Sábháilteacht agus nimhiú bia
- Réamhrá
- Cad é nimhiú bia?
- Bia neamhshábháilte nó míshásúil
- Conas gearán a dhéanamh faoi nimhiú bia
- Sonraí teagmhála
Réamhrá
Is breoiteacht é nimhiú bia a fhaightear de bharr bia éillithe a ithe.
Má cheapann tú go bhfuil nimhiú bia ort, ba cheart duit teagmháil a dhéanamh le do dhochtúir teaghlaigh (GP) chun comhairle a fháil. Mura bhfuil dochtúir agat, is féidir leat dochtúir teaghlaigh a aimsiú i do cheantar trí úsáid a bhaint as Láithreán Gréasáin Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS).
Mínítear sa doiciméad seo cad é nimhiú bia, cad atá le déanamh má tá amhras ort gur ith tú bia éillithe, agus conas gearán foirmiúil a dhéanamh faoi nimhiú bia nó áitreabh bia neamhshábháilte.
Cad é nimhiú bia?
Tarlaíonn nimhiú bia nuair a itheann tú nó ólann tú bia éillithe. Féadfaidh an bia a bheith éillithe ag baictéir, nó ag ceimiceáin ar a dtugtar ‘tocsainí’. Tá daoine a bhfuil córais imdhíonachta laga acu níos leochailí ó nimhiú bia ná daoine eile.
Is gnách go n-áiríonn comharthaí nimhiú bia:
- Pianta boilg
- Caitheamh aníos
- Fiabhras
- Buinneach
Is féidir leat faisnéis a fháil ar conas comharthaí nimhiú bia sa bhaile a chóireáil ar Láithreán Gréasáin FSS.
Léigh faoi conas nimhiú bia a chosc sa bhaile, lena n-áirítear:
- Conas bia a stóráil go sábháilte sa chuisneoir agus sa reoiteoir
- Conas bia a ullmhú go sábháilte
- Conas bia reoite a dhíleá i gceart
- Conas sláinteachas cistine maith a choinneáil
Bia neamhshábháilte nó míshásúil
Tá bia neamhshábháilte nó míshásúil má:
- Bhíonn caitheamh aníos, buinneach nó pianta boilg mar thoradh air
- Tá rud eachtrach ann, mar shampla gloine, feithidí, nó gruaig
- Tá sé truaillithe ag ceimiceáin, mar shampla dhíghalráin nó glantaigh
- Tá drochbhlas nó boladh air
Má d’ith tú nó má cheannaigh tú bia atá neamhshábháilte, tá sé de cheart agat gearán foirmiúil a dhéanamh.
Féadfaidh tú gearán a dhéanamh freisin má tá tú míshásta leis an sláinteachas in áitreabh bia, lena n-áirítear ollmhargadh nó bialann.
Má tá rud éigin cearr le bia a tugadh duit
Agus tú ag ithe sa bhialann
Ná glac le béile i mbialann nó i gcaifé má cheapann tú go bhfuil sé míshásúil. Ina áit sin, ba chóir duit é a sheoladh ar ais nó béile úr ar phláta glan a iarraidh.
Cuimhnigh go gcaithfear bia te a bheith te bruite.
Ó bhialann beir-leat
Má cheapann tú go bhfuil rud éigin cearr le do bhéile beir leat, ná hith é.
Más mian leat gearán foirmiúil a dhéanamh, féach Conas gearán a dhéanamh faoi nimhiú bia thíos.
B’fhéidir gur mhaith leat an bia amhrasta a stóráil i gcoimeádán séalaithe sa chuisneoir go dtí go bhféadfaidh na húdaráis é a scrúdú. Féach Anailís ar shamplaí bia thíos.
Má tá rud éigin cearr le earraí grósaera cheannaigh tú
Déan nóta de cathain agus cá háit a cheannaigh tú an táirge.
Ba cheart duit nóta a dhéanamh freisin maidir le cathain a d’oscail tú an bia ar dtús, agus cathain a thug tú faoi deara den chéad uair go raibh fadhb ann.
Ná bain aon earraí eachtracha, mar phlaisteach nó ghruaig, ón táirge.
Coinnigh na lipéid agus an pacáistiú ábhartha go léir.
Conas gearán a dhéanamh faoi nimhiú bia
Féadfaidh tú gearán foirmiúil a dhéanamh faoi nimhiú bia trí theagmháil a dhéanamh le d’Oifigeach Sláinte Comhshaoil áitiúil nó trí theagmháil a dhéanamh le hÚdarás Sábháilteachta Bia na hÉireann (FSAI).
Déan teagmháil le d’Oifigeach Sláinte Comhshaoil áitiúil
Déanann Oifigigh Sláinte Comhshaoil FSS imscrúdú ar ghearáin sábháilteachta bia.
Má cheapann tú go bhfuil nimhiú bia ort, ba chóir duit teagmháil a dhéanamh le d’Oifigeach Sláinte Comhshaoil áitiúil le:
- Ainm agus seoladh na bialainne nó an ollmhargaidh
- Do ghearán - ba cheart duit an oiread sonraí agus is féidir a sholáthar
Déan teagmháil le hÚdarás Sábháilteachta Bia na hÉireann
Féadfaidh tú foirm ghearáin a chomhlánú ar Láithreán Gréasáin FSAI. Tá an fhoirm seo faoi rún agus ní roinnfear í leis an mbialann nó leis an siopa a bhfuil tú ag gearán faoi.
Seolfaidh an FSAI d’fhoirm chomhlánaithe chuig Oifigeach Sláinte Comhshaoil FSS a dhéanfaidh imscrúdú ansin ar do ghearán.
Is féidir leat an FSAI a ghlaoch freisin ar Íosghlao 1890 336677.
Anailís ar shamplaí bia
Déanann an tSaotharlann Anailísithe Poiblí anailís ar shamplaí bia má tá gearán ann.
Ní ghearrtar aon táille air seo má chuirtear an gearán isteach trí Oifigí na Seirbhíse Sláinte Comhshaoil. Tá táille ar anailís ar shamplaí bia má chuireann tú samplaí isteach go díreach chuig an tsaotharlann.
Sonraí teagmhála