Fostaíonn Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte altraí sláinte poiblí le réimse seirbhísí a chur ar fáil. Bíonn siad lonnaithe go hiondúil in ionaid sláinte go háitiúil agus bíonn ceantar faoi leith faoina gcúram. Cuireann siad seirbhísí ar fáil i dtithe daoine, in ionaid sláinte, in ionaid chúraim lae, in ionaid phobail agus i scoileanna.
Cuireann foirne altraí sláinte poiblí bunchúram altranais ar fáil chomh maith le comhairle agus cúnamh dá n-othair. Cuireann siad altranas riachtanach atá beartaithe ar fáil ag an deireadh seachtaine agus i gcásanna faoi leith, seirbhís altranais do dhaoine atá tinn agus ag fáil báis. Is féidir teacht ar sheirbhísí eile cúraim phobail tríd na haltraí sláinte poiblí.
Bíonn na haltraí sláinte poiblí agus na haltraí cláraithe pobail ag obair in éineacht le Liachleachtóirí Ginearálta, le haltraí i gcleachtais, leis na hospidéil, na hospísí agus le soláthraithe eile seirbhísí sláinte le cinntiú go bhfuil na riachtanais ar fad atá ag othar dhá shásamh ag an tseirbhís sláinte ina iomlán.
Tugann altraí sláinte poiblí cuairt go hiondúil ar leanaí nua saolta agus ar a máithreacha ina mbailte féin.
Seo a leanas na príomhghrúpaí a gcuireann altraí sláinte poiblí seirbhísí ar fáil dóibh:
D'fhéadfadh na hOifigí Sláinte Áitiúla a fhostú le cúnamh a thabhairt don tseirbhís altranais sláinte poiblí cúram pearsanta a thabhairt.
Cuireann cuid de na heagraíochtaí deonacha, mar shampla Cumann Ailse na hÉireann, seirbhísí altranais ar fáil in éineacht nó in áit na seirbhíse altranais sláinte poiblí. I roinnt áiteanna cuireann foirne altranais na hospíse altranas maolaitheach ar fáil. Is féidir teacht ar altranas cúraim mhaolaithigh tríd do Liachleachtóir Ginearálta nó comhairleoir leighis. Tá tuilleadh eolais maidir le cúraim mhaolaithigh ar fáil anseo
D'fhéadfadh sé go mbeadh d'ainm curtha ar aghaidh chuig an altra sláinte poiblí ag do LG nó is féidir leat féin teagmháil a dhéanamh leis an tseirbhís ag an ionad sláinte áitiúil nó tríd d'Oifig Sláinte Áitiúil.
Is iomaí oibleagáid atá le comhlíonadh ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) de bhun Acht Sláinte 1970. Forálann Alt 60 den Acht Sláinte 1970 go soláthróidh FSS seirbhís altranais in aisce dóibh siúd a bhfuil cártaí leighis acu agus do cibé cibé eile daoine agus chun cibé críocha a shonróidh an tAire.
Áirítear leis an tseirbhís altranais saor in aisce seo comhairle agus cúnamh a sholáthar d’othair faoi rudaí a bhaineann lena sláinte agus cabhrú leo má tá siad tinn. Is éard a tharlaíonn de ghnáth ná go gcuireann altraí sláinte poiblí seirbhísí ar fáil do dhaoine scothaosta, do leanaí agus do dhaoine faoi mhíchumas atá ina gcónaí i measc an phobail.