Toghcháin Eorpacha

Eolas

Reáchtáiltear toghcháin díreacha do Pharlaimint na hEorpa gach 5 bliana. I 1979 a bhí na chéad toghcháin ann. Bhí toghcháin na bliana 2004 ann ar an Aoine an 11ú Meitheamh 2004. Bhí na toghcháin do Pharlaimint na hEorpa ann ar fud an Aontais Eorpaigh laistigh de thréimhse 4 lá i mí an Mheithimh. Ceapann an tAire Comhshaoil, Pobal agus Rialtais Áitiúil ceann comhairimh i gcomhar "lá na vótála" agus "tréimhse na vótála" a gcaithfidh fad 12 uair a chloig ar a laghad a bheith inti idir 8.00 r.n. agus 10.30 i.n.

Le haghaidh na dtoghchán roinntear Éire i 4 thoghcheantar: Baile Átha Cliath, a thoghann 4 Feisire Eorpach, Thoir, Thiar-Thuaidh agus Theas a thoghann 3 Feisire Eorpach an ceann. Tá an ceann comhairimh a cheapann an tAire Comhsaoil, Pobal agus Rialtais Áitiúil freagrach as an toghchán a reáchtáil i ngach ceann de na 4 thoghcheantar. Ní mór don duine sin a bheith ina Chláraitheoir Contae nó ina Shirriam Cathrach nó Contae. Chomh maith leis sin bíonn cinn comhairimh áitiúla ann a mbíonn sé de chúram orthu na vótaí a bhailiú ón iliomad stáisiún vótála i ngach contae agus cathair.

B'iad toghcháin na bliana 2004 na chéad toghcháin san AE tar éis é a mhéadú go 25 Ballstát. Roimhe sin bhí 626 Feisire i bParlaimint na hEorpa (FPE). Tar éis toghcháin an Mheithimh mhéadaigh líon na bhFeisirí go dtí 732 (feisirí na mBallstát nua san áireamh). Laghdaíodh líon na bhfeisirí Éireannacha go 13 (15 a bhí ann roimh Mheitheamh na bliana 2004).

Sa bhliain 2003 bhunaigh Rialtas na hÉireann An Coimisiún um Thoghlaigh le tuairisciú faoi thoghadh comhaltaí don Dáil agus do Pharlaimint na hEorpa. I nDeireadh Fómhair 2003 foilsíodh tuarascáil ina raibh roinnt moltaí scóipiúla. Féach an Tuarascáil iomlán ar Thoghlaigh Pharlaimint na hEorpa 2003 (pdf) anseo.

Chun tuilleadh eolais maidir le toghcháin Eorpacha, ainmniúcháin agus socruithe vótála, is féidir leat léamh mar a leanas:

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 1 May 2008

Catagóirí

Leas Sóisialach

Fostaíocht

Oideachas agus Oiliúint

Taisteal agus Áineas

Tithíocht

Ag bogadh tíre

Airgead agus Cáin

Teaghlach agus Caidrimh

Sláinte

Dlí

Gnóthaí Tomhaltóirí

Bás agus Méala

Rialtas in Éirinn

Comhshaol

Find a Citizens Information Centre

Inrochtaineacht

Príobháideachas

Téigh i dteagmháil linn

Séanadh

Faisnéis Earnála Poiblí a Athúsáid