Tá freagracht maidir le riarachán agus bainistiú na Roinne atá faoina c(h)úram ar an Aire atá i gceannas na Roinne sin. Tá iomlán 15 ranna rialtais in Éirinn. Chomh maith leis an Aire comh-aireachta atá i gceannas na Roinne is minic go mbíonn Aire Stáit freisin ag an Roinn.
Tá líon mór Státseirbhísí ag obair sa Roinn, san áireamh tá Ard Rúnaí, a fhanann ina bpost fiú le athrú Rialtais. Cuireann na hoifigigh seo comhairle ar an Aire agus tugann siad cúnamh dó/dí an Roinn a riaradh.
Is féidir leis an Aire a mholadh go ndéanfaí reachtú nua a chuir i bhfeidhm nó dlí a bhí ann cheana a leasú atá bainteach lena Roinn féin.
Tá sé de chumhacht ag Airí Ionstraim Reachtúla a dhéanamh. Tugtar Fo-reachtú orthu seo freisin. Tugann Ionstraim Reachtúla an deis don Aire an dlí a chuir i bhfeidhm gan gach gné de a bheith glactha ag an Oireachtas. Ní gá do Ionstraim Reachtúla a bheith ceadaithe ag an Oireachtas cé gur féidir le ceachtar den dá theach iad a chuir ar ceal. Féach iomlán reachtaíocht Rialtais na hÉireann ó 1922 go 2010 anseo.
Cuireann an tAcht um Míchumas 2005 bunús reachtúil ar fáil i gcomhair seirbhísí poiblí inrochtana. Cuireann Ailt 26, 27 agus 28 den Acht oibleagáidí ar chomhlachtaí poiblí rochtain ar bheith ar fáil do dhaoine faoi mhíchumas ar a gcuid seirbhísí agus a gcuid faisnéise.
Tá an Roinn Dlí agus Cirt, agus Comhionannais tar éis an cúram a chur ar an Údarás Náisiúnta Míchumais a fhorbairt Cód cleachtais ar inrochtaineacht seirbhísí poiblí agus faisnéise a chuireann comhlachtaí poiblí ar fáil (pdf). Is í an aidhm atá ag an gCód seo ná comhlachtaí poiblí a threorú chun a gcuid oibleagáidí a chomhlíonadh faoin Acht. Clúdaíonn an Cód réimse leathan seirbhísí a chuireann comhlachtaí poiblí ar fáil - lena n-áirítear soláthar faisnéise, acmhainní faisnéise, scéimeanna, liúntais nó sochair eile arna reáchtáil ag comhlachtaí poiblí.