An Bunreacht

Struchtúr an Bhunreachta

Tá 50 airteagal sa Bhunreacht.

Sainmhínítear in Airteagail 1-39 feidhmeanna an Stáit agus a ghníomhaireachtaí agus leagtar amach iontu deighilt na gcumhachtaí sa Stát.

Déantar foráil in Airteagail 40-44 do chearta bunúsacha saoránach Éireannach.

Is iad na hairteagail eile:

Airteagal 45, ina leagtar amach prionsabail treorach beartais shóisialta

Airteagal 46, ina leagtar amach conas is féidir an Bunreacht a leasú

Airteagal 47, a rialaíonn reifrinn

Airteagail 48-50, a d’aisghairm an Bunreacht deireanach (Bunreacht Shaorstát Éireann) agus a chinntigh go leanann dlíthe de bheith i bhfeidhm

An Bunreacht agus reachtaíocht

Ceann de na hAirteagail is tábhachtaí den Bhunreacht é Airteagal 15.4, ina luaitear nach foláir don Oireachtas aon dlí a achtú atá contrártha don Bhunreacht (a thagann salach ar an mBunreacht). Ciallaíonn seo go dtugtar forlámhas don Bhunreacht seachas d’aon dlí eile.

Má dheimhnítear go bhfuil dlí reatha contrártha don Bhunreacht, tá an ghné sin den dlí neamhbhailí (Airteagal 15.4.2).

Dá mbeadh dlí nua contrártha don Bhunreacht, ní fhéadfaí é a achtú murach gur leasaíodh an Bunreacht dá réir – féach 'An Bunreacht a Leasú' thíos.

Foráiltear in Airteagal 25 gur cheart Billí a ritheadh in dhá Theach an Oireachtais a chur faoi bhráid an Uachtaráin lena síniú. A luaithe a shínigh an tUachtarán Bille, déantar dlí de. Foráiltear in Airteagal 26 gur féidir leis an Uachtarán an Bille a chur faoi bhráid na Cúirte Uachtaraí go ndéanfar cinneadh faoi cibé acu an bhfuil nó nach bhfuil sé contrártha don Bhunreacht. Ní shíneoidh an tUachtarán an Bille sa dlí má dhéanann an Chúirt Uachtarach cinneadh ina aghaidh.

Meastar go bhfuil gach dlí a achtaítear bunreachtúil go dtí go gcruthaítear a mhalairt. Tá an chumhacht nó an dlínse ag an Ard-Chúirt aon dlí nó aon chuid de dhlí a chealú atá contrártha don Bhunreacht.

An Bunreacht a Leasú

Teastaíonn toiliú mhuintir na hÉireann sular féidir an Bunreacht a leasú. Ciallaíonn seo nach féidir leasuithe a dhéanamh ar an mBunreacht ach trí reifreann bunreachtúil. Cuireadh 40 reifreann bunreachtúil ar bun, agus rinneadh leasuithe ar an mBunreacht de bharr 32 ceann. Tá liosta de na hAchtanna leasaithe ar fáil ag tosach an Bhunreachta a foilsíodh ar irishstatutebook.ie.

Mura gcuirtear aon achainí faoi bhráid na hArd-Chúirte a chuireann i gcoinne an toraidh laistigh de 7 lá tar éis gur foilsíodh é, déantar deimhniú críochnaitheach den deimhniú. Síneoidh an tUachtarán an Bille ansin leis an mBunreacht a athrú agus leasófar an Bunreacht.

Eolas breise

Is féidir leat teacht ar chóip iomlán den Bhunreacht ar irishstatutebook.ie. Is féidir leat cóip a ordú ó Oifig Foilseachán an Rialtais agus bíonn sé ar fáil i siopaí leabhar ar fud na tíre.

Má bhraitheann tú go bhfuil do chearta bunreachtúla á sárú, b’fhéidir gur mian leat aturnae a fhostú. Cuireann Dlí-Chumann na hÉireann liosta ar fáil de na haturnaetha go léir a bhfuil deimhniú cleachtais reatha acu.

Is eagraíocht neamhspleách dheonach é FLAC (Ionaid Chomhairle Dlí In Aisce). Is féidir leat dul i dteagmháil leis an Lárionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit chun faisnéis a fháil faoi choinní i gclinic ghutháin FLAC i do cheantar.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 10 Aibreán 2024