Comhaontuithe Comhpháirtíochta Sóisialta

Réamhrá

Próiseas is ea comhpháirtíocht shóisialta inar féidir leis an Rialtais, fostóirí, eagraíochtaí deonacha agus pobail agus ceardchumainn plean a chur i dtoll a chéile ina gcuimsítear tuarastail, gníomhaíocht thionsclaíoch, tithíocht, iompar, oideachas agus saincheisteanna eile ag a mbíonn tionchar ar fhorbairt shóisialta agus gheilleagrach tíre.

Is ann do liosta de chomhpháirtíochtaí reatha sóisialta i ‘Tuilleadh Faisnéise’ thíos.

Titeann teagmháil rialta amach idir Ranna Rialtais agus ionadaithe d’eagraíochtaí sibhialta sochaí/comhpháirtíochta sóisialta maidir le saincheisteanna atá ina n-ábhar buartha. Titeann iad seo amach trí theagmhálaithe déthaobhacha nó trí struchtúir chomhairliúcháin thar na Ranna cuí Rialtais.

Is í an Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíochta an phríomh-Roinn maidir le hábhair chaidrimh thionsclaíoch.

Is í an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe an phríomh-Roinn maidir le beartas pá na hearnála poiblí agus le Comhaontú Pháirc an Chrócaigh.

Comhaontuithe comhpháirtíochta reatha

Is é an comhaontú comhpháirtíochta sóisialta is déanaí a rinneadh I dTreo 2016: Creatchomhaontú Comhpháirtíochta Sóisialta Deich mBliana 2006-2015 (pdf).

Rinneadh an comhaontú a athbhreithniú agus a leasú ag I dTreo 2016: Athbhreithniú agus Comhaontú Trasnáisiúnta 2008-2009 (pdf).

Déileálann I dTreo 2016 leis an ngeilleagar, an comhshaol, bonneagar agus le beartas sóisialta. Ina theannta sin, tugtar treoir ann maidir le pá, leis an ionad oibre agus le cearta fostaíochta.

Teagmhálaithe

An Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíochta

23 Sráid Chill Dara
Baile Átha Cliath 2
Éire

Teil:+353 1 631 2121
Lóghlao:1890 220 222
Facs:+353 1 631 2827
Láithreán Gréasáin: http://www.djei.ie/
R-phost: info@deti.ie

An Roinn Caiteachas Phoiblí agus Athchóirithe

ithe an Rialtais,
Sráid Mhuirfeán Uacht,
Baile Átha Cliath 2,
Eire

Teil:01 676 7571
Lóghlao:1890 66 10 10

Tuilleadh eolais

I measc na bpáirtithe idirbheartaíochta leis an gcomhaontú comhpháirtíochta sóisialta I dTreo 2016, bhí an Rialtas, ceardchumainn, fostóirí, eagraíochtaí comhshaoil, eagraíochtaí feirmeoireachta agus earnáil an phobail agus an earnáil dheonach, amhail a leanas:

  • Comhdháil na gCeardchumann (ICTU)
  • An Ceardchumann Seirbhísí, Tionsclaíoch, Gairmiúil agus Teicniúil
  • Cónaidhm Ghnólachtaí agus Fhostóirí na hÉireann (IBEC)
  • Comhlachas na nGnólachtaí Beaga (SFA)
  • Cumann Onmhaireoirí na hÉireann (IEA)
  • Cónaidh Thionscal Turasóireachta na hÉireann (ITIC)
  • Cónaidhm na nÓstán Éireannach
  • Comhlachas Tráchtála na hÉireann
  • Feirmeoirí Aontaithe na hÉireann (IFA)
  • Cumann Soláthróirí Bainne na hÉireann (ICMSA)
  • Cumann Comhar-Eagraíochtaí na hÉireann Teo. (ICOS)
  • Cumann Feirmeoirí Caorach agus Eallaí na hÉireann
  • Macra na Feirme
  • Eagraíocht na hÉireann do Dhaoine Dífhostaithe (INOU)
  • An Líonra Ionaid Chomhdhála
  • Coimisiún Ceartais CORI
  • Comhairle Náisiúnta Óige na hÉireann (NYCI)
  • Cumann Náisiúnta na gComharchumann Foirgníochta (NABCO)
  • Comhairle um Thithíocht Shóisialta (ICSH)
  • Cumann Naomh Uinseann de Pól
  • Age Action Ireland
  • Cumann na gCúramóirí
  • The Wheel
  • Cónaidhm na hÉireann um Míchumas
  • Irish Rural Link
  • Parlaimint Sheanóirí na hÉireann
  • An Chomhghuaillíocht um Cheartas do Leanaí
  • Protestant Aid
  • Community Platform
  • Comhairle Náisiúnta na mBan
  • Environmental Pillar
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 20 April 2012

Catagóirí

Leas Sóisialach

Fostaíocht

Oideachas agus Oiliúint

Taisteal agus Áineas

Tithíocht

Ag bogadh tíre

Airgead agus Cáin

Teaghlach agus Caidrimh

Sláinte

Dlí

Gnóthaí Tomhaltóirí

Bás agus Méala

Rialtas in Éirinn

Comhshaol

Find a Citizens Information Centre

Inrochtaineacht

Príobháideachas

Téigh i dteagmháil linn

Séanadh

Faisnéis Earnála Poiblí a Athúsáid