Is é príomh dhualgas an Ombudsman fiosrú a dhéanamh ar aon ghearán a dhéanann duine faoin tslí ar chaith eagraíocht phoiblí leis/léi. Tá sé de chead ag an Ombudsman cinneadh a cheistniú, nó fiafraí cén fáth nár déanadh aon ní faoi ghearán, nó féachaint isteach i módh riaracháin na n-eagraíochtaí poiblí.
Toghann an tUachtarán an Ombudsman i ndiaidh don Oireachtas é/í a ainmniú. Tá eolas ar an Ombudsman laithreach anseo.
Tá sé de chead ag an Ombudsman aon eolas, cáipéis nó eile a fháil ó na heagraíochtaí atá i gceist.
Ní post polaitiúil é an Ombudsman agus ní mór dó/dí déanamh cinnte de go mbíonn sé/sí neamhspléach sa bhealach a dhéanann sé/sí a c(h)uid oibre.
Bíonn tréimhse 6 bliana ag an Ombudsman sa phost. Tá sé de chead aige/aici éirigh as an bpost nó is féidir é/í a bhriseadh as an bpost ar chúiseanna mí-iompair, neamhábaltachta nó clisiúnachais. Tá air/ uirthi éirigh as an bpost ag aois a 67 bliain.
Is féidir gearán a dhéanamh má tá tú mí-shásta leis an tseirbhís a thugann aon cheann de na heagraíochtaí seo a leanas:
I dtosach déanann an Ombudsman réamh-fhiosrú nuair a dhéanann tú gearán leis/léi. Sa réamh-fhiosrú faightear amach an bhfuil gá le fiosrú foirmiúil nó nach bhfuil.
Sa réamh-fhiosrú socraíonn an Ombudsman ar chuir an rud a rinneadh an t-eagraíocht phoiblí atá i gceist sa chás isteach ort i mbealach diúltach. Uaireanta, cuireann an Ombudsman agallamh ort i mbealach neamh fhoirimiúil ag an am seo.
Socraíonn an Ombudsman, ansin, an raibh an gníomh faoinar rinneadh tú an gearán:
Ní théann móran de na gearáin thar an bpointe seo fiosrúcháin.
Sa chéad chéim eile den phróiséas cuireann an Ombudsman fiosrúchán foirmiúil ar bun. Déanfaidh an Ombudsman, i gcomhar leatsa, amach Ráiteas Gearáin.
Déanfar an fiosrúchán go príobháideach agus i scríbhinn, de ghnáth. Cuirfidh an Ombudsman fios ar aon eolas, cáipéis nó eile a chuideoidh leis/léi an fiosrúchán a dhéanamh.
Ag deireadh an phróiséis fhiosrúcháin nó mór don Ombudsman insint duit cén cinneadh atá tógadh aige/ aici. Níl cumhacht dlí ag an toradh seo agus ní féidir leis an Ombudsman iallach a chuir ar an eagraíocht glacadh leis nó aon rud a dhéanamh faoi.
Muna ndéanann an eagraíocht a bhí i gceist sa ghearán aon ní faoin toradh is féidir leis an Ombudsman tuairisc a chuir ós comhair Tithe an Oireachtais faoin gcás.
Tá cásanna gearáin ann nach féidir leis an Ombudsman fiosrú ar do shon:
Níl aon chostas ar ghearán a chuir chuig an Ombudsman.
Ní mór an gearán a dhéanamh chomh luath agus is féidir é. Tá ort an gearán, faoi chinneadh nó faoi ghníomh éigin in aghaidh eagraíochta poiblí, a dhéanamh taobh istigh de 12 mí i ndiaidh don eachtra tarlú nó i ndiaidh an chinneadh a bheith tógtha. Is féidir go dtógfaí an dáta ón uair gur cuireadh ar an eolas tú faoin gcinneadh nó faoin eachtra.
Is féidir an gearán a dhéanamh i scríbhinn, ar teileafón nó ar ríomh-phost. Ba chóir duit aon cháipéis nó litreacha a bhaineann leis an ngearán a chuir isteach leis an ngearán .
Tá Oifig an Ombudsman oscailte ó 9.15r.n. go dtí 5.30 i.n. ó Luan go hAoine. Coinnigh an Ombudsman 12 oifige míosúil réigiúnach agus eagraítear clár bliantúíl cuairteanna réigiúnacha.
18 Sráid Líosain Íochtarach
Baile Átha Cliath 2
Éire
Teil:+353 (0)1 639 5600
Lóghlao:1890 223 030 for outside (01) area
Facs:+353 (0)1 639 5674
Láithreán Gréasáin: http://www.ombudsman.gov.ie
R-phost: ombudsman@ombudsman.gov.ie