla le limistéir ar nós tearmainn, rialú truaillithe, pleanála agus táthcheangal cuideachtaí.

Saghsanna cinntí atá cumhdaithe ag athbhreithniú breithiúnach

Is féidir athbhreithniú breithiúnach a dhéanamh san Ard-Chúirt ar chinntí a rinneadh comhlachtaí riaracháin agus na híoschúirteanna. In athbhreithniú breithiúnach, is gnách nach bpléann an chúirt le fiúntas an chinnidh ach le dlíthiúlacht an phróisis déanta cinntí. Áirítear leis seo conas a rinneadh an cinneadh agus cothroime an chinnidh.

Is gnách nach ionann athbhreithniú breithiúnach a dhéanamh ar chinneadh a rinneadh sna híoschúirteanna agus an cinneadh a achomharc. Is minic go mbunaítear achomharc in aghaidh cinnidh a rinneadh i gcúirt níos ísle ar shubstaint an chinnidh, seachas díreach ar conas a rinneadh an cinneadh. D’fhéadfadh rogha achomhairc a bheith ar fáil freisin, áfach, in go leor cásanna ina bhfuil athbhreithniú breithiúnach ar fáil.

Áirítear le roinnt samplaí de chinntí ar féidir athbhreithniú breithiúnach a dhéanamh orthu:

  • Cinntí na gCúirteanna Dúiche agus Cuarda
  • Fíorasc ionchoisne
  • Cinntí binsí (mar shampla, an Chúirt Oibreachais, an Bord um Thionóntachtaí Cónaithe agus an Bord Achomhairc um Chosaint Idirnáisiúnta)
  • Ball d’Óglaigh na hÉireann nó den Gharda Síochána a scaoileadh
  • Cinntí na hOifige Achomhairc Leasa Shóisialaigh
  • Pas Éireannach, deimhniú pósta, nó víosa a dhiúltú
  • Orduithe díbeartha
  • Cinntí an Bhoird Pleanála a bhaineann le cead pleanála
  • Cinntí comhlachtaí Rialtais óna dteastaíonn Measúnú ar an Tionchar ar an gComhshaol agus/nó ceadúnas um Chosc agus Rialú Comhtháite ar Thruailliú (IPPC).
  • Cinntí a rinne an Bord um Chúnamh Dlíthiúil agus an Dlí-Chumann.
  • Cinntí a rinne comhlacht riaracháin poiblí a bhaineann leis an gcomhshaol.

Bunphrionsabail chinnteoireachta poiblí

Tá roinnt bunphrionsabal ann nach mór do chomhlachtaí poiblí cloí leo chun go meastar go bhfuil a gcinntí cothrom. Ní mór don chinnteoir na ceanglais dhlíthiúla go léir a chomhlíonadh a rialaíonn an cinneadh agus déanamh an chinnidh.

An t-údarás leis an gcinneadh a dhéanamh

Caithfidh an t-údarás a bheith ag an gcinnteoir leis an gcinneadh a dhéanamh a dhéanann difear duit. Má tá an t-údarás ag an gcinnteoir leis an gcinneadh a dhéanamh, ní mór nach sáraíonn sé teorainneacha a údaráis. Tugtar ultra vires ar a theorainneacha a shárú.

An ceart go n-éistear leat agus i leith neamhchlaonta

Tá tú i dteideal nósanna imeachta cothroma sa bhealach a bhaintear an cinneadh amach. Ciallaíonn seo nár cheart go mbeadh an cinnteoir claonta agus go gcaithfidh an cinnteoir éisteacht chothrom a thabhairt duit. Caithfear deis leordhóthanach a thabhairt duit do chás a chur i láthair. Caithfidh tú bheith ar an eolas ar an gceist agus caithfear deis a thabhairt duit do thuairim a nochtadh faoin ábhar a chuir an taobh eile i láthair.

Cad is féidir leis an Ard-Chúirt a ordú?

Mura bhfuil an t-údarás ag an té a dhéanann an cinneadh nó mura gcuireann siad nós imeachta cothrom ar fáil duit, is féidir leat imeachtaí athbhreithnithe bhreithiúnaigh a thosú san Ard-Chúirt le cur in aghaidh an chinnidh. Is féidir leis an Ard-Chúirt faoiseamh agus réitigh a dheonú ar aon chinn de na bealaí seo a leanas:

Ordú Certiorari

Is féidir leis an Ard-Chúirt an bunchinneadh a chealú trí Ordú Certiorari a dheonú. Is gnách go mbíonn ar an mbunchinnteoir an cás a scrúdú arís agus cinneadh nua a eisiúint.

Ordú Mandamus

Murar eisigh an comhlacht breithnithe cinneadh go fóill, is féidir leis an Ard-Chúirt iallach a chur orthu cinneadh a dhéanamh trí Ordú Mandamus a eisiúint.

Ordú Toirmisc

Is féidir leis an Ard-Chúirt cosc a chur ar an gcomhlacht breithnithe ó chinneadh a eisiúint trí Ordú Toirmisc a eisiúint. Mar shampla, is féidir leis an Ard-Chúirt toirmeasc a chur ar thriail choiriúil a chur ar siúl sa Chúirt Chuarda.

Dearbhú

Is féidir leis an gCúirt dearbhú chearta na bpáirtithe a eisiúint.

Urghaire

Is féidir le hurghaire cosc a chur ar ghníomh nó iallach a chur ar ghníomh a dhéanamh.

Damáistí

Is féidir leis an gCúirt damáistí a dhámh má chreideann sé gur réiteach oiriúnach é seo.

Nós imeachta athbhreithnithe bhreithiúnaigh

Rialaíonn Ordú 84 de Rialacha na nUaschúirteanna an gnáthnós imeachta athbhreithnithe bhreithiúnaigh.

Chéim an cheada

Baineann “céim an cheada” le hiarratas a dhéanamh ar chead chun tús a chur le himeachtaí athbhreithnithe breithiúnaigh. Úsáidtear céim an cheada le héilimh a shainaithint agus a scagadh ag luathchéim a d’fhéadfadh bheith mionchúiseach nó a bhféadfadh nach mbaineann fiúntas leo. Ag céim an cheada, ní mór duit a léiriú go bhfuil “leas leordhóthanach” agat san ábhar. I bhfriotal eile, ní mór duit a léiriú go ndéanann an cinneadh a bhfuil tú ag cur ina aghaidh difear duit ar bhealach áirithe.

Bunaítear an t-iarratas leis an gcúirt ar ráiteas foras. Ba cheart go leagfar amach sa ráiteas seo na cúiseanna lena lorgaítear athbhreithniú breithiúnach. Ba cheart go ngabhfaidh mionnscríbhinn leis.

Má thugtar cead chun leanúint ar aghaidh, féadfaidh an t-iarratasóir na himeachtaí um athbhreithniú breithiúnach a thabhairt leo. Ba cheart fógra tairisceana a réiteach agus, mar aon leis an ordú cúirte a thugann cead chun leanúint leis an athbhreithniú breithiúnach agus ba cheart an ráiteas foras agus an mhionnscríbhinn a réitíodh don chéim ní ba luaithe a sholáthar do gach duine ar a mbíonn tionchar díreach ag an iarratas.

Ráiteas Freasúra

Ní mór d’fhreagróir ar mian leis/léi cur in aghaidh iarratais ar athbhreithniú breithiúnach, Ráiteas Freasúra a chomhdú, agus féadfaidh siad mionnscríbhinn freagartha a chomhdú ina gcuirtear in aghaidh na bhfíricí a leagann an t-iarratasóir amach. A luaithe a chuirtear deireadh leis na himeachtaí, gabhann an t-ábhar ar aghaidh chun éisteachta.

Páirtithe fógra

Ba cheart fógra a thabhairt d’aon duine a bhféadfadh imeachtaí an athbhreithnithe bhreithiúnaigh agus an breithiúnas difear a dhéanamh dóibh nó féadfaidh siad iarratas a dhéanamh go n-éistfear leo mar pháirtí fógra. Mar shampla, sa chás go gcuireann duine in aghaidh cead pleanála a dheonaigh an Bord Pleanála (an freagróir), bheadh teidlíocht ag an iarratasóir ar an gcead pleanála, chomh maith, go n-éistfí leis/léi sna himeachtaí mar pháirtí fógra mar gheall go mbeidh tionchar ag na himeachtaí ar a (h)iarratas pleanála.

Teorainneacha ama

Foráiltear in Ordú 84, Riail 21 (1) de Rialacha na nUaschúirteanna go ndéanfar iarratas ar chead chun iarratas a dhéanamh ar athbhreithniú breithiúnach laistigh de thrí mhí ón dáta a tháinig na forais a bhí leis an iarratas chun solais i dtosach.

Sa chás gurb é ordú certiorari an faoiseamh a lorgaítear maidir le haon bhreithiúnas, ordú, ciontú nó imeacht eile, glacfar leis gurb ionann a bheidh an dáta a tháinig na forais chun solais don iarratas den chéad uair agus dáta an bhreithiúnais, an ordaithe, an chiontaithe nó an imeachta sin.

Forálann Ordú 84, Riail 21(3), áfach, síneadh ama d’iarratas ar athbhreithniú breithiúnach ach ní shínfidh an Chúirt an tréimhse sin ach amháin má bhíonn siad sásta maidir leis an méid a leanas:

  • Tá údar maith agus leordhóthanach ann chun amhlaidh a dhéanamh, agus
  • Cibé acu go raibh na cúinsí as ar eascair an teip chun an t-iarratas ar chead a dhéanamh laistigh de thréimhse thrí mhí:
  • (i) Lasmuigh de smacht, nó
  • (ii) Nach bhféadfadh an t-iarratasóir coinne bheith aige/aici leis an síneadh sin.

Is féidir leis an gCúirt aird a thabhairt ar an tionchar ag a bhféadfadh síneadh na tréimhse bheith ar fhreagróir nó ar thríú páirtí.

Déanfar iarratas ar shíneadh bunaithe ar mhionnscríbhinn arna mionnú ag an iarratasóir nó thar ceann an iarratasóra ina leagfar amach na cúiseanna lenar theip ar an iarratasóir chun an t-iarratas a dhéanamh ar chead laistigh den tréimhse thrí mhí agus a fhíoróidh aon fhíricí ar a mbraitear chun tacú leis na cúiseanna siúd.

Scéimeanna reachtúla

Cuireann scéimeanna um athbhreithniú breithiúnach le hOrdú 84 de Rialacha na nUaschúirteanna lena rialacha féin sonracha nós imeachta. Déanann na scéimeanna reachtúla seo an fháil atá ar athbhreithniú a laghdú trí ghnéithe cosúil le:

  • Teorainneacha ama d’iarratas ar chead atá níos giorra
  • Ceanglais chun an té a rinne an cinneadh a chur ar an eolas faoin iarratas ar chead
  • Tairseacha níos airde arna bhfeidhmiú ag an Ard-Chúirt nuair a bhíonn breithniú á dhéanamh ar cibé acu an gceadófar nó nach gceadófar cead, mar shampla, forais shuntasacha seachas cás inargóinte.

Tá fáil ar shamplaí de scéimeanna reachtúla inár gcáipéis: Athbhreithniú breithiúnach i gceisteanna pleanála agus timpeallachta.

Eolas breise agus costais

Más mian leat tús a chur le himeachtaí um athbhreithniú breithiúnach, b’fhéidir gur mian leat teagmháil a dhéanamh le haturnae a thabharfaidh faisnéis d'abhcóide chun na páipéir a dhréachtú don chás. Ina theannta sin, is féidir leat ionadaíocht a dhéanamh duit féin más mian leat do chostais dlí a choimeád íseal.

Costais

Ní ann d’aon ráta seasta muirear le haghaidh táillí dlí, agus mar sin, ba cheart duit roinnt meastacháin a fháil sula ndéanann tú cinneadh ar ionadaíocht dhlíthiúil. Ní mór do d’aturnae comhairle a chur ort i scríbhinn faoi na táillí a ghearrfar ort. Murar féidir suim chríochnaitheach a thabhairt duit, ní mór dó/di suim a mheas nó eolas a thabhairt duit, ar a laghad, faoin mbonn ar a ríomhfar muirir nó táillí.

Tá eolas maidir le costais i gcásanna athbhreithnithe bhreithiúnaigh ar chinntí lena mbaineann ábhair áirithe chomhshaoil ar fáil inár gcáipéis: Athbhreithniú breithiúnach i gceisteanna pleanála agus timpeallachta. Féach courts.ie chun teacht ar eolas ar na táillí cúirte atá iníoctha.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 22 Feabhra 2022