Cuireann Liachleachtóirí Ginearálta (LG) seirbhísí ar fáil saor in aisce do Shealbhóirí Chartaí Leighis. Déanann na Liachleachtóirí Ginearálta, a ghlacann páirt sa scéim Seirbhísí Ginearálta Leighis (SGL), conarthaí le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte maidir le seirbhísí a sholáthar.
De ghnáth, is féidir leis na hothair a ndochtúir féin a roghnú ó phainéal na ndochtúirí a bhaineann leis an scéim, ar chuntar go bhfuil an dochtúir sásta iad a ghlacadh mar othair. Go ginearálta, ba cheart do do dhochtúir féin na seirbhísí a chur ar fáil ach tá socruithe i bhfeidhm i gcás éigeandála agus i gcás daoine a fhágann an ceantar.
Ní mór do na dochtúirí cúram a chur ar fáil d'othair chartaí leighis sa chaoi chéanna is a chuireann siad cúram ar fáil d'othair phríobháideacha.
Nuair a dhéanann tú iarratas ar chárta leighis chuig d'Oifig Sláinte Áitiúil, cuirtear liosta dochtúirí maraon le Foirm Ghlactha Dhochtúra ar fáil duit. Ansin, is féidir leat dochtúir a roghnú ón liosta, iarraidh ar an dochtúir an Fhoirm Ghlactha a shíniú agus í a sheoladh ar ais chuig an Oifig Sláinte Áitiúil. De ghnáth, caithfidh tú dochtúir a roghnú a bhfuil a Áras dochtúra laistigh de 7 míle ó do theach féin ach amháin mura bhfuil dochtúir ar bith laistigh den limistéar sin.
D'fhéadfadh sé tarlú nach mbeadh an dochtúir sásta othair nua a ghlacadh, mar shampla, má tá an iomarca othar aige nó aici cheana féin - de ghnáth ní cóir go mbeadh níos mó ná 2,000 othar SGL ag dochtúir. Mura bhfuil tú in ann teacht ar dhochtúir a bheadh sásta tusa a ghlacadh mar othar tar éis do thriúr liachleachtóirí ginearálta seirbhís a dhiúltú duit, déanfaidh Feidmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) dochtúir a shannadh duit.
Taispeánann an cárta leighis d'ainm, do dháta breithe agus d'uimhir PSP maraon leis an dáta ar a dtéann an cárta in éag má éisítear do chárta ar feadh tréimhse teoranta. Más mian leat dochtúir a athrú, caithfidh tú foirm dhochtúra a chomhlánú (ar fáil ón Oifig Sláinte Áitiúil) ag sonrú an dochtúra nua.
Eisítear roinnt cartaí leighis ar feadh tréimhse teoranta agus taispeántar dáta áthbhreithnithe ar an gcárta. De ghnáth, ciallaíonn sé sin go ndéanfaidh an FSS athscrúdú chun fáil amach an bhfuil tú i dteideal cárta. De ghnáth ní bhíonn dochtúir le roghnú arís.
Sonraíonn conradh an Liachleachtóra Ghinearálta leis an FSS an réimse seirbhísí a gcaithfidh an dochtúir a sholáthar i gcomhair sealbhóirí chártaí leighis. Tríd is tríd, ba cheart na seirbhísí seo a sholáthar ag an leibhéal céanna agus ar aon bhonn leis na seirbhísí d'othair phríobháideacha an LG. Ciallaíonn sé sin, mar shampla go mba cheart go mbeadh uaireanta clinic mar an gcéanna do na hothair go léir maraon le saoráid chuairteanna baile, srl.
I measc na seirbhísí a gcaithfidh an LG a sholáthar do shealbhóirí chartaí leighis tá:
Tá seirbhísí áirithe ann nach bhfuil iallach ar LG a sholáthar saor in aisce, mar shampla, teisteanna súl i gcomhair ceadúnais tiomána nó árachais saoil.
Ní mór do na LG atá páirteach sa scéim SGL seirbhísí éigeandála cuí a sholáthar nó socruithe a chur i bhfeidhm don soláthar sin dá othair a bhfuil cártaí leighis acu. D'fhéadfadh córais de réir oird a bheith ann d'fhonn socruithe croschumhdacha dhochtúirí a sholáthar lasmuigh de thráthanna oifige.
Má aistríonn tú go dtí limistéar FSS nua, caithfidh tú iarratas a athdhéanamh ar chárta nua leighis le foirm ghlactha nua ón dochtúir. Fanann an cárta leighis atá ann bailí ar feadh trí mhí. Ba cheart duit socruithe a dhéanamh leis an Oifig Sláinte Áitiúil sa cheantar nua chun teacht ar sheirbhísí i rith na trí mhí úd.
Ba cheart iarratas ar chárta a dhéanamh chuig d'Oifig Sláinte Áitiúil. Tabharfaidh siad liosta duit de na dochtúirí a ghlacann páirt sa scéim SGL.