Tríd an scéim seo is féidir le hÚdaráis Áitiúla tithe príobháideacha a fheabhsú nó a mhéadú in áit tithe a chur ar fáil. Tá sé ar fáil do:
Má tá tú ina theideal, déanfaidh an t-údarás áitiúil an obair le fáil réidh le lochtanna ar an teach nó le seomraí codalta breise a chur ar fáil. Íocfaidh an tÚdarás Áitiúil costas iomlán na hoibre agus beidh táille le n-íoc agat leis an Údarás ar feadh tréimhse nach faide ná 15 bliain. Má bhíonn costas iomlán na hoibre íoctha agat leis an údarás i dtréimhse níos giorra ná 15 bliain cuirfear deireadh leis an táille.
Beidh an táille seo bunaithe ar an scéim cíos difreálaigh agus mar sin tá sé bunaithe ar d'acmhainní.
D'fhéadfá a bheith intofa má/s:
Cuirfidh an tÚdarás Áitiúil an phráinn a bhaineann le do chás san áireamh agus chomh éifeachtach ó thaobh costais a bheadh sé agus iad ag déanamh cinneadh ar do theach nó teach do ghaol a fheabhsú.
Is féidir an teach a dhíol ag am ar bith. Ach, má dhéanann tú sin taobh istigh den tréimhse cúig bhliain déag nó roimh costas na hoibre a bheith íoctha ar ais agat, beidh ort aisíocaíocht a dhéanamh leis an Údarás Áitiúil.
Déan teagmháil leis an Údarás Áitiúil.