Ranna Stáit

Eolas

Tá 16 Ranna Rialtais ann. Déanann an Taoiseach aire a cheapadh chun dul i gceannas ar gach roinn. Liostaí Airí agus Airí Stáit anseo.

Tá foireann oibre buan ag gach roinn a fhanann sa roinn fiú má thagann athrú ar an Rialtas atá i réim. Tugtar an Státseirbhís ar an bhfoireann oibre buan seo.

Má bhíonn gearán le déanamh faoi aon chinneadh nó aon ghníomh a dhéanann Roinn Rialtais nó aon eagraíocht phoiblí is féidir Cosantóir an Phobail a chur ar an eolas faoi.

D'fhógraíodh athruithe ar ainmneacha agus ar fhreagrachtaí ranna áirithe an 9 Márta 2011.

  • An Roinn Talmhaíocht, Iascaireachtaí agus Bia: Coimeádann an Roinn seo súil ar thionscal an bhia agus ar an tionscal talmhaíochta.
  • An Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta: Tá an Roinn seo freagrach as forbairt na n-ealaíon agus an chultúir, agus caomhnú na oidhreacht nádúrtha agus thógtha. Ina theannta sin, cuireann an Roinn an forbairt shóisialta, fhisiciúil agus eacnamaíoch na gceantar Gaeltachta agus an Ghaeilge mar theanga phríomhoide an phobail sa Ghaeltacht.
  • An Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige: Tá an Roinn seo freagrach as forbairt ar bheartais chomhchuibhithe agus caighdeán seachadadh seirbhíse comhtháite do leanaí agus daoine óga. Déanann sé amach feidhmeanna sonracha i réimse chúram sóisialta agus thiomáineann sé gníomhartha comhordaithe thar raon earnálacha, lena n-áirítear sláinte, oideachas, ceartas óige, spórt, na healaíona agus an cultúr.
  • An Roinn Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha. Tá an Roinn seo freagrach as na rannóga teileachumarsáide agus craolacháin chomh maith le bheith freagrach as riaradh, cosaint agus forbairt na Mara agus ár n-acmhainní nádúrtha. Tá freagracht taisteal na mara uirthi agus na seirbhísí calafoirt. Tá baint ag Suirbhéireacht Gheolaíoch na hÉireann leis an Roinn seo.
  • An Roinn Cosanta. Tá cúram ár bhfórsaí cosanta ar an Roinn seo.
  • An Roinn Oideachais agus Scileanna (An Roinn Oideachais agus Eolaíochta roimh seo). Tá sé de chúram ar an Roinn seo oideachas poiblí a chuir ar fáil ag leibhéal bunscoile agus iar bhunscoile. Déanann sé, freisin, bainistiú ar íocaíochtaí stáit do Ollscoileanna agus do choláistí triú leibhéal. Ó 2010 tá sé freagrach chomh maith as na gníomhaíochtaí traenála de chuid FÁS agus leis an obair an Ghrúpa Saineolaithe ar Riachtanais Scileanna sa Todhchaí.
  • An Roinn Comhshaoil, Pobal agus Rialtais Áitiúil. Déanann an Roinn seo forbairt a chothú agus áiseanna a chosaint. Tá sé i gceannas ar údaráis áitiúla. Tá freagracht ar an Roinn seo i dtaobh forbartha tuaithe agus áitiúil in Éirinn. Chomh maith leis sin tá cúramaí ar an Roinn maidir le tithíocht, ritheann sí toghcháin, cuireann sí scrúduithe tiomána ar fáil agus déanann cinnte go dtugtar cosaint don timpeallacht. Tá baint ag an Oifig Mheitéareolaíochta agus ag an Institiúid Éireannach um Chosaint Raideolaíoch leis an Roinn seo.
  • An Roinn Airgeadais. Tá cúram airgeadais agus eacnamaíochta an Stáit ar an Roinn seo.
  • An Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála. Cuireann an Roinn seo ár leasa chun cinn thar lear agus déanann sí cosaint orthu. Cothaíonn sé freisin suíochán agus athmhuintearas ar oileán na hÉireann. Tá sé freagrach freisin as trádáil eachtrach agus a fhorbairt.
  • An Roinn Sláinte. Tá an Roinn seo freagrach as forbairt polasaí sláinte agus pleanáil na seirbhísí sláinte. tá na seirbhísí sláinte ar fáil ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS).
  • An Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíochta: Tá sé de chúram ar an Roinn seo forbairt a dhéanamh ar fhiontair, ar fhostaíocht, ar thrádáil agus tá sí freagrach freisin as oibrithe a chosaint agus gnónna a rialú. Tá sé freagrach freisin as an gClár um Thaighde in Institiúidí Tríú Leibhéal.
  • An Roinn Dlí agus Cirt, agus Comhionannais (An Roinn Dlí agus Cirt agus Athchóraithe Dlí roimhe seo). Tá sé mar aidhm ag an Roinn seo an Stát a chosaint, coireanna a smachtú agus saoirse agus cearta an duine a chaomhnú. Tá cúram inimirce agus iarratais dídine uirthi freisin.
  • An Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe: Cuireann sé comhairle ar an Rialtas maidir le bainistiú agus smacht a bheith ar an Rannóg Phoiblí.
  • An Roinn Coimirce Sóisialaí (An Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh roimh seo). Soláthraíonn an Roinn seo ioncam agus seirbhísí tacaíochta eile. Tá sé freagrach as na fostaíochta agus seirbhísí pobail codanna de FÁS agus an Scéim Sóisialta Tuaithe chomh maith le freagracht as íocaíocht na n-íocaíochtaí iomarcaíochta agus dócmhainneachta.
  • Roinn an Taoisigh. Tugann an Roinn seo tacaíocht riaracháin agus taighde don Taoiseach agus don Rialtas.
  • An Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt. Tá an roinn seo freagrach as na bóithre (seachas bóithre áitiúla), tástáil tiomána, saincheisteanna tráchta, iompar bus agus traenach, beartas eitleoireachta, agus sábháilteacht bóithre in Éirinn. Tá sé freagrach as an turasóireacht inmharthanach a mhéadú. Chomh maith leis sin cuireann an Roinn spórt chun cinn ag leibhéil áitiúil, réigiúnda agus náisiúnta.
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 18 August 2011

Catagóirí

Leas Sóisialach

Fostaíocht

Oideachas agus Oiliúint

Taisteal agus Áineas

Tithíocht

Ag bogadh tíre

Airgead agus Cáin

Teaghlach agus Caidrimh

Sláinte

Dlí

Gnóthaí Tomhaltóirí

Bás agus Méala

Rialtas in Éirinn

Comhshaol

Find a Citizens Information Centre

Inrochtaineacht

Príobháideachas

Téigh i dteagmháil linn

Séanadh

Faisnéis Earnála Poiblí a Athúsáid